Níl na fadhbanna fuascailte ná baol air ach tá an lá ag gealadh 

Fáilte agus faitíos roimh mhaolú srianta Covid-19 sa Tuaisceart

Níl na fadhbanna fuascailte ná baol air ach tá an lá ag gealadh 

Chuir iliomad daoine i dTuaisceart Éireann na múrtha fáilte roimh scaoileadh shrianta na paindéime Covid-19. Ba mhór an faoiseamh é an comhartha go raibh na húdaráis sásta go raibh an chontúirt ón bpaindéim insmachtaithe. Cé nárbh iontas í an fháilte tar éis dhá bhliain inar mhinic an lá chomh fada le seachtain bhí faitíos forleathan freisin.

Faoiseamh speisialta ab ea é go raibh Robin Swann in ann scaoileadh na srianta a cheadú. Ba chosúil ar feadh tamaill nach mbeadh an t-údarás aige le sin a dhéanamh ó thit an Feidhmeannas nuair a tharraing an DUP Paul Givan as an gCéad-Aireacht. Ba í an chomhairle dlí a fuair an tAire Swann gur ghá cinneadh feidhmeannais chun na rialacháin a scor ach fuair sé tacaíocht na nAirí eile atá i mbun gnóthaí chun an beart a dhéanamh. Íoróin ab ea é go bhféadfadh aistarraingt an DUP a bhí i gcoinne diansrianta fad a chur lena bhfeidhmiú. Beidh le feiceáil an dtabharfaidh éinne dúshlán na nAirí a rinne an scaoileadh.

Níl sé riachtanach faoin dlí masc a chaitheamh feasta ná teastas vacsaínithe a thaispeáint i gclub oíche, ionad siamsaíochta nó staid spóirt. Tá deireadh leis an teorainn ar an líon daoine a bhailíonn le chéile i dteach príobháideach agus ní gá rianú ar theagmhálacha a dhéanamh. 

Tá sólás le fáil ag cuid de na daoine ba mhó a bhí thíos leis an bpaindéim, na cónaitheoirí in ionaid chúraim. Tá scíth le fáil acu ón leithlisiú éigeantach; ceadófar cuairteoirí ó dhá líon tí in éineacht do gach duine. Ina theannta sin beidh cead amach chuig daoine muinteartha thar oíche ag cónaitheoir as ionad poiblí nó príobháideach,

Cé nach mbeidh feidhm dlí leis na srianta a thuilleadh d’achainigh an tAire Sláinte, Robin Swann agus saineolaithe leighis ar an bpobal an chuid is mó díobh a chleachtadh go deonach. Tá siad i bhfeidhm i gcónaí mar threoracha. Faoiseamh is ea é sin do dhaoine a bhí buartha gur cuireadh deireadh leis na rialacháin róluath toisc go bhfuil an aicíd forleathan fós agus ospidéil faoi bhrú ag Covid-19 agus fadhbanna sláinte eile.

De réir na dtreoracha ní mór mascanna a chaitheamh le béal agus srón a chlúdach, gan a bheith ag casacht ná ag sraothairt i gcomhluadar, lámha a ní agus tástáil antaigine a dhéanamh nuair is gá. Chuir sé iontas ar dhaoine a fháil amach nach raibh feidhm dlí riamh ag an treoir go gcaithfí aonrú i ndiaidh tástáil dhearfach nó teagmháil le duine a raibh Covid-19 air; treoir ab ea é agus is treoir i gcónaí é, agus na húdaráis ag impí ar dhaoine cloí leis. 

I bhfianaise a bhfuil de theacht isteach caillte ag lucht gnó le dhá bhliain cén t-iontas gur chuir siad fáilte roimh an bhfaoiseamh ó shrianta do bhialanna, tithe tábhairne agus a leithéid. Tá socruithe déanta ag a bhformhór chun custaiméirí agus oibrithe a choinneáil slán más féidir. 

Mar sin féin tá éiginnteacht faoi fheidhmiú na dtreoracha. Dhiúltaigh daoine áirithe na rialacháin a chomhlíonadh nuair a bhí feidhm dlí leo, caithfear a bheith amhrasach faoi cé chomh humhal is a bheifear do chomhairle nó moladh. Má chothaíonn iompar den chineál sin ceisteanna faoi chomh sábháilte is atá gnólacht is iomaí tomhaltóir a fhanfaidh glan air, beag beann ar dhícheall na foirne.

Tá an-chuid daoine imníoch faoi scaoileadh na srianta, faitíos orthu go gcaillfidh go leor guaim orthu féin agus go gcuirfidh siad daoine eile i gcontúirt. Is beag an faoiseamh do dhaoine atá imdhíon-lagaithe é na srianta a bheith ar bhonn deonach feasta agus is furasta a bhfaitíos a thuiscint. Tá seandaoine imníoch chomh maith, go leor cíocrach chun comhluadair tar éis tréimhse fhada uaignis ach amhras orthu nach mbeadh lá san ionad cúram lae sábháilte.

Níl na fadhbanna fuascailte ná baol air ach tá an lá ag gealadh. Ní gá anois ach a bheith cúramach ar feadh tamaill eile. 

Fág freagra ar 'Níl na fadhbanna fuascailte ná baol air ach tá an lá ag gealadh '

  • Caoimhín Ó Tuathaigh

    Ní raibh mé cinnte an sroichfimid é go deo, ach bhí solas ar deireadh an tolláin!