No Béarla! Fotheidil roghnacha ag TG4 den chéad uair riamh

Tá deireadh á chur le fotheidil dhóghreanta Bhéarla ar ‘Ros na Rún’ agus beidh rogha ag lucht féachana an tsobalchláir na fotheidil Bhéarla a chur ar siúl nó a fhágáil múchta

No Béarla! Fotheidil roghnacha ag TG4 den chéad uair riamh

Beidh rogha ag lucht féachana an tsobalcháir Ros na Rún breathnú ar an gclár gan aon fhotheidil Bhéarla ó thús an tséasúir nua, a thosóidh arís amárach ar TG4.

Ní bheidh na fotheidil ghreanta Bhéarla, a bhíonn ar nach mór gach uile chlár Gaeilge a chraoltar ar TG4, le feiceáil ar an scáileáin nuair a chraolfar an sobalchlár Dé Máirt agus Déardaoin. Cé go mbíonn fotheidil roghnacha ar chláir áirithe ar líne ag TG4 seo an chéad uair i stair an stáisiúin go bhfuil na fotheidil Bhéarla mar ‘rogha’ ar chraoladh teilifíse.

Beidh na fotheidil ann Dé Domhnaigh ar Ollchlár Ros na Rún, athchraoladh an dá chlár a chraoltar i rith na seachtaine.

Beidh lucht féachana gan Ghaeilge in ann breathnú ar na fotheidil amárach agus Déardaoin más maith leo é sin a dhéanamh freisin.

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 gur “ghoill sé ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu” nárbh fhéidir leo “an pictiúr iomlán teilifíse a fheiceáil” mar gheall ar na fotheidil, ach gur chinntigh an socrú a bhí ann go dtí seo gur freastalaíodh ar an “uile dhuine” sa lucht féachana.

Dúirt Pádhraic Ó Ciardha,  Leascheannasaí an stáisiúin Gaeilge, gur “céim shuntasach chun tosaigh” é seo agus go sásóidh sé “mianta agus riachtanais gach cuid den lucht féachana”.

“Tá mar aidhm ag gach craoltóir poiblí friotháil go cóir cothrom ar gach cuid den lucht féachana agus seo réiteach stuama simplí ar dhúshlán suntasach a bhí ag goilliúint orainn le fada.

“D’éirigh linn an rogha seo a bhunú ar líne anuraidh ach seo anois é á fheidhmiú againn ar an gcraoladh teilifíse chomh maith.  Is breá linn go mbeidh ar chumas gach éinne sa lucht féachana teilifíse an leagan fotheideal de Ros na Rún is ansa leis a fheiceáil feasta,” a dúirt sé.

Is ceist achrannach í ceist na bhfotheideal ar TG4 ó bunaíodh an stáisiúin os cionn 20 bliain ó shin agus is minic croíphobal an stáisiúin ag gearán faoin bpolasaí fotheidil Bhéarla dóghreanta a chur ar chláir Ghaeilge a chraoltar ar TG4.

Fág freagra ar 'No Béarla! Fotheidil roghnacha ag TG4 den chéad uair riamh'

  • Brian O Meallain

    Dea-scéal, ar ndóigh. Ach ba chóir fó-theidil Ghaeilge a bheith ar fáil. Is iomaí an duine a bhfuil Gaeilge líofa aige, gan taithí ar an gcanúint a labhraíotar ar an gclár sin. Bíonn sé ana-thopaig freisin, agus bheadh sé mar urlais -cúnamh teagaisc. Tá a leitheid ar fáil sa Bhreatain Bheag, agus is mór an cúnamh don té a bhíonns ag foghlaim na teanga ansin.

  • Jack

    Aontaím le Brian Thuas

  • Con

    Ceim mhor chun cinn agus is beart fonta e. Cuirigh cluais oraibh fein agus tiocfaidh an chanuint libh i bhfad na haimsire.

  • Brian-less

    Thar am! Aontaím le Brian is Jack thuas.

  • Séamas Mac Coitir.

    A chara.
    Tá an scéal thar a bheith casta maidir leis na fotheidil sa sobaldráma “Ros na Rún.” Tá an Ghaeilge ar mo thoil agamsa, agus caithfidh mé a rá go macánta go bhfuil líon áirithe de na haisteoirí go bhfuil sé ionann is dodhéanta iad a thuiscint, mar go mbíonn siad ag mungailt a gcuid cainte! Mar sin, is léir dom gan aon agó, nach ndéanann siad iarracht ar bith na focail a dhealú ó chéile sa chaint! Dá bhrí sin, níl rogha ón réiteach, ach na fotheidil a fhágail in situ mar a bhíodar go dtí seo. Is líonmhaire go mór an lucht féachana le beagán Gaeilge, ná an líon daoine go bhfuil Gaeilge líofa acu. Sin é mo bhreithiúnas ar an bhfadhb sa chás seo, agus tá a fhios agam go rímhaith nach lia duine ná barúil.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    An-scéal é seo ach, más féidir é a chur i bhfeidhm le Ros na Rún, cad faoi na cláracha eile?

  • Braoin

    Thar cionn uilig an rogha sin a chur ar fáil. Beidh mé in ann tosú ag breathnú ar Ros na Rún anois. Dá ndéanfaí an rud céanna le cláracha eile, d’fheicfinn féin i bhfad éireann níos mó ar TG4.