Níl sa rún mímhuiníne san Aire Sláinte inniu ach cuid de gheamaireacht na Dála

Níl amhras ar bith ach go bhfuil ceisteanna go leor le freagairt faoin ospidéal náisiúnta leanaí ach ná bí ag súil go bhfaighfear go luath ia

Níl sa rún mímhuiníne san Aire Sláinte inniu ach cuid de gheamaireacht na Dála

Cuirfear rún mímhuiníne san Aire Sláinte Simon Harris inniu. Rún gan mórán brí a bheidh ann mar go bhfuil sé fógartha cheana féin ag Fianna Fáil go mbeidh siad ag staonadh ó vótáil. Cén fáth leanacht ar aghaidh leis an rún mar sin?

Deir Sinn Féin nach nglacann siad leis go raibh an leithscéal a ghlac Simon Harris leis an Dáil an tseachtain seo caite faoi chonspóid an róchaiteachais i gcás ospidéal náisiúnta na leanaí sásúil. Ní hionann leithscéal agus freagracht, a deir Uachtarán an pháirtí Mary Lou McDonald. Agus caithfear a rá go bhfuil cuid den cheart aice.

Tá beagán le cois leathbhilliún i gceist leis an róchaiteachas go dtí seo. Tá sé ina achrann le blianta fada faoi shuíomh an ospidéil seo, an dearadh a bheidh air agus a fheiliúnaí agus a bheidh sé. Tá sé cúig bliana ó cheap an tAire Sláinte James Reilly bord an ospidéil an chéad lá agus tá tréimhse caite ag beirt airí sa Roinn Sláinte ó shin.

Cén fáth an dtógann sé an oiread ama tionscnamh den chineál seo a fhorbairt sa tír seo? Cén fáth go bhfuil muid ag caint anois ar thuarascáil ó Price Waterhouse Coopers le soiléiriú a thabhairt dúinn ar céard a tharla le forbairt an ospidéil seo? Tuarascáil a chosnóidh os cionn €400,000. Agus tuarascáil nach gcuirfidh an milleán ná an fhreagracht ar aon duine as a bhfuil tarlaithe?

Níl amhras ar bith ach go bhfuil ceisteanna go leor le freagairt ach faoi mar atá cúrsaí faoi láthair níl aon rún ag an Aire Sláinte fanacht le torthaí an fhiosrúcháin. Dhiúltaigh sé glan ag an deireadh seachtaine do thairiscint an chomhlachta tógála BAM tarraingt siar ón bpróiseas tairisceana. Caithfear brú ar aghaidh leis an tógáil agus an fhorbairt, a deir Simon Harris. Agus céard a tharlaíonn má bhíonn malairt scéil ag PWC? Déileálfar leis an tuarascáil sin ach a mbeidh sí ullmhaithe, a deir an tAire. Cheapfainn gur fear é a bheadh sásta dá ndéanfaí roinnt athruithe ag bord an rialtais go luath agus go bhfaigheadh sé faoiseamh ón Roinn Sláinte.

Comhartha sóirt eile dá thromchúisí agus atá scéal seo an ospidéil leanaí gur cheistigh fochoiste airgeadais an mbeifí in acmhainn íoc as. Agus tá faoi chathaoirleach an Choiste Sláinte, an Dochtúir Michael Harty, Teachta Dála neamhspleách do chontae an Chláir, tacú leis an rún mímhuiníne mar gheall ar an moill le haonad nua in ospidéal Luimnigh! Cé mhéad forbairt eile a gealladh a gcuirfear moill orthu mar gheall ar an róchaiteachas seo? Agus cé mhéad Teachta Dála a bheidh faoi bhrú go háitiúil mar gheall gur loiceadh ar an ngeallúint sin?

Bí cinnte go mbeidh na ceisteanna seo ar fad á dtarraingt anuas ag polaiteoirí le linn na díospóireachta ar an rún mímhuiníne. Ach an mbeidh aon fhreagraí le fáil ar céard a tharla ? Ní bheidh. Níl ann ar fad ach cuid den gheamaireacht a bhaineann le polaitíocht na Dála. Murach éiginnteacht an Bhreatimeachta an mbeadh tuilleadh brú curtha ag Fianna Fáil ar an Rialtas? Tuigeann muid nach dtabharfadh siad de shásamh do Shinn Féin go dtacóidís le rún mímhuiníne dá gcuid ach caithfear an cheist a chur – an bhfuil muinín ag aon duine sa bpróiseas ag an tráth seo?

Fág freagra ar 'Níl sa rún mímhuiníne san Aire Sláinte inniu ach cuid de gheamaireacht na Dála'