‘Ba chóir scrúdú a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’ – Coiste Oireachtais

Tagraítear i dtuarascáil nua ó Choiste Oireachtais do mholtaí éagsúla sa leabhar Countdown to Unity: Debating Irish Reunification, ina measc go ndéanfaí athbhreithniú ar stádas bunreachtúil na Gaeilge

‘Ba chóir scrúdú a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’ – Coiste Oireachtais

Richard Humphreys (sa lár). Pictiúr: Maxwells

Tá ráite ag Coiste Oireachtais gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá le stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’.

Sa tuarascáil Na hImpleachtaí atá ag Brexit do Chomhaontú Aoine an Chéasta, a d’fhoilsigh an Coiste Oireachtais a bhíonn ag plé le feidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta inné, deirtear gur chóir scrúdú a dhéanamh ar mholtaí an Bhreithimh Richard Humphreys maidir le hathruithe bunreachtúla dá mbeadh Éire Aontaithe.

Tagraítear i dtuarascáil an Oireachtais do mholtaí éagsúla i leabhar Humphreys, Countdown to Unity: Debating Irish Reunification, ina measc go ndéanfaí athbhreithniú ar stádas bunreachtúil na Gaeilge.

“I gcomhthéacs leagan amach polaitiúil nua, d’fhéadfadh go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh chomh maith ar an tosaíocht a thugann an Bunreacht don Ghaeilge.

Seachas an cheist faoi aitheantas don Ultais mar theanga oifigiúil eile agus an cheist faoi an bhféadfaí tosaíocht a thabhairt san fhadtéarma do theanga oifigiúil amháin seachas ceann eile, bheadh ceist chomh maith ann faoin gcosaint ó leithcheal ba ghá a thabhairt do dhaoine sa Stát nach bhfuil cumas Gaeilge acu.

Sa chomhthéacs sin, ba ghá machnamh a dhéanamh ar an riachtanas Gaeilge do mhic léinn, do dhlíodóirí agus do dhaoine eile,” a deir an Breitheamh Richard Humphreys i sliocht as a leabhar a fhoilsítear sa tuarascáil Oireachtais nua faoi cheist an Bhreatimeachta.

Dar le Humphreys go bhfuil “stádas leathoifigiúil” bainte amach ag an Ultais i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go n-aithnítear í a bheag nó a mhór sa reachtaíocht a bhaineann leis an bhforas teanga trasteorann. Dá bharr sin “chaithfí an cheist a chur ar cheart aitheantas reachtúil a thabhairt don Ultais chomh maith le Gaeilge agus Béarla”.

Maíonn Humphreys ina leabhar go bhféadfaí aitheantas a thabhairt don Ultais ar bhonn “foirmeálta amháin” seachas freastal cuimsitheach a dhéanamh ar chearta lucht a labhartha mar atá i gceist do lucht labhartha na Gaeilge in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Dar leis, thabharfadh a leithéid de stádas oifigiúil don Ultais le fios go mbeadh bheith istigh ag cách sa stát 26 contae ar dtús, agus go mbeadh an stádas sin mar chuid den chás stát uileghabhálach 32 contae ina dhiaidh sin.

Maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mBunreacht ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’ gur beag seans go bhféadfaí a leithéid a bhaint amach ceal leasuithe bunreachtúla.

“Tá cuid mhór den Bhunreacht sáinnithe sa mhúnla a bhí againn go dtí seo, agus maidir leis an aisling bhunaidh go bhféadfaí Éire Aontaithe a bhaint amach faoin mBunreacht mar atá, gan leasuithe faoi leith a dhéanamh, aisling a mbeadh fuar aici atá inti.

“D’fhéadfaí, gan amhras, an t-athbhreithniú ar na forálacha seo a chur ar an méar fhada, sine die, go dtí go mbeadh athaontú réidh le tarlú. Mar sin féin, tharlódh gurbh fhearr tús a chur leis an athbhreithniú tráth a bhfuil cúrsaí níos suaimhní.”

Deirtear i dtuarascáil an Choiste Oireachtais gur cuí ráiteas de chuid Martin Mansergh i dtaobh an chur chuige a mholann an Breitheamh Humphreys.

“Ní gá dúinn a bhfuilimid dílis dó a thréigean de réir mar a threisímid ár gcomhbhá”.

Fág freagra ar '‘Ba chóir scrúdú a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’ – Coiste Oireachtais'

  • Lillis Ó Laoire

    Cad é faoi dhaoine a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu agus an leithcheal atáthar a dhéanamh orthusan?

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Sea go deimhin, tabhair cuireadh oifigiúil agus gach liúntas do Coiste Forbartha Ghaeltachta Chontae an Chláir nó do ionadaí dá gcuid héin chun gach deacracht teanga agus cultúir a phlé le coiste an oireachtais sa teanga náisiúnta amháin i dtosach, ó thaobh an tSaiocht Náisiúnta dhe.

  • Mánus

    Bíodh gur stádas bunreachtúil teoiriciúil den cuid is mó atá i gceist in Airteagail 8 is céim eile é seo ar bhóthar an “Establishment” go Sasana Nua na hÉireann. Seans anois go dtionólfar cinbhinsin bunreachtúil le beannachtaí FFFG. Má bhíonn reifreann faoi Airtigil 8 beidh teanga dúchais an oileáin seo faoi ionsaí ar an dá thaobh den teorainn ar bhealach níos nimhní ná a bhfacamar riaimh. Mo léan, beidh Ultais Dhún na nGall srl á mhaslú freisin ag aineolaithe “náisiúnacha” agus “poblachtánacha”.