‘Níor chóir do dhaoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu freastal ar chluiche ceannais na hÉireann’ – Holohan

Beidh idir ceithre agus sé seachtaine eile ann sula mbeidh an chosaint is fearr is féidir ag an bpobal ón Covid-19, a deir NPHET

‘Níor chóir do dhaoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu freastal ar chluiche ceannais na hÉireann’ – Holohan

Deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, nár chóir do dhaoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu freastal ar ócáidí amhail cluiche ceannais na hÉireann.

Dúirt an Dr Holohan an méid sin tráthnóna nuair a ceistíodh é faoi na sluaite a bhailigh le chéile do chluiche ceannais iománaíochta na hÉireann Dé Domhnaigh agus faoin gcomhairle a bheadh aige i dtaobh an chluiche ceannais peile ar an 11 Meán Fómhair.

Dúirt sé gurb í “an chomhairle stuama ó thaobh na sláinte poiblí” ná nár cheart d’aon duine nach bhfuil an tsnáthaid faighte acu freastal ar ócáidí dá leithéid.

Ba thábhachtaí an chomhairle sin, a dúirt sé, sa chás go mbeadh duine nach raibh vacsaínithe ag cuimhneamh ar thaisteal ar an gcóras iompar poiblí chuig cluiche nó ar bhualadh le daoine eile chun dul ag ól nó ag ithe roimh nó i ndiaidh na hócáide. Dúirt sé nach ar chluichí CLG amháin a bhí sé ag caint ach faoi ócáidí d’aon saghas.

Thug Holohan le fios chomh maith nach mbeadh aon fhadhb aige le hócáidí amhail an fhéile cheoil an Electric Picnic fad is go mbeadh gach duine a rachadh ann vacsaínithe.

1,571 cás eile den víreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

307 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 55 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ó 60 inné.

Beidh idir ceithre agus sé seachtaine eile ann sula mbeidh an chosaint is fearr ar féidir ag an bpobal ón Covid-19, a deir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis nach mbeadh sé “sábháilte” go dtí sin fáil réidh le srianta áirithe amhail an pas vacsaíne.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET gur galar anois é an Covid-19 atá á tholgadh den chuid is mó ag aosaigh óga nach bhfuil an tsnáthaid faighte acu.

Dúirt Nolan go raibh an mhaidhm seo éagsúil ó na cinn eile. “Maidhm mhór mhall atá againn anois,” ar sé.

Dúirt sé gur fhág líon ard na gcásanna i ngach contae go mbeadh dúshlán roimh an tseirbhís sláinte go ceann roinnt seachtainí ach gurb é “an dea-scéal” ná go raibh an-chosaint ag an bpobal de bharr na vacsaíní.

1,814 cás den Covid-19 a fógraíodh ar an meán gach lá le cúig lá anuas agus 526 cás in aghaidh gach 100,000 duine ráta coicíse an ghalair.

Bhain 70% de na cásanna nua a fógraíodh inniu le daoine nach raibh aon vacsaín faighte acu nó le daoine nach raibh an dara dáileog faighte acu. Maidir leis na daoine a fuair an galar cé go raibh an vacsaín faighte acu daoine níos sine a bhí ina bhformhór.

Idir 0-2% atá ráta fáis an ghalair anois i gcomparáid le 5% mí Iúil.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu  gur dóigh leis go mbeidh deireadh curtha leis na srianta deireanacha Covid-19 faoin Nollaig.

Tá sé i gceist ag an Rialtas plean a fhoilsiú an tseachtain seo chugainn do scaoileadh na srianta deireanacha.

“Is é ba mhaith linn ná na srianta go léir a scaoileadh chomh tapa agus is féidir,” a dúirt an tAire Sláinte.

Dúirt sé go mb’fhéidir go bhfágfadh an chomhairle faoin tsláinte phoiblí go gcaithfí roinnt srianta a choimeád ar feadh tamaill. D’fhéadfadh, mar shampla, go mbeadh ar dhuine masc a chaitheamh in áiteanna áirithe.

Beidh cruinniú amárach ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí chun an chomhairle a chuirfidh siad ar an Rialtas a phlé.

Dúirt Donnelly go raibh sé ag súil níos mó “cinnteachta” a thabhairt d’earnálacha áirithe.

“B’uafásach an bhliain go leith a bhí inti. Tá an chuid is mó den tsochaí agus den gheilleagair oscailte ach tuigimid go bhfuil rudaí áirithe nach bhfuil, earnálacha a d’fhulaing go mór agus is é atá uainn ná cabhrú leo oscailt chomh luath agus is féidir.”

Nuair a fiafraíodh de Donnelly an mbeadh gach rud oscailte roimh an Nollaig, dúirt sé go mbeifí ag brath ar NPHET i gcomhair dátaí ach gur cinnte gurb é an dearcadh atá ann ná go scaoilfear na srianta deireanacha i mbliana.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid inniu go raibh an vacsaín iomlán faighte ag 86% de dhaoine fásta agus dáileog amháin faighte ag 91%.

1,638 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh 12 duine eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,311 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

373 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 41 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,258,640 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,136,902 duine.

Fág freagra ar '‘Níor chóir do dhaoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu freastal ar chluiche ceannais na hÉireann’ – Holohan'