NUACHT IDIRNÁISIÚNTA: Ní raibh sí ainnis ar fad ach bhí sí sách gránna: súil siar ar 2017

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar 2017, bliain nach raibh baileach chomh holc agus a ceapadh ag a tús ach a bhí sách gránna mar sin féin  

NUACHT IDIRNÁISIÚNTA: Ní raibh sí ainnis ar fad ach bhí sí sách gránna: súil siar ar 2017

Tá seanfhocal i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, a oireann go seoigh don bhliain 2017 ó thaobh na nuachta idirnáisiúnta de – ‘De soep wordt nooit zo heet gegeten als zij wordt opgediend.’ 

‘Ní ag an teocht a thugtar chun boird é a itear an t-anraith.’

Is é sin le rá: ní bhíonn cúrsaí riamh baileach chomh dona agus a cheaptar ar dtús.

B’fhíor sin i mbliana.

An t-am seo anuraidh, bhí Cailleach an Uafáis i réim i seomraí nuachta ar fud na cruinne. Bhí Donald Trump díreach tofa ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Bhíothas ag tuar go mbeadh bua mór ag an nua-fhaisisteachas ar mhór-roinn na hEorpa. Bhí scamall an Bhreatimeachta os cionn an Aontais Eorpaigh.

Bhuel. Tá a chéad bhliain sa Teach Bán curtha de ag Trump agus cé gur beag lá a chuaigh thart ó shin nár mhaslaigh sé Moslamaigh, mionlaigh eile nó go deimhin mná, cé gur tharraing sé amach as conradh aeráide Phárais agus cé gur bhagair sé cogadh ar an gCóiré Thuaidh cúpla babhta, caithfear a admháil gur choinnigh reachtaíocht láidir na Stát smacht ar an gcuid is measa de phleananna Trump, go labhraíonn cuid mhór Mheiriceánach amach ina choinne go neamhbhalbh agus go rialta, agus nár chuir an Trumpach tús le haon chogadh fós.

San Eoraip, bhíothas ag ceapadh go n-éireodh le páirtithe na heite fíor-dheise bua mór a bhaint amach in olltoghcháin san Ísiltír, sa Fhrainc agus sa Ghearmáin. Ach fuair Mark Rutte, Emmanuel Macron agus Angela Merkel an lámh in uachtar ar Geert Wilders, Marine Le Pen agus Frauke Petry. Le lucht lár an speictrim pholaitiúil a bhí an lá sa deireadh, cé gur mithid a admháil gur bhog lár an speictrim pholaitiúil ar dheis. 

Scéal eile a raibh scéal chailleach an uafáis á dhéanamh faoi i mbliana ná iarrachtaí na Catalóine neamhspleáchas a bhaint amach ón Spáinn. Chuaigh rudaí ó smacht i mí Dheireadh Fómhair nuair a rinne údaráis na Spáinne iarracht bhrúidiúil reifreann um neamhspleáchais a chosc. Níorbh fhada nó bhí cogadh cathartha á thuar ag tráchtairí áirithe, ach chiúnaigh cúrsaí síos ó shin agus cé go maireann an t-aighneas tá an scéal imithe as na ceannlínte ó shin.

Scéal nár imigh as na ceannlínte ar feadh oiread agus lá amháin i mbliana ná an Breatimeacht. Ba léir do chuile dhuine – ach amháin dóibh féin, is cosúil – go raibh praiseach á déanamh ag Theresa May agus a cuid comhghleacaithe den rud ar fad. Cé gur deineadh roinnt dul chun cinn i mí na Nollag maidir leis an teorainn ar oileán na hÉireann agus cearta na saoránach Eorpacha sa Ríocht Aontaithe, ní léir d’éinne cén deireadh a bhéas ag an scéal agus is cinnte gur chuir an éiginnteacht sin go mór leis an míshuaimhneas a bhí forleathan san Eoraip i 2017.

Níorbh thada é an míshuaimhneas sin san Eoraip, ar ndóigh, i gcomparáid leis an bhfulaingt sa tSiria, áit a leanann an cogadh cathartha ar aghaidh. Agus an t-alt seo á scríobh, bhí isteach is amach le 30,000 duine tar éis bás a fháil i gcogadh cathartha na Siria i mbliana.

Fuair níos mó ná a dhá oiread sin daoine bás i bhforéigean uirbeach na Brasaíle sa tréimhse chéanna.

San Áise, theith na céadta míle Rohingya, pobal Moslamach a bhfuil géarleanúint á déanamh orthu i Maenmar, thar teorainn go dtí an Bhanglaidéis. Cuireadh glanadh eitneach i leith arm Mhaenmar agus cáineadh ceannaire de facto na tíre Aung San Suu Kyi go géar toisc nach ndearna sí tada chun an ghéarleanúint a chosc.

Thrasnaigh os cionn 160,000 duine an Mheánmhuir i mbliana ar a dteitheadh ó chogadh agus ó chruatan. Fuair os cionn 3,000 eile bás san iarracht.

Maraíodh na mílte in eachtraí sceimhlitheoireachta ar fud an domhain. Buamáil a tharla i Mogadishu, príomhchathair na Somáile, i mí Dheireadh Fómhair, an eachtra ba mharfaí i mbliana. Maraíodh 358 nduine agus leonadh 400 san ionsaí sin. Mí go leith ina dhiaidh sin, fuair 309 duine bás agus gortaíodh 128 nuair a rinne fir ghunna ionsaí ar mhosc san Éigipt. 

