‘Níl rud ar bith níos deacra faoin nGaeilge a fhoghlaim’ – leabhar nua faoi theagasc na Gaeilge foilsithe

Deir údar leabhair nua gur minic a chuirtear an Ghaeilge ‘i mbosca ar leith’ sa seomra ranga ach go léiríonn taighde nach gá é sin a dhéanamh

‘Níl rud ar bith níos deacra faoin nGaeilge a fhoghlaim’ – leabhar nua faoi theagasc na Gaeilge foilsithe

Níl sé tada níos deacra an Ghaeilge a fhoghlaim ná aon teanga eile, a deir údar leabhair nua faoi theagasc na teanga.

Deirtear sa leabhar nua, Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga, go bhfuil an Ghaeilge cosúil le teanga ar bith eile agus nár chóir caitheamh léi ar bhealach difriúil.

Deir údar an leabhair, an tOllamh Cúnta Cóilín Ó Floinn ó Fiontar & Scoil na Gaeilge in DCU, gur minic go gcuirtear an Ghaeilge “i mbosca ar leith” sa seomra ranga ach go léiríonn taighde nach gá é sin a dhéanamh.

“Measann a lán daoine go bhfuil an Ghaeilge difriúil ar bhealach éigin agus bíonn siad ag súil go gcaithfear ar bhealach difriúil léi sa seomra ranga ach níl an Ghaeilge difriúil ar chor ar bith agus nuair a fhéachaimid ar fhoghlaim teanga, ba cheart caitheamh leis an nGaeilge mar a chaitear le haon teanga eile.

“Ar an drochuair, cuirtear an Ghaeilge i mbosca ar leith in go leor scoileanna agus go leor seomraí ranga; cuirtear i mboilgeog churaclaim í. Níor cheart dúinn smaoineamh ar an nGaeilge mar chás speisialta, ina áit sin ba cheart dúinn a aithint go bhfuil gnéithe speisialta ag baint leis an nGaeilge. 

“Ar leibhéal áirithe, níl rud ar bith níos deacra faoin nGaeilge a fhoghlaim ná aon teanga eile.”

Cé go deir an Dr Ó Floinn go bhfuil a leabhar nua dírithe orthu siúd ar spéis leo teagasc agus foghlaim na Gaeilge, múinteoirí bunscoile san áireamh, deir sé nach leabhar é don seomra ranga.

“Ní téacsleabhar é seo chun Gaeilge a theagasc, ach is téacsleabhar é atá scríofa i nGaeilge faoi fhoghlaim teanga agus cuirtear i láthair ann na forbairtí is déanaí sa réimse sin ar bhealach a fhágann go bhfuil siad an-ábhartha d’fhoghlaim agus do theagasc na Gaeilge mar dhara teanga.”

Dar leis an údar gurb é seo an chéad leabhar i nGaeilge atá dírithe ar an teoiric agus an cleachtas atá tagtha chun cinn le 40 bliain faoi fhoghlaim an dara teanga. Pléitear dá bharr sa leabhar go leor forbairtí sa taighde ar fhoghlaim an dara teanga agus na modheolaíochtaí teagaisc teanga atá tagtha chun cinn sa tréimhse sin.

Deir Ó Floinn go bhfuil sé mar aidhm ag an leabhar “cabhrú le múinteoirí teacht ar mheascán de mhodheolaíochtaí a chabhróidh leo a gcuspóirí a bhaint amach sa seomra ranga”.

Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga á fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht.

Fág freagra ar '‘Níl rud ar bith níos deacra faoin nGaeilge a fhoghlaim’ – leabhar nua faoi theagasc na Gaeilge foilsithe'