‘Níl muid i gcoinne aitheantas bunreachtúil a bheith ag an Ultais in Éirinn Aontaithe’ – Conradh na Gaeilge 

Aontaíodh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go mbunófaí coiste nua le plécháipéis a ullmhú faoin stádas reachtúil ba chóir a bheith ag an Ghaeilge sa chás go mbeadh Éire Aontaithe ann

‘Níl muid i gcoinne aitheantas bunreachtúil a bheith ag an Ultais in Éirinn Aontaithe’ – Conradh na Gaeilge 

Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil siad i gcoinne stádas bunreachtúil a bheith ag an Ultais in Éirinn Aontaithe.

Tá dearcadh na heagraíochta i leith stádas na hUltaise i measc na gceisteanna a bheidh faoi chaibidil ag coiste nua atá le bunú ag an Chonradh an mhí seo chugainn le plé a dhéanamh ar an stádas a bheadh ag an Ghaeilge dá mbeadh an tír athaontaithe.

Aontaíodh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine go réiteodh an coiste nua plécháipéis a dhíreoidh ar an stádas reachtúil atá ag an Ghaeilge thuaidh agus theas agus ar an stádas ba chóir a bheith aici sa chás go mbeadh Éire Aontaithe ann.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, nach bhfuiltear i gcoinne “aitheantas bunreachtúil” a bheith ag an Ultais in Éirinn Aontaithe ach nach nglacfaí le haon “ísliú” ar stádas na Gaeilge.

“Caithfidh muid a bheith ullmhaithe le ceisteanna mar seo a phlé. Tá polaiteoirí áirithe théis a bheith ag caint ar an gceist seo amhail is go mbeadh siad sásta an Ghaeilge a íobairt. Níl muid sásta glacadh leis sin,” a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar cúpla uair roimhe seo go mbeadh gá le díospóireacht faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge i measc rudaí eile chun ‘slí a dhéanamh don mhilliún duine ar an oileán ar Briotanaigh iad’.

In Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, deirtear “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”.

San Airteagal céanna, deirtear “glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile”.

Sa bhille féiniúlachta agus teanga, a tugadh isteach ó thuaidh in 2022, tugtar stádas oifigiúil don Ghaeilge den chéad uair agus deirtear go bhfuil an Ultais aitheanta mar “mhionteanga”.

Dúirt de Spáinn go mbeadh Conradh na Gaeilge ag díriú ar stádas na Gaeilge “a choinneáil” in aon bhunreacht nua.

“Tá an Ghaeilge mar chéad teanga oifigiúil sa bhunreacht. Ba mhaith linn go mbeadh an stádas céanna ag an teanga sa chás go mbeadh Éire Aontaithe ann.

“Ach cad mar gheall ar an Ultais ansin? An mbeidh Ultais aitheanta sa bhunreacht? Níl muid ina aghaidh sin ach is faoi dhaoine eile atá sé cás na hUltaise a chur chun cinn. Beidh muidne ag díriú ar an stádas bunreachtúil atá ag an nGaeilge a choinneáil,” a dúirt sé.

In 2017 mhol Coiste Oireachtais gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá a bheadh le stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’.

Is minic ceisteanna curtha ag daoine faoi chur i bhfeidhm stádas bunreachtúil na Gaeilge.

Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh i gcinneadh Ard-Chúirte in 2019 go mbíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge “floating at an abstract level” os cionn scéal casta na Gaeilge agus dearcadh mhuintir na hÉireann ina leith.

Bíodh gur teibí go maith atá stádas bunreachtúil na teanga, ní hionann sin agus a rá, arsa an Breitheamh, gur aon iarsma “quaint and aspirational” ó shaol 1937 a bhí in Airteagal 8 an Bhunreachta.

In 2015 mhol saineolaí idirnáisiúnta ar chúrsaí dlí gur cheart do bhaill an Oireachtais reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge nó seasamh le cearta teanga an tsaoránaigh.

Fág freagra ar '‘Níl muid i gcoinne aitheantas bunreachtúil a bheith ag an Ultais in Éirinn Aontaithe’ – Conradh na Gaeilge '

  • Aonghus

    An Ghaeilge mar chéad teanga againne agus an Ultais ina ‘mionteanga’ ag na haontachtaithe!

    Tugaimis aitheantas bunreachtúil di mar ‘patois’.

    An bhfuil aon duine in ann inseacht domsa cén áit ó thuaidh ina labhraítear an ‘mionteanga’ seo? Ba bhreá liom í a chloisteáil.

  • Dáithí Mac Cárthaigh
  • AnRógaire

    Cad is fiú stádas muna bhfuil i gceist ach san earnáil phoiblí amháin? Munar gá do chomhluchtaí príobháideacha a gcuid seirbhísí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúil is cur i gcéill atá ann. Seo a deir na h-instidúidí airgeadais ina gcuid coinníollacha: 10.2 The English language is and will be used for the purpose of interpreting these terms and conditions of the Account.
    An t-aon teanga oifigiúil de facto sa tír: béarla.