Níl a garchlann feicthe ag Liubov Burina, 55 bliain d’aois, ó Mhárta 2022. De bharr géarchéim theaghlaigh, cuireadh an bheirt pháistí, Angelina (3) agus Yevhen (1), i ndílleachtlann i gcathair Kherson le haghaidh na hoíche nuair a rinne na Rúisigh ionradh ar an gcathair. An mhaidin dár gcionn nuair a chuaigh Burina chun na páistí a bhailiú, bhí siad imithe.
Ag preasócáid faoi chás na bpáistí fuadaithe i bPáras an mhí seo caite a d’eagraigh eagraíocht atá ag obair chun na páistí fuadaithe a athaontú lena muintir, dúirt sí: ‘Bhíomar ag cuardach gach aon áit. Chuamar i dteagmháil le gach institiúid, leis na póilíní agus leis na seirbhísí sóisialta. Ansin fuair eagraíocht amach go raibh siad bogtha go dtí an Chrimé sna críocha gafa.’
Bhí na páistí ar a slí le bheith díbeartha chuig an Rúis agus bhí siad liostáilte ar bhunachar uchtaithe de chuid na Rúise faoi ainmneacha nua. Níl tásc ná tuairisc orthu ó shin.
Agus muid ag cuimhneamh ar ár muintir agus ar ár bpáistí féin an Nollaig seo, níor mhiste páistí fuadaithe na hÚcráine agus a muintir a thabhairt chun cuimhne.
Bhí Darina Riepina i mbun próiseas chun Maksym (3) and Margarita (10 mí) a uchtú i Kherson i Márta 2022 nuair a d’fhuadaigh an Rúis uaithi iad. Tugadh Margarita don pholaiteoirí Rúiseach, Sergey Mironov, comhghuaillí le Putin. Bhíothas tar éis ainm nua a thabhairt di agus teastas breithe bréagach Rúiseach, de réir fiosrúchán a rinne an BBC. Ní fios cad a tharla dá deartháir Maksym. Tá an Rúis ag diúltú d’éileamh go ndéanfaí tástáil DNA ar an bpáiste chun a chruthú cé hí fhéin.
Ní fios cé mhéad páiste a díbríodh ón Úcráin go dtí an Rúis agus go dtí an Chrimé tar éis an mhórionraidh. Dar leis na Náisiúin Aontaithe, is thart fá 20,000 páiste atá i gceist. Deir an Rúis nach bhfuil ach na céadta i gceist, ach tá siad lán-oscailte faoi pháistí Úcránacha a thógáil agus ‘athoideachas’ a chur orthu chun cúl a thabhairt dá ndúchas agus dá bhféiniúlacht fhéin.
Rinne Maria Lvova‑Belova, coimisinéir ‘cearta páistí’ na Rúise, cur síos go poiblí ar conas mar ar thóg sí déagóir Úcránach ó Mariupol, gur thug sí chuig an Rúis é i gcoinne a thola, agus gur chuir sí ‘athoideachas’ air chun grá a bheith aige don Rúis. Tá barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta do Lvova-Belova, mar aon le Vladamir Putin, mar gheall ar a ról i bhfuadach páistí Úcránacha.
I gcoitinne léiríonn an fhianaise go n-athraítear ainmneacha páistí atá níos óige, go dtugtar teastais bhreithe bhréige Rúiseacha dóibh agus go bhféachtar le ‘athoideachas’ a chur ar pháistí níos sine. Réab saighdiúirí Rúiseacha a bhí ag caitheamh balaclávaí isteach i dteach Vladislav Rudenko (16) i Kherson in Deireadh Fómhair 2022 nuair a bhí a mháthair amuigh as an teach agus d’fhuadaigh siad é.
Chaith sé ocht mí i gcampaí athoideachais de chuid na Rúise agus de réir a chuntais féin, tugadh drochíde dó nuair a chuir sé i gcoinne iarrachtaí a fhéiniúlacht Úcránach a chur faoi chois. Tar éis 8 mí d’éirigh lena mháthair, le cabhair ó eagraíocht dhaonnachtúil, taisteal tríd an Pholainn, an Bhealarúis, agus Moscó go dtí an campa sa Chrimé ina raibh Vladislov.
Ansin d’fhuadaigh gníomhairí ón FSB í féin agus rinne siad diancheistiúchán uirthi ar feadh dhá lá. Scaoil siad saor í féin agus a mac tar éis di toiliú go nglacfadh sí páirt bhfíseán bolscaireachta agus na rudaí a rá ar theastaigh uathusan go ndéarfadh sí.
Tugann an fuadach páistí stát-urraithe seo chun cuimhne an tuairim is 500 páiste a thóg deachtóireacht mhíleata na hAirgintíne ó ghníomhaithe den eite chlé idir 1976 agus 1983, agus na mílte páiste a thóg deachtóireacht mhíleata na Sile ó theaghlaigh bhochta le linn réimeas Pinochet. Sa trí chás, chreid na fuadaitheoirí ar bhonn idé-eolaíochta go raibh gach ceart acu na páistí a thógáil óna muintir agus iad a thabhairt do na daoine ‘cearta’.
Tá tuairim is 130 duine de na páistí Airgintíneacha sin aimsithe agus curtha i dteagmháil lena seantuismitheoirí agus a muintir. (Mharaigh an réimeas formhór na dtuismitheoirí). Ach bíonn iarmhairtí casta síceolaíochta agus féiniúlachta ag an bpróiseas dóibh. Is deacair an fhírinne a cheilt go deo agus gheobhaidh ar a laghad roinnt de pháistí fuadaithe na hÚcráine amach sa todhchaí cad a tharla dóibh. Seans go mbeidh taithí pháistí fuadaithe na hAirgintíne agus na Sile, atá tar éis dul i ngleic leis an dúshlán céanna, ina chabhair dóibh.
Léitheoir
Alt cumhachtach. Níor mhiste go deimhin. Maith sibh.