Cinneadh déanta ag beagnach 40% de dhaltaí gan aon scrúdú Gaeilge a dhéanamh don Ardteist

Is féidir le daltaí atá ag déanamh na hArdteiste an samhradh seo scrúduithe a dhéanamh nó gráid mheasta a fháil nó an dá rud a dhéanamh

Cinneadh déanta ag beagnach 40% de dhaltaí gan aon scrúdú Gaeilge a dhéanamh don Ardteist

Chinn beirt as gach cúigear atá ag déanamh na hArdteiste i mbliana gan scrúdú scríofa Gaeilge a dhéanamh.

Is féidir le daltaí atá ag déanamh na hArdteiste an samhradh seo scrúduithe a dhéanamh nó gráid mheasta a fháil nó an dá rud a dhéanamh.

Tá sé tagtha chun solais gur chinn 38% de dhaltaí gan tabhairt faoin scrúdú Gaeilge, céatadán níos airde ná aon ábhar eile.

Gheobhaidh na daltaí seo grád measta in áit scrúdú scríofa a dhéanamh. As an 50,708 dalta atá ag déanamh na hArdteiste i mbliana, roghnaigh 19,185 acu gan scrúdú scríofa Gaeilge a dhéanamh. 

Ní chuirfear béaltriail ná cumas labhartha na Gaeilge san áireamh sna gráid mheasta atá le bronnadh ar dhaltaí. Níl na scrúduithe cainte, atá fós ar siúl an tseachtain seo, á ndéanamh ach amháin ag na daltaí Ardteiste a roghnaigh an scrúdú traidisiúnta a dhéanamh.

Rinne 29,231 dalta (58%) cinneadh gan an scrúdú don Ghaeilge a dhéanamh agus grád measta amháin a fháil. Níor roghnaigh ach 2%, níos lú ná 1,000 dalta, gan grád measta a fháil.

Má roghnaíonn dalta grád measta a fháil agus an scrúdú a dhéanamh, beidh cead acu an marc is airde a roghnú dá gcuid torthaí.

Bhí ar dhaltaí rogha a dhéanamh maidir leis na scrúduithe an mhí seo caite ach beidh deis eile arís ann mí Bealtaine a gcinntí a athrú. Mura bhfuil an bhéaltriail déanta ag dalta ag an am sin, áfach, beidh sé ródheireanach acu an scrúdú scríofa a roghnú.

I láthair na huaire, tá roghnaithe ag i bhfad níos mó daltaí gan an scrúdú Gaeilge a dhéanamh i gcomparáid le hábhair eile. 16% a roghnaigh grád measta amháin a fháil sa Bhéarla. 

Ba í an Ghearmáinis (27%) an dara hábhar is coitianta inar roghnaigh daltaí gan scrúdú a dhéanamh. 26% a bhí i gceist le Fraincis agus 21% le Spáinnis.

Thug Coimisiún na Scrúduithe Stáit le fios gur bhain 95% de na daltaí atá ag déanamh na hArdteiste i mbliana leas as an gcóras a bhí ann mí an Mhárta chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na scrúduithe Ardteiste 2021.

San iomlán, roghnaigh 87% de na daltaí scrúduithe a dhéanamh agus gráid mheasta a fháil. Roghnaigh 2% na scrúduithe amháin a dhéanamh agus tá cinneadh déanta ag 7% gráid mheasta amháin a fháil.

In 2020, ní bhfuair 18% de na daltaí Ardteiste aon ghrád measta don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge.

10,704 dalta de 60,419 dalta nach ndearna an Ghaeilge in 2020.

18% nach ndearna aon scrúdú Gaeilge in 2019, an céatadán céanna le 2020.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag beagnach 40% de dhaltaí gan aon scrúdú Gaeilge a dhéanamh don Ardteist'