Níl deireadh déanta ag Luimneach ná Cian Lynch ná baol air

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluiche ceannais iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Luimneach

Níl deireadh déanta ag Luimneach ná Cian Lynch ná baol air

Cosantóirí Luimnigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Níl deireadh le Luimneach go fóill

Bhí taispeántas Luimnigh i gcluiche ceannais na hÉireann níos fearr ná aon rud atá feicthe againn ó aon fhoireann iomána le tamall fada ach cá bhfios arbh é sin buaic na foirne? Cinnte ní bheidh mórán de na himreoirí á gcur amach ar féarach ag deireadh na bliana.

Is é Nickie Quaid an t-imreoir is sine ar an bhfoireann agus é 32 bliain d’aois ach tá an cúl báire ag imirt níos fearr ná mar a bhí riamh agus déarfá go mbeidh ar a laghad dhá nó trí bliana eile aige sula dtosóidh sé ag cuimhneamh ar éirí as an imirt.

Ba é Graeme Mulcahy na t-imreoir is sine a d’imir do Luimneach sa chluiche ceannais ach tá an tosach, atá 31 bliain d’aois, ina ionadaí anois. 

Den fhoireann a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann, ba é Declan Hannon an dara duine is sine ach níl an captaen ach 28, an aois chéanna le Dan Morrissey. Tá gach duine eile ar an bhfoireann i lár na bhfichidí nó níos óige. Ochtar, níos mó ná leath den fhoireann, atá 25 nó faoina bhun, leithéidí Cian Lynch, Seán Finn, Aaron Gillane, Kyle Hayes agus Barry Nash ina measc.

Tá an bhearna idir Luimneach agus na foirne eile sa tír níos mó ná mar a bhí sí riamh agus ní léir cé a thabharfaidh a ndúshlán amach anseo. Tá Corcaigh ag teacht ach go soiléir a léiríodh an bhearna idir na foirne ag an deireadh seachtaine. Tá Gaillimh tite siar go mór agus obair mhór ag teastáil chun go mbeidh siad san iomaíocht arís. Tá a gcuid fadhbanna féin ag contae an Chláir, ag Loch Garman agus ag Cill Chainnigh.

Tá Port Láirge ag dul sa treo ceart ach buille mór a bheidh ann má fhágann Liam Cahill chun ceannas a ghlacadh ar a chontae dúchais. Tá deireadh ré i dTiobraid Árann faoi láthair ach tá aithne ag Cahill ar na himreoirí óga atá le múnlú. Seans go mbeadh an mhuinín ag na Tiobraid Árannaigh gurb iadsan is túisce a bhainfidh tuisle as curaidh na hÉireann. Rud eile ar fad é, ar ndóigh é sin a dhéanamh.

Léiriú eile ar thábhacht Lynch

Tá a lán ráite faoin taispeántas a thug Cian Lynch i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, ach ní fhéadfaí dul thar fóir leis an moladh do leatosaí láir Luimnigh. Scóráil Gearóid Hegarty 2-2 sa chluiche ceannais, fuair Peter Casey 0-5 agus gan é ach ar an bpáirc ach 35 nóiméad, ach is beag amhras a bhí ann gurb é Lynch laoch na himeartha agus léirigh na staitisticí a chumas.

Tá cáil bainte amach ag Lynch mar imreoir a chruthaíonn deiseanna do na himreoirí eile ina thimpeall ach fuair fear Thobar Phádraig 0-6 é féin in aghaidh Chorcaí. Bhí na deiseanna á gcruthú aige freisin, áfach, agus den 3-32 a scóráil Luimneach sa chluiche ceannais, thug Lynch an pas cinniúnach i gcás 2-10 díobh, chun cur lena shé phointe féin.

Tá gaiscígh ar fud na páirce ag Luimneