Níl sé ‘sásúil’ ná ‘inghlactha’ go bhfógródh roinn stáit post Gaeltachta gan riachtanas Gaeilge – Roinn na Gaeltachta

Deir Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, nach bhfuil sé 'sásúil' gur fhógair an Roinn Talmhaíochta post Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge leis

Níl sé ‘sásúil’ ná ‘inghlactha’ go bhfógródh roinn stáit post Gaeltachta gan riachtanas Gaeilge – Roinn na Gaeltachta

Níl sé ‘sásúil’ ná ‘inghlactha’ ag Roinn na Gaeltachta go mbeadh ar mhuintir na Gaeltachta plé le roinn stáit eile i mBéarla, a deir Stiúrthóir na Gaeilge sa roinn, Aodhán Mac Cormaic

B’in a bhí le rá ag Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, i dTithe an Oireachtais tráthnóna agus ceist á freagairt aige faoin gconspóid maidir le fógra de chuid na Roinne Talmhaíochta do phost Gaeltachta, fógra nach bhfuil ach riachtanas Béarla luaite leis.

“Níl rud mar sin inghlactha…Níl sé sásúil dúinne mar roinn go mbeadh ar dhaoine plé leis an Stát i mBéarla thiar i Ros an Mhíl,” a dúirt Stiúrthóir na Gaeilge, na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge, Aodhán Mac Cormaic.

Dúirt Mac Cormaic go raibh neart daoine i nGaeltacht Chonamara agus in áiteanna eile a bhfuil Gaeilge acu agus a d’fhéadfadh an post mar Oibrí Ginearálta ag Calafort Ros an Mhíl a dhéanamh.

Pléadh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna ceannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

An Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh a cheistigh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta faoi chás an phoist.

Tá an fógra poist gan riachtanas Gaeilge cáinte chomh maith ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Aire Stáit sa Roinn Pobail agus Tuaithe, Seán Kyne.

Dúirt an Teachta Dála ón bpáirtí céanna Peadar Tóibín gur chuir an scéal “mearbhall agus fearg air” agus gur “léiriú eile” a bhí ann ar eagraíochtaí stáit a bheith ag “déanamh neamhaird arís agus arís eile” den Ghaeilge.

Dúirt an Coimisinéir Teanga níos túisce tráthnóna go raibh ‘ceist le freagairt’ ag an Roinn Talmhaíochta maidir leis an bpost Gaeltachta a fógraíodh agus riachtanas Béarla amháin leis. 

Thug an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le fios do Tuairisc.ie inniu go bhfuil cás an phoist ag Calafort Ros an Mhíl i gcroílár Ghaeltacht Chonamara á scrúdú aige “i gcomhthéacs” scéim teanga na Roinne Talmhaíochta.

De réir an fhógra don phost mar Oibrí Ginearálta ag an gcalafort, tá  ‘inmholta’ go mbeadh Gaeilge ag iarrthóirí, ach is den riachtanas go mbeadh Béarla líofa, idir scríobh agus labhairt, acu.

Tá scríofa ag an gCoimisinéir chuig an Roinn Talmhaíochta faoin scéal agus aird tarraingthe aige ar ghealltanas a thugtar i scéim teanga na Roinne go mbeidh na hoifigí Gaeltachta acu ag feidhmiú trí Ghaeilge ar fad faoin mbliain 2020.

De réir na gcáipéisí eolais a bhaineann leis an bpost céanna, tá sé riachtanach go mbeadh iarrthóirí in ann cumarsáid a dhéanamh ‘go héifeachtach’ i mBéarla, ach níl an riachtanas céanna ann ó thaobh na Gaeilge de.

Faoi mhír eile seachas ‘Essential Requirements’ a thagraítear don Ghaeilge agus tugtar le fios sa bhileog eolais go bhfuil ‘an ability to communicate effectively in Irish’ i measc na ‘desirable requirements’ don phost ag Calafort Ros an Mhíl.

Dúirt an t-iar-aire Talmhaíochta agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie inné gur cheart go mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a cheapfaí in aon phost a fhógraíonn an stát sa Ghaeltacht.

“Is as Conamara agus as Árainn iad formhór na n-iascairí a bhíonn isteach is amach as Ros an Mhíl agus ba cheart go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a bhíonn ag obair sa chalafort.

“Ba cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach d’aon phost Gaeltachta a fhógraíonn an stát. Ba cheart don Roinn Talmhaíochta an post seo atá fógartha a tharraingt siar, leasú a dhéanamh ar na riachtanais, agus é a fhógairt arís,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Níl sé ‘sásúil’ ná ‘inghlactha’ go bhfógródh roinn stáit post Gaeltachta gan riachtanas Gaeilge – Roinn na Gaeltachta'

  • Sean

    ..focail bhagartha is mogaill fholamha…
    ..na cloigne cainte céanna ag fógairt is ag píopaireacht is ag caitheamh tharstu….déanaígí rud éigint faoi agus b’fhéidir go dtuillfeadh sibh meas éigin thiar i ndeireadh.