Tá liostaí nua ar fáil de na haischlibeanna Gaeilge is rathúla ar Twitter go dtí seo in 2018.
Foilsíodh liosta ar an suíomh seo an tseachtain seo caite de na haischlibeanna Gaeilge is rathúla ó bunaíodh Twitter in 2006, a bhí bunaithe ar anailís a rinne an saineolaí ríomhaireachta Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri i St Louis.
De réir na hanailíse céanna, tá an Ghaeilge chun tosaigh arís i measc na haischlibeanna Gaeilge ar éirigh leo áit a bhaint ar liosta 2018, agus 11,937 tvuít curtha amach leis an haischlib #Gaeilge ó 1 Eanáir 2018.
D’éirigh go maith freisin leis an haischlib #TrasnadTonnta, feachtas a reáchtáladh ag tús na bliana chun daoine ar fud na cruinne a spreagadh le húsáid a bhaint as an Ghaeilge ar líne. 6,599 tvúit a cuireadh amach leis an haischlub #TrasnadTonnta.
I measc na haischlibeanna rathúla Gaeilge eile i mbliana, tá haischlib Bliain na Gaeilge #Gaeilge18, Seachtain na Gaeilge SnaG18, #AchtAnois, #sneachta agus An Ghaeltacht.
An 10 haischlib is mó úsáide in 2018
An Ghaeilge |
|
---|---|
#Gaeilge | 8,472 |
#gaeilge | 3,465 |
Iomlán: | 11,937 |
Trasna na dTonnta |
|
#TrasnanadTonnta | 6,022 |
#trasnanadtonnta | 328 |
#TrasnanadTonnta | 249 |
Iomlán: | 6,599 |
Bliain na Gaeilge |
|
#Gaeilge2018 | 3,965 |
Iomlán: | 3,965 |
Seachtain na Gaeilge |
|
#SnaG18 | 2,547 |
Iomlán: | 2,547 |
Aimsir |
|
#aimsir | 1,917 |
#Aimsir | 163 |
Iomlán: | 2,080 |
Beo |
|
#GaeilgeBheo | 1,335 |
Iomlán: | 1,335 |
Acht Anois |
|
#AchtAnois | 1,222 |
#achtanois | 65 |
Iomlán: | 1,287 |
Sneachta |
|
#sneachta | 1041 |
#Sneachta | 373 |
Iomlán: | 1,414 |
An Ghaeltacht |
|
#Gaeltacht | 669 |
#gaeltacht | 70 |
Iomlán: | 739 |
TG4 |
|
#TG4 | 640 |
Iomlán: | 640 |
Tugann an dara liosta thíos léargas ar na haischlibeanna Gaeilge sin is mó a spreag comhrá ar líne i mbliana, nuair a fhágtar as an áireamh na haischlibeanna #Gaeilge agus #Gaeltacht agus na haischlibeanna a bhí ag eagraíochtaí, ócáidí agus feachtais.
1,414 tvúit a cuireadh amach faoin sneachta mór mí Feabhra seo caite, agus #sneachta ag barr an liosta seo de na haischlibeanna Gaeilge is mó a rinne daoine comhrá fúthu ar Twitter.
I measc na haischlibeanna Gaeilge rathúla eile ar an liosta seo, tá #MurdairMhámTrasna #nílsécgl, #Reif8u, #NollaignamBan.
An deich haischlib is mó a spreag comhrá i measc nGael ar Twitter i mbliana
Sneachta |
|
---|---|
#sneachta | 1041 |
#Sneachta | 373 |
Iomlán: | 1,414 |
Murdair Mhám Trasna |
|
#MurdairMhámTrasna | 319 |
Iomlán: | 319 |
Níl sé ceart go leor |
|
#nílsécgl | 234 |
Iomlán: | 234 |
Ceol |
|
#ceol | 220 |
Iomlán: | 220 |
Nollaig na mBan |
|
#NollaignamBan | 2017 |
Iomlán: | 207 |
Gaillimh |
|
#Gaillimh | 157 |
#gaillimh | 36 |
#GAILLIMH | 11 |
Iomlán: | 204 |
Conamara |
|
#Conamara | 190 |
Iomlán: | 190 |
Gaeil |
|
#Gaeil | 139 |
Iomlán: | 139 |
An Reifreann |
|
#Reif8u | 126 |
Iomlán: | 126 |
Coracigh |
|
#Corcaigh | 123 |
Iomlán: | 123 |
Fág freagra ar '#nílsécgl, #MurdairMhámTrasna, #Reif8u, #NollaignamBan – na haischlibeanna Gaeilge is mó rath i mbliana'