Níos lú daltaí Ardteiste ag déanamh scrúdú Gaeilge ná aon ábhar eile

Chinn leath de na daltaí a bheidh ag tabhairt faoi scrúduithe na hArdteiste gan aon scrúdú traidisiúnta a dhéanamh sa Ghaeilge

Níos lú daltaí Ardteiste ag déanamh scrúdú Gaeilge ná aon ábhar eile

Tá roghnaithe ag leath de dhaltaí Ardteiste na bliana seo gan scrúdú traidisíunta sa Ghaeilge a dhéanamh i mbliana, céatadán níos airde ná aon ábhar eile.

Cuirfear tús le scrúduithe na hArdteiste inniu agus 55,000 dalta ag tabhairt faoi scrúduithe idir seo agus deireadh mhí an Mheithimh.

De réir staitisticí atá curtha ar fáil ar Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC), tá céatadán na ndaltaí atá ag fáil grád ríofa agus ag déanamh scrúdú tradisiúnta chomh maith níos ísle i gcás na Gaeilge ná mar atá i gcás aon ábhar eile.

Den 50,708 a rinne cúrsa Gaeilge na hArdteiste i mbliana, roghnaigh 24,106 díobh, nó 48%, gan an scrúdú a dhéanamh agus dul i muinín an mharc a bhronnfaidh a múinteoir Gaeilge orthu.

Chinn 68% de na daltaí Ardteiste atá ag déanamh an Bhéarla an scrúdú a dhéanamh agus grád ríofa a fháil, 73% a bhí i gceist sa mhatamaitic agus 63% sa Fhraincís.

Níor roghnaigh ach 281 dalta an scrúdú Gaeilge a dhéanamh agus gan grád ríofa a fháil, níos lú ná 1%.

Roghnaigh 25,335 dalta, 50%, grád ríofa amháin a fháil agus gan an scrúdú a dhéanamh.

 Thug 38% de dhaltaí le fios níos luaithe i mbliana nach raibh sé i gceist acu an scrúdú traidisiúnta Gaeilge a dhéanamh ach is léir gur roghnaigh tuilleadh daltaí gan an scrúdú a dhéanamh nuair a tugadh deis eile dóibh a gcinneadh a athrú an mhí seo caite.

Ba é LCVP (40%) an dara hábhar is coitianta inar roghnaigh daltaí gan scrúdú a dhéanamh. 34% a bhí i gceist leis an bhFraincis, 28% a bhí i gceist leis an Spáinnis agus 35% a bhí ann i gcás na Gearmáinise.

Má roghnaíonn dalta grád measta a fháil agus an scrúdú a dhéanamh, beidh cead acu an marc is airde acu a roghnú.

Níl béaltriail ná cumas labhartha na Gaeilge san áireamh sna gráid mheasta atá le bronnadh ar dhaltaí. Ní dhearna ach na daltaí a roghnaigh an scrúdú traidisiúnta an scrúdú cainte, a reáchtáladh mí Aibreáin.

Tabharfaidh daltaí faoi Pháipéar 1 sa scrúdú Gaeilge Dé Luain seo chugainn, an 14 Meitheamh agus beidh Páipéar 2 ann an lá dár gcionn, Dé Máirt an 15 Meitheamh.

Tá roghnaithe ag 90% de na daltaí Ardteiste scrúdú a dhéanamh in ábhar amháin, ar a laghad, an mhí seo agus beagnach 40,000 dalta atá ag tabhairt faoi scrúduithe i gcúig ábhar nó níos mó.

Reáchtálfar scrúduithe na hArdteiste go dtí an 29 Meitheamh i 780 iarbhunscoil ar fud na tíre. D’fhógair an rialtas mí Feabhra nach reáchtálfaí scrúduithe an Teastais Shóisearaigh i mbliana mar thoradh ar an bpaindéim Covid-19.

Fág freagra ar 'Níos lú daltaí Ardteiste ag déanamh scrúdú Gaeilge ná aon ábhar eile'

  • Edel

    Agus nach n-insíonn sé sin dúinn cé chomh dúshlánach is atá an cúrsa Gaeilge? Táim tinn tuirseach de sin a rá thar na blianta. Ní éisteann duine ar bith..

    Múinteoir Gaeilge

  • Antóin

    32% de na daltaí Ardteiste a roghnaigh gan an scrúdú Béarla a dhéanamh! Tá sé sin sách ard, déarfainn.

  • Bríd

    Léiriú eile ar thionchar na bpointí bónais sa Mhata!

  • Paula

    Tá na huimhreacha seo lochtach. Tá go leor dalta a chláraigh chun scrúduithe áirithe a dhéanamh mí ó shin ach nach ndéanfaidh iad ar an lá – 20% níos lú a thug faoin scrúdú béarla i mo scoilse inné ná mar a bhí cláraithe. Ach maidir leis an nGaeilge, déarfainn go bhfuil na daltaí a chlaraigh chun an scrúdú sin a dhéanamh níos cinnte faoi nuair a rinne siad an cinneadh sin. Mar sin, ní fiú na huimhreacha sealadacha seo a phlé, ba chóir dúinn fanacht go bhfuil na huimhreacha cearta ar fáil againn.
    Rud eile, TÁ cumas labhartha na ndaltaí san áireamh sa ghráid mheasta – de réir na treoracha, bhí ar mhúinteoirí gach gné de gach ábhar a thabhairt san áireamh.