Tá liosta ar fáil den chéad uair de na haischlibeanna Gaeilge is rathúla ó bunaíodh Twitter in 2006.
De réir anailís atá déanta ag an saineolaí ríomhaireachta Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri i St Louis ar gach haischlib Ghaeilge a bhí riamh ar Twitter, is í an Ghaeilge féin atá chun tosaigh agus 181,353 tvuít curtha amach leis an haischlib #Gaeilge.
I measc na haischlibeanna eile ar éirigh leo áit a bhaint ar an liosta den 21 haischlib Ghaeilge is rathúla riamh ar Twitter, tá #aimsir, #Gaeltacht, #PopUpGaeltacht agus #AchtAnois.
Anuraidh a seoladh an 2,000,0000ú giolc i nGaeilge ar an suíomh meán sóisialta Twitter.
Ba in 2006 a seoladh an chéad ghiolc i nGaeilge ar Twitter, cúpla mí i ndiaidh bhunú an tsuímh. Ba í an t-úsáideoir @aine a chuir an chéad ghiolc sin amach Nollaig na bliana sin.
Níl sa saol ach gaoth agus toit.
— Ecosocialist (@Aine) 18 Nollaig 2006
Na haischlibeanna is mó úsáid ó bhunú Twitter
An Ghaeilge |
|
|---|---|
| #Gaeilge | 118,334 |
| #gaeilge | 63,019 |
| Iomlán: | 181,353 |
TG4 |
|
| #TG4 | 30,966 |
| #tg4 | 3,422 |
| Iomlán: | 34,388 |
Aimsir (TG4) |
|
| #aimsir | 11,614 |
| #Aimsir | 2,632 |
| Iomlán: | 14,246 |
Trasna na dTonnta |
|
| #Trasna na dTonnta | 6,632 |
| #trasnanadtonnta | 627 |
| #TrasnanadTonnta | 1,781 |
| Iomlán: | 9,040 |
Cumann Lúthchleas Gael |
|
| #CLG | 4,617 |
| #clg | 4,360 |
| Iomlán: | 8,977 |
Acht Anois |
|
| #AchtAnois | 6,950 |
| #achtanois | 577 |
| Iomlán: | 7,527 |
An Ghaeltacht |
|
| #Gaeltacht | 4,807 |
| #gaeltacht | 1,243 |
| Iomlán: | 6,050 |
Bliain na Gaeilge |
|
| #Gaeilge2018 | 4,702 |
| Iomlán: | 4,702 |
Ros na Rún |
|
| #RnaR | 3796 |
| Iomlán: | 3,796 |
Pop Up Gaeltacht |
|
| #PopUpGaeltacht | 3,245 |
| #popupgaeltacht | 371 |
| Iomlán: | 3,616 |
Ceol |
|
| #ceol | 2,433 |
| #Ceol | 997 |
| Iomlán: | 3,430 |
Gaeilge 24 |
|
| #Gaeilge24 | 2,816 |
| Iomlán: | 2,816 |
Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge |
|
| #AFCnaG | 1,579 |
| #afcnag | 1,619 |
| Iomlán: | 3,198 |
Súil Eile |
|
| #SúilEile | 2,140 |
| #súileile | 563 |
| Iomlán: | 2,703 |
Seachtain na Gaeilge |
|
| #SnaG18 | 2,547 |
| Iomlán | 2,457 |
Oireachtas na Gaeilge |
|
| #OnaS17 | 2,450 |
| Iomlán: | 2,450 |
Sneachta |
|
| #sneachta | 1,776 |
| #Sneachta | 559 |
| Iomlán: | 2,335 |
Bród (RTÉ) |
|
| #bród | 1,652 |
| #Bród | 556 |
| Iomlán: | 2,218 |
Gaillimh |
|
| #Gaillimh | 2,139 |
| Iomlán: | 2,139 |
An Bricfeasta Blasta (Raidió na Life) |
|
| #Bricblasta | 2,007 |
| Iomlán: | 2,007 |
Portráidí (Portráidí.ie/Comhar) |
|
| #Portráidí | 1,712 |
| Iomlán: | 1,712 |
Éilís
Dúblú anseo – dá gcuirfí le chéile iad bheadh réimse níos leithne ann. Meastú cá raibh #nílsécgl