Níos mó daltaí faoi mhíbhuntáiste sa chóras lán-Ghaeilge ó thuaidh, ach torthaí níos fearr acu

Deirtear i dtuairisc ina ndéantar iniúchadh ar an oideachas lán-Ghaeilge go n-éiríonn níos fearr le daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge, i gcomparáid le scoileanna Béarla

Níos mó daltaí faoi mhíbhuntáiste sa chóras lán-Ghaeilge ó thuaidh, ach torthaí níos fearr acu

Éiríonn le daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann torthaí níos fearr a fháil ina gcuid scrúduithe i gcomparáid le daltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla, in ainneoin go bhfuil líon ard de na scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.

Deirtear i dtuairisc ina ndéantar iniúchadh ar an oideachas lán-Ghaeilge go mbíonn torthaí “an-dearfach” ag daltaí a bhíonn á dteagasc trí Ghaeilge ag an dara leibhéal agus go bhfuil “ag éirí níos fearr leis na daltaí lán-Ghaeilge, sna scoileanna agus sna haonaid, i gcomparáid lena bpiaraí a fhreastalaíonn ar chláir trí Bhéarla”.

Tá an tátal sin ina chuid de thuairisc a réitigh SEALBHÚ, lárionad taighde DCU um fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge, don Roinn Oideachais ó dheas mar chuid d’ullmhú polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá cóip den tuairisc faighte ag Tuairisc mar chuid d’iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise faoi réiteach an pholasaí nua.

Rinne na taighdeoirí iniúchadh ar mhúineadh mionteangacha i ndeich gcinn de dhlínsí a bhfuil cosúlachtaí eatarthu agus cás na hÉireann.

Bhí múineadh na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, na Bascaise sa Spáinn agus na Maoraise sa Nua-Shéalainn i measc na samplaí a ndearnadh staidéar orthu, chomh maith le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), bhí breis is 7,000 páiste agus duine óg ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann in 2022-23, idir réamhscoileanna, bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.

Léiríodh go bhfuil céatadán níos airde scoláirí ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ná ar scoileanna Béarla.

Ag leibhéal na hiarbhunscoile, bhí 37% de na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste, i gcomparáid le 25% i scoileanna Béarla, ach bhí ag éirí níos fearr leis na daltaí lán-Ghaeilge sna scrúduithe A leibhéal ina ainneoin sin.

“Ag A leibhéal éiríonn le líon níos airde de scoláirí lán-Ghaeilge níos mó ná trí A leibhéal Grád A-C (54.9%) a bhaint amach i gcomparáid le scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna meán-Bhéarla (52.2%),” a deirtear sa tuairisc.

Bhí na torthaí a baineadh amach sna scrúduithe GCSE mórán mar a chéile agus 75% de dhaltaí lán-Ghaeilge ag baint Gráid A-C amach i gcomparáid le 76% de dhaltaí in iar-bhunscoileanna lán-Bhéarla.

“D’fhéadfaí a léamh ar na sonraí seo go bhfuil córas an-éifeachtach i bhfeidhm sna scoileanna go háirithe nuair a thugtar san áireamh go bhfuil líon ard de na scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste,” a deirtear.

Is in aonaid Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla a bhí 22% de na daltaí a fuair oideachas lán-Ghaeilge ó thuaidh anuraidh.

Cé go n-aithnítear “go mbíonn imní ar oideachasóirí faoi chur chun cinn na Gaeilge sna haonaid”, deirtear freisin gur bealach maith na haonaid le maoiniú a chinntiú a bhféadfaí tógáil air le scoil lán-Ghaeilge a bhunú, “cé nach mbaintear an aidhm sin amach go hiondúil”.

Luaitear freisin na dúshláin a bhíonn ag baint leis na haonaid lán-Ghaeilge maidir le roinnt foirne agus áiseanna leis an mórshruth Béarla.

Deirtear sa tuairisc go bhfuil “ardleibhéal sástachta” leis an oideachas lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, idir thuismitheoirí agus dhaltaí, agus go meastar go bhfuil “buntáistí oideachasúla, cultúrtha agus sóisialta” ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge.

I measc na ndúshlán atá le sárú sa chóras, áfach, deirtear go bhfuil breis forbartha gairmiúla ag teastáil ó mhúinteoirí, go bhfuil áiseanna teagaisc nua ag teastáil agus gur gá breis tacaíochta a chur ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Moltar forbairt a dhéanamh freisin ar an gcomhoibriú Thuaidh/Theas trí eagraíochtaí ar nós Foras na Gaeilge, an tÁisaonad agus COGG chun cur leis na háiseanna digiteacha atá ar fáil, leis an soláthar  múinteoirí agus leis an tacaíocht atá ar fáil do dhaltaí le riachtanais bhreise.

Maítear sa tuairisc go bhfuil múineadh na Breatnaise sa Bhreatain Bheag ar cheann de na samplaí is mó gur féidir foghlaim uathu mar go bhfuil líon ard scoileanna tumoideachais ansin.

Deirtear go bhfuil “borradh as cuimse tagtha” ar an tumoideachas sa Bhreatain Bheag dóibh siúd nach bhfuil an Bhreatnais mar chéad teanga acu.

Meastar go bhfuil ceachtanna le foghlaim ón ról a thugtar don údarás áitiúil oideachais maidir le riaradh agus bainistiú an chórais ag an leibhéal áitiúil. Níl a mhacasamhail de struchtúr in Éirinn agus deirtear mar sin go gcaithfí a bheith an-soiléir sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi cé a bheadh freagrach as na gnéithe éagsúla den pholasaí a chur i bhfeidhm. Moltar beartais chinnte a leagan síos d’fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge “a bheidh spriocdhírithe agus inmheasta” agus a chuirfí i bhfeidhm de réir teorainn ama.

Luaitear go bhfuil “scéimeanna tacaíochta suimiúla ar fáil” chun tacú le múinteoirí cumas a bhaint amach sa Bhreatnais nó cur lena gcumas agus moltar deontais agus scoláireachtaí a chur ar fáil in Éirinn chun múinteoirí atá ag teagasc i scoileanna lán-Bhéarla a oiliúint le teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge dá mba mhian leo. Moltar freisin bliain shabóideach agus tréimhsí foghlama Gaeilge do mhúinteoirí ar mhaith leo teagasc trí Ghaeilge.

I measc na moltaí eile sa tuairisc, deirtear gur gá cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge a fhorbairt “le cur leis an éileamh atá ar an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge”.

Fág freagra ar 'Níos mó daltaí faoi mhíbhuntáiste sa chóras lán-Ghaeilge ó thuaidh, ach torthaí níos fearr acu'