Cé gur cuireadh na scórtha den saol in ionsaithe i Manchain, in Barcelona agus i gcathracha eile san Iarthar, arís eile is i dtíortha Moslamacha ba mhó a fuair daoine bás in eachtraí sceimhlitheoireachta i mbliana.  

Bhí leisce ar na meáin ‘sceimhlitheoir’ a thabhairt ar Stephen Paddock, fear geal a dhúnmharaigh 58 nduine agus a ghortaigh 546 eile in eachtra lámhaigh in Las Vegas. Ach céard eile a thabharfá ar a leithéid? Ba é seo an eachtra lámhaigh ba mheasa dár tharla sna Stáit Aontaithe riamh, ach níl pioc déanta fós chun srian a chur le húinéireacht gunnaí sa tír sin.

I mí an Mheithimh, tharraing na Stáit Aontaithe amach as Comhaontú Phárais, conradh idirnáisiúnta a síníodh dhá bhliain ó shin d’fhonn srianta a chur leis an athrú aeráide. Nach mór trí mhí ina dhiaidh sin, ag deireadh Lúnasa, bhuail an spéirling Harvey cathair Houston agus an ceantar máguaird. Fuair 90 duine bás agus rinneadh damáiste arbh fhiú nach mór 200 billiún dollar é. Mí ina dhiaidh sin arís, fuair 134 duine bás agus rinneadh damáiste mór millteach nuair a bhuail spéirling Irma an Mhuir Chairib agus Florida. Tháinig spéirling Maria sna sála uirthi agus mharaigh 547 nduine, an chuid is mó acu sin ar oileán Pórtó Ríce, ar cuid neamhchorpraithe de na Stáit Aontaithe é.

Dheimhnigh saineolaithe go bhfuil dlúthbhaint idir na tubaistí sin agus athrú aeráide. Bhí spéirlingí ann ariamh, ach níos measa atá siad ag éirí de réir mar atá farraigí an domhain ag téamh. 

Athrú aeráide ba chúis, freisin, leis an triomacht neamhghnách a rinne brosna d’fhoraoiseachta giúise leithinis na hIbéire. San iomlán, maraíodh os cionn céad duine i dtinte foraoiseacha tubaisteacha a tharla sa Phortaingéil agus sa Spáinn i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair.

D’fhéadfadh tráchtairí idirnáisiúnta brath ar Kim Jong-un ábhar colúin a sholáthar dóibh go rialta i mbliana. Mura mbíodh diúracán fadraoin á thástáil ag an gCóiré Thuaidh, bhíodh trialacha ar bun le buama hidrigine nó gléas éigin eile a d’fhéadfadh an domhan a scrios. Ar ndóigh, bhí bagairt an ollscriosta ag baint le hiompar Donald Trump freisin agus tá scáil an chogaidh núicléach os ár gcionn ó shin.

Scéal nuachta nach raibh coinne ag mórán leis – léiriú ar neamhaird na meán ar an Afraic an méid sin féin – ná an coup d’état a tharla sa tSiombáib i mí na Samhna agus a chuir deireadh le réimeas conspóideach Robert Mugabe, a bhí i gceannas ar an tír sin ó bhí 1980 ann. Tháinig Emmerson Mnangagwa i gcomharbacht air. Cén tairbhe an t-athrú cumhachta sin do thír atá céasta ag calaois, caimiléireacht agus coireanna i gcoinne chearta an duine? Beidh le feiceáil. 

Ach ní drochscéalta uilig a bhí ann i mbliana. 

San Astráil, ceadaíodh an pósadh comhghnéis.  Tá cearta á n-éileamh, agus á bhfáil i dtíortha ceannródaíocha áirithe, ag daoine trasinscneacha.  

Agus bhí an feachtas #MeToo ann. Cé gur tháinig slám scéalta uafáis faoi chiapadh gnéis chun solais, ba chúis mhisnigh agus ábhar dóchais do mhná agus fir ar fud an domhain an feachtas céanna. B’iontach an rud é dá mbeadh buantoradh dearfach air.

Ach an gcuirfear an dlí ar an bhfear a dúirt faoi mhná gur chóir ‘greim a bhreith ar an bpit orthu’, fear ar chuir 16 ban ina leith go ndearna sé ciapadh gnéis orthu? Chaithfí an fear céanna a tháinseamh ar dtús.

An mairfidh Donald Trump sa Teach Bán bliain eile? 

Sin ceann de na ceisteanna a dhéanfar a chíoradh i Súil Chun Cinn ar 2018, a fhoilseofar ar na leathanaigh seo an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'NUACHT IDIRNÁISIÚNTA: Ní raibh sí ainnis ar fad ach bhí sí sách gránna: súil siar ar 2017'

  • seán Míchaél Ó Donnchadha

    Alt tomhaiste mar is gnáth ó Alex, maith tú.

  • Pól Réamonn

    Agus ná déan dearmad ar an nuacht is tábhachtaí de 2017.

    Déanfar athnuachan ar Mr. Robot do séasúr eile.

    D’fhan mé go mífhoighneach as an nuacht ach tá an scéal seo an bhronntanas Nollag is mó a fuair mé riamh.

    Athbhliain faoi mhaise daoibh, a chairde agus go raibh maith agat as alt mór eile, a Alex.