‘Níor chóir d’iománaithe ar an chlaí a bheith ag cáineadh eagraíochtaí Gaeilge’ – Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Ag labhairt dó ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Muineachán anocht, dúirt Niall Comer go bhfuil ‘teorainneacha i saol na Gaeilge’ ar gá iad a ‘bhriseadh’

‘Níor chóir d’iománaithe ar an chlaí a bheith ag cáineadh eagraíochtaí Gaeilge’ – Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Tá cosaint láidir déanta ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar chur chuige na heagraíochta teanga agus fogha tugtha aige faoi thráchtairí, tuairisceoirí agus daoine eile a chruthaíonn “teorainneacha” i saol na teanga,  dar leis.

Ag labhairt dó ag seoladh oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Muineachán tráthnóna, thug Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léasadh teanga do dhaoine a bhíonn ag cáineadh Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí  eile agus gan, dar leis, moltaí fiúntacha acu féin.

“Níor chóir go mbeadh iománaithe ar an chlaí i mbun cáinte ná comhairle maidir le hiarrachtaí an Chonartha ná na n-eagraíochtaí eile gan leasuithe a bhfuil substaint agus fírinne leo a mholadh,” a dúirt Comer.

“Chuirfinn iomlán mo mhuiníne san iománaí is laige ar pháirc na himeartha in áit an té nár thóg an camán riamh nó a d’éirigh as an iomáint toisc nach bhfuair sé nó sí a rogha áit imeartha sa bháire.”

‘Teanga gan teorainn’ an téama atá ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana, agus mhaígh Comer go mbíonn “teorainneacha i saol na Gaeilge ó am go céile” ar gá iad a “bhriseadh” chun go bhféadfaí tabhairt faoi “obair na hathbheochana mar is ceart agus ar bhealach atá le leas na teanga ar fad – is cuma cén áit ar oileán seo na hÉireann ná ar fud an domhain atá muid”.

Dúirt sé go raibh “riachtanais” éagsúla ag daoine éagsúla i bpobal na Gaeilge agus gur “rímhinic a ligtear do na riachtanais sin teacht salach ar a chéile”. Is é an toradh a bhíonn air seo, dar leis, ná go mbíonn “aighneas agus míthuiscintí ann nach bhfuil gá leo”.

Chaithfí freastal ar an uile chainteoir Gaeilge, is cuma cá bhfuil siad, a dúirt sé.

“Tá pobail áirithe cainteoirí Gaeilge in Éirinn (agus thar lear) anois agus caithfear freastal orthu uile – ach ní mór a aithint go bhfuil tosaíochtaí áirithe agus éagsúla acu uile agus nach bhfuil aon slat draíochta ann le gach deacracht a réiteach. Is mó an difear idir an ní is práinní le tuismitheoir atá ag iarraidh leanbh a thógáil le Gaeilge i gceantair iargúlta na Gaeltachta agus tosaíochtaí an chainteora Gaeilge i gContae Dhoire ar mhaith leis na leaganacha cearta dúchasacha de logainmneacha a fheiceáil ar chomharthaí sráide.”

Shéan sé gur beag suim atá ag Conradh na Gaeilge sa Ghaeltacht, seamsán atá á chasadh leis an eagraíocht ó bunaíodh í.

“Ar cheist na Gaeltachta is rómhinic nach n-aithnítear go bhfuil an Conradh dáiríre faoin Ghaeltacht agus go mbíonn sé go mór chun tosaigh ag cur brú ar an Rialtas breis maoinithe a chur ar fáil le fostaíocht a chruthú sna ceantair Ghaeltachta.

“Bhí baint lárnach – agus féadaim seo a rá trí thaithí phearsanta – go raibh tionchar suntasach ag Conradh na Gaeilge ar an chinneadh breis agus €14m a ghealladh do 2019 – ní leor é go fóill ach is céim sa treo cheart é.”

Thagair Comer chomh maith do na meáin ina chuid cainte agus do dhaoine eile a chruthaíonn ‘teorainneacha’,  dar leis.

“In amanna, áfach, ligimid de na tosaíochtaí atá againn féin go pearsanta teorainneacha a chruthú agus is boichte muid dá réir mar phobal teanga.

“Cruthaíonn sé aighneas agus binb agus níl le déanamh ach breathnú ar thráchtaireacht sna meáin chun seo a fheiceáil – agus, dár ndóigh, tá ról tábhachtach ag na meáin agus iad ag tuairisciú go hionraic ar cheisteanna na teanga seachas aighneas a chruthú ar nós an Nuallánaigh.”

Dúirt Uachtarán an Chonartha gurb é “scar agus treascair” cur chuige lucht an choilíneachais agus an choncais ach go raibh an baol ann anois go ndéanfaimis féin na “botúin chéanna” arís agus arís eile.

“Ní chruthaíonn teanga teorainneacha, ná cruthaíodh daoine iad. Leanaimis ar aghaidh, mar sin, mar Chonraitheoirí agus mar dhaoine a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar thosaíocht againn, ag fíorú fhís ár mbunaitheoirí go cróga, go hionraic agus go díograiseach.”

Mhaígh Uachtarán an Chonartha go bhfuil “fís na hathbheochana” á scaipeadh ag an eagraíocht ar fud na hÉireann agus an domhain le tograí ar chuma Bhliain na Gaeilge, Sheachtain na Gaeilge, agus Gaeilge 24.

Fág freagra ar '‘Níor chóir d’iománaithe ar an chlaí a bheith ag cáineadh eagraíochtaí Gaeilge’ – Uachtarán Chonradh na Gaeilge'