Gá le machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge roimh ‘Éire Aontaithe’ – Varadkar

Deir Leo Varadkar go bhfuil gá le díospóireacht faoi na rudaí a bheadh daoine sásta a ghéilleadh chun ‘slí a dhéanamh’ don mhilliún duine ar an oileán ar Briotanaigh iad’

Gá le machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge roimh ‘Éire Aontaithe’ – Varadkar

Deir an Tánaiste Leo Varadkar go gcaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú mar chuid d’aon iarracht Éire a athaontú.

Ag labhairt dó ar an gclár Claire Byrne Live aréir, dúirt Leo Varadkar go raibh gá le díospóireacht faoi na rudaí a bheadh daoine sásta a ghéilleadh chun “slí a dhéanamh” don “mhilliún duine ar an oileán seo a deir gur Briotanaigh iad agus ar Briotanaigh iad”.

“Tá rudaí ann a gcaithfimid labhairt faoi athrú a dhéanamh orthu. Tóg, mar shampla, an teideal Tánaiste nó an teideal Taoiseach, teidil thaoisigh na nGael iad sin. An mbeadh sé sin cuí in Éirinn Aontaithe mar a mbeadh milliún duine ar Briotanaigh iad.

“Cén saghas caidrimh a bheadh againn leis an mBreatain? Chaithfeadh caidreamh níos dlúithe a bheith ann ná mar atá faoi láthair. Cén chuma a bheadh air sin? Fiú an Ghaeilge, an mbeadh sí ar an gcéad…an dara teanga oifigiúil?”

Deirtear in Airteagal 8 i mBunreacht na hÉireann, “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”.

Faoin Airteagal céanna, “glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile”.

Ní hé seo an chéad uair ag Varadkar cás stádas bunreachtúil na Gaeilge a lua agus ‘Éire Aontaithe’ á plé.

Nuair a bhí sé ina Thaoiseach, dúirt Varadkar ag Féile an Phobail i mBéal Feirste in 2019 go gcaithfeadh daoine a thuiscint gur ‘Stát eile’ a bheadh ann dá mbainfí Éire Aontaithe amach.

Dúirt sé go mbeadh gá sa chás sin le bunreacht nua toisc, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifigiúil de réir Bhunreacht na hÉireann.

Le linn na díospóireachta céanna, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go gcaithfeadh vóta faoi athaontú na hÉireann a bheith ann sa chás go mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh.

Dúirt Vardkar gur ábhar scoilte a bheadh ina leithéid de vóta aimsir an Bhreatimeachta agus tráth a bhfuil sáinn pholaitiúil ann ó thuaidh. Mhaígh sé chomh maith gur údar imní a bheadh ann dá vótálfadh móramh an-bheag daoine ar son aontú na tíre.

In 2017 mhol Coiste Oireachtais gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá le stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’.

Is minic ceisteanna curtha ag daoine faoi chur i bhfeidhm stádas bunreachtúil na Gaeilge.

Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh i gcinneadh Ard-Chúirte in 2019 go mbíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge “floating at an abstract level” os cionn scéal casta na Gaeilge agus dearcadh mhuintir na hÉireann ina leith.

Bíodh gur teibí go maith atá stádas bunreachtúil na teanga, ní hionann sin agus a rá, arsa an Breitheamh, gur aon iarsma “quaint and aspirational” ó shaol 1937 a bhí in Airteagal 8 an Bhunreachta.

In 2015 mhol saineolaí idirnáisiúnta ar chúrsaí dlí gur cheart do bhaill an Oireachtais reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge nó seasamh le cearta teanga an tsaoránaigh.

Fág freagra ar 'Gá le machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge roimh ‘Éire Aontaithe’ – Varadkar'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ní bheidh mórán tacaíochta ann don mholadh an Stát seo a dhíbhunú.
    Bheadh tacaíocht láidir ann don mholadh go gcuimseodh an Stát seo na 32 Contae.

  • Antóin

    Stádas Thuaisceart Éireann is cás le hAontachtaithe i dTuaisceart Éireann agus ní stádas bunreachtúil na Gaeilge in aon chaint faoi Éirinn Aontaithe. Ach déarfainn go bhfuil sé sin ar eolas ag an Tánaiste cheana féin.

  • Lámh-lena-Bhearád Kar

    An athaontú na hÉireann atá beartaithe nó briseadh na hÉireann? Sin arís Fine Gael – ag déanamh leithscéal de na hAontachtaigh leis an rud a dhéanamh atá siad féin a bheartú le fada an lá – áit dhlisteanach bhunreachtúil a thabhairt don Bhriotanachas sa tír seo agus an bonn a bhaint as faoin tsean-náisiún. Is gaiste a d’fhágfadh cuid mhór de na hAontachtaigh an Briotanachas ina ndiaidh ná formhór na bhFine Gaelach.

  • S. Mac Muirí

    Á bó bó!
    Tá na hibernians ar leathmhaing ó buaileadh an cac as a n-iarracht na dubhchrónaigh a chomóradh. Caithfidh sé go bhfuil an t-ábhar céanna ar creat iontu roimh athrú aigne mhuintir na hAlban ar na saolta so. Feicfear trí cheathrú FF móide FG ag santú a n-aontaithe leis an UUP. Thabharfadh an leá ina chéile iad os cionn líon guthaíochta SF móide Neamhspleáigh 7 An Duine Seacha Brabús.
    Ar mullach na barrúlachta go léir, amach as an drúcht geal ceo feicfimid Liadha Ní Riada ina mearshiúl síos Br. na Seanchille, Beartas Teangadh Bhéal Feirste faoina hascaill aici 7 an chailleach dhearg feistithe go feirc uirthi i gcuimhne an tSommie nár phill ar ascaill a ghleanna féin go sea.
    Is mór an gar iad aos na háilteoireachta i mbaile gan siamsa tráth so na táimhe.

  • Donncha

    Nach tapaidh a chuimhnigh sé ar stádas na Gaeilge. Ní chuimhneodh sé ar an príomhchathair a bhogadh ó BhÁC. Chuimhneoinnse air sin anathapaidh ambaist…

  • Bocstaí

    Os rud é go bhfuil Varadkar agus a lucht tacaíochta in FG ag moladh gach rud sainiúil Gaelach a chaitheamh amach mar shop do na haontachtaithe, b’fhéidir gur chóir dó ainm a pháirtí féin a athrú go ‘Fine Gall’, ainm a bheadh níos cruinne mar chur síos ar a pháirtí féin. Níl blas ar bith den Ghaelachas iontu siúd atá ar theann a ndícheall galldú iomlán na tíre a chur i bhfeidhm.

  • Marcas Mac Pháidín

    Aontaím go hiomlán leis an dearcadh go bhfuil Leo Varadkar agus Fine Gael ag lorg leithscéil le céim síos a thabhairt don Ghaeilge agus ní bheadh iontas orm dá mbeadh tacaíocht aige ó dhaoine i bpáirtithe eile. Bliantaí fada ó shin, léigh mé “The Coloniser and the Colonised” le Albert Mimi agus mhínigh sé an proiséas a tharla faoi choilíneachais inar thosaigh muintir coilínithe ag déanamh aithrise ar na coilínigh ó thaobh teanga agus nósanna. Seans gur mhaith le Varadkhar an proiséas seo a chríochnú in Éirinn.
    Bheadh sé níos úsáidí dá mbeadh polaiteoirí ó dheas ag diriú fuinnimh ar ár dteanga náisiúnta a normalú sa ghnathshaol agus gan i a imeallú a thuilleadh. An bhfuil Varadkhar cinnte go bhfuil milliún duine sa tuaisceart nach gcreideann gur leo an Ghaeilge ar chor ar bith. Is Preispitéireach mise a rugadh agus a togadh i mBéal Feirste.