‘Níor cheart airgead poiblí do scoileanna a thabhairt d’eagraíochtaí príobháideacha’ – Stiúrthóir GRETB

Deir Tomás Mac Pháidín, Stiúrthóir Scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, go raibh ‘deacrachtaí go leor’ ann le 50 bliain anuas nuair a cuireadh scoileanna faoi úinéireacht phríobháideach agus nár cheart a leithéid a dhéanamh feasta

‘Níor cheart airgead poiblí do scoileanna a thabhairt d’eagraíochtaí príobháideacha’ – Stiúrthóir GRETB

Tá ráite ag Stiúrthóir Scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) nár cheart scoileanna a bhfuil airgead poiblí á infheistiú iontu a thabhairt ar lámh d’eagraíochtaí príobháideacha.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Tomás Mac Pháidín, Stiúrthóir Scoileanna GRETB, go raibh “deacrachtaí go leor” ann le 50 bliain anuas nuair a cuireadh scoileanna faoi úinéireacht phríobháideach agus nár cheart a leithéid a dhéanamh feasta.

“Creideann bord GRETB gur ceart go mbeadh scoileanna, atá maoinithe go hiomlán le hairgead poiblí, idir chaiteachas caipitil agus caiteachas reatha, in úinéireacht phoiblí agus go mbeadh trédhearcacht agus freagracht phoiblí trí phróiseas poiblí iniúchta ag baint leo.

“Tá Bord GRETB den tuairim gur eascair deacrachtaí go leor le 50 bliain anuas, nuair a tugadh infheistíocht shuntasach phoiblí, idir scoileanna agus ospidéil, d’eagraíochtaí agus úinéirí príobháideacha.  San am a caitheadh, b’iondúil gurbh oird rialta, agus eagrais eaglasta a bhain an úinéireacht amach.  Le blianta beaga anuas áfach, tá infheistíocht phoiblí, atá íoctha ag na cáiníocóirí, á tabhairt ar ócáidí d’eagraíochtaí príobháideacha eile,” a dúirt Stiúrthóir Scoileanna GRETB, Tomás Mac Pháidín.

Bhí Mac Pháidín ag trácht ar an iarratas atá déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin chuig an Roinn Oideachais gurbh iadsan a bheadh ina bpátrún ar an iar-bhunscoil nua 1,000 dalta atá le tógáil in oirthear chathair na Gaillimhe.

Sa chás go n-éireodh le hiarratas GRETB bheadh aonad lánGhaeilge san iar-bhunscoil nua.

Má éiríonn lena n-iarratas, tá GRETB ag  súil go bhfreastalódh an iar-bhunscoil nua ar bhunscoileanna Gaeilge ar an taobh thoir den chathair agus in Órán Mór, ina measc Gaelscoil Dara, Gaelscoil de hÍde agus Scoil Bhríde.

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ina phátrún ar 20 coláiste pobail i gceantar na Gaillimhe agus Ros Comáin lena n-áirítear Coláiste na Coiribe, Coláiste Mhuirlinne agus Coláiste an Eachréidh.

I ráiteas a chuir an Bord Oideachais amach faoin scoil atá á beartú in Órán Mór nó i gceantar oirthear Chathair na Gaillimhe, dúradh go gcuirfeadh ‘Coláiste Chúil Each’ “oideachas d’ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon ar fáil laistigh de na ranna meán Gaeilge agus Béarla sa scoil faoi seach”.

Dúradh chomh maith go gcuirfí “fáilte roimh leanaí ó gach creideamh agus roimh leanaí gan chreideamh”.

Dúirt Tomás Mac Pháidín le Tuairisc.ie go bhfuil an t-aonad lánGhaeilge á bheartú “ar aon suíomh leis an scoil mhór” agus go mbeadh eolas á chur amach “go neamhspleách” faoina gcuid pleananna amach anseo má thacaíonn an Roinn lena n-iarratas.

Tuigtear, áfach, go bhfuil tacaíocht láidir sa cheantar d’iarratas go mbunófaí meánscoil nua Educate Together le freastal ar na cúig bhunscoil atá faoi phátrúnacht Educate Together i gcontae na Gaillimhe.

Faigheann breis agus 510 dalta a gcuid oideachais sna bunscoileanna de chuid Educate Together atá lonnaithe sa Chaisleán Nua, i gCnoc na Cathrach, Baile Chláir, Cill Cholgáin agus Tuaim ach níl aon iar-bhunscoil Educate Together sa chathair nó sa chontae.

Tá tacaíocht léirithe freisin do mheánscoil Educate Together ag na Teachtaí Dála áitiúla, an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Seán Kyne, agus an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Hildegarde Naughton.

Thug Naughton le fios go raibh sí páirteach san fheachtas a bhí ag Galway Educate Together chun iar-bhunscoil nua a fháil i nGaillimh le trí bliana anuas agus gur thacaigh sí “go láidir” leis an iarratas atá déanta acu a bheith ina bpátrún ar an scoil nua in oirthear na cathrach.

Dúirt Kyne go ndéanfadh sé ciall go mbunófaí an scoil nua faoi eagraíocht nach bhfuil a leithéid de phatrún acu i nGaillimh cheana féin.

Dúirt sé go bhféadfadh Educate Together freastal ar na “céadta dalta” a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna i nGaillimh atá faoina bpatrún.

Fág freagra ar '‘Níor cheart airgead poiblí do scoileanna a thabhairt d’eagraíochtaí príobháideacha’ – Stiúrthóir GRETB'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní thuigim an t-alt seo. An bhfuilthear ag maíomh gur scoil príobháideach é Educate Together? Agus nach bhfuil leagan Gaeilg den t-ainm sin ar fáil? Nach gcuirfeá an leagan Gaeilg d’ainm na scoile san alt?

    Maidir leis an ‘aonad lánGhaeilge’ ar shuíomh mheánscoil Béarla (dátheangach?) tá mé lánchinnte de nach n-oibríonn a leithéid. Tá seo déanta le meánscoil i dTír Chonaill – Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fál Carrach. Seo meánscoil Béarla atá suite sa Ghaeltacht (deir daoine gur breac-Ghaeltacht atá ann ach tá sé suite faoi limistéar Gaeltachta) agus tá ‘sruth Gaeilge’ sa scoil seo. Is ceap magaidh é i ndáiríre nó meascann na daltaí uilig lena chéile ag am lóin agus ag amanní eile taobh amuigh den seomra ranga i. spóirt, ealaín, club óige, damhsaí, ócáidí ionadaíochta thar ceann na scoile srl. Mar sin, is í an Bhéarla an teanga cumarsáide sa scoil sin – i measc daltaí agus i measc múinteoirí. Is cuir amú airgid é agus, i mo thuairimse, ba cheart an scoil bheith go hiomlán i nGaeilg má bhíonn sé suite sa Ghaeltacht. Dála an scéil, an bhfuil a leithéid d’eagraíocht ag briseadh an dlí??..

    Iad siúd uilig a rinne freastal ar an scoil sin, tá siad go fóill ag labhairt i mBéarla lena chéile agus tá a gcuid páistí féin anois ag déanamh freastal ar an scoil céanna agus an Béarla mar theanga oibre agus mar theanga cumarsáide idir mhúinteoirí, thuismitheoirí agus daltaí ann.

    B’fhearr i bhfad meánscoil lánGhaeilge bheith ann do dhaltaí ó bhunscoltacha Gaeltachta seachas an amaidí seo ag cuir ‘aonad’ nó ‘sruth’ Gaeilge i scoil Bhéarla. Agus ba cheart tacaíocht láidir bheith ann do na daltaí siúd a bhfuil suim acu dhul ar aghaidh agus cúrsa 3ú leibhéal a dhéanamh chun slí beatha a bhaint amach TAOBH AMUIGH d’earnáil na Gaeilge i. eolaíocht, ríomhairí, leigheas, talmhaíocht, lónadóireacht srl.

    Fosta, má tá ‘infheistíocht phoiblí, atá íoctha ag na cáiníocóirí,’ á thabhairt d’achan scoil sa stáit seo cad chuige nach bhfuil an dátheangachas beo sna hinstitiúidí siúd atá suite taobh amuigh de na ceantair Gaeltachta?? Nach bhfuil naíscoileanna, bunscoileanna, meánscoileanna agus institiúidí 3ú leibhéal ar fud na tíre seo againn – ach cá mhéad acu a bhfuil a gcuid comharthaíocht agus lógónna go dátheangach acu – agus tús áite ag an Ghaeilg?? Caidé faoin stáiseanóireacht, an suíomh gréasáin, fógraíocht, mana, teachtaireacht réamhthaifeadta ar an ghuthán, srl??? Nach dtéid na modhanna cumarsáide seo uilig i bhfeidhm ar thuismitheoirí agus ar an phobal i gcoitinne??? Nach mbeadh níos mó measa ar an Ghaeilg dá mbeadh sí in úsáid sna hinstitiúdí oideachais seo uilig ar fud an stát?? Agus nach mbeadh seans níos fearr ann an Ghaeilg a bhuanú sna ‘Gaeltachtaí’ dá mbeadh sí níos feicealaí agus in úsáid TAOBH AMUIGH de na limistéir siúd?? Nach mbeadh níos mó múinín ag pobal na Gaeltachta ansin an Ghaeilg a chuir chun tosaigh ina bpobail féin – pobail bheaga imeallacha – seachas bheith buartha fá cuir isteach orthu siúd nach bhfuil Gaeilg acu???

    Nach breá mór an fhógra os cionn an dorais ag an fhoirgneamh sa ghrianghraif thuas – GRETB Training Centre, Galway. RECEPTION. Sampla breá eile den drochmheas atá ag institiúidí oideachais ar an Ghaeilg taobh amuigh den Ghaeltacht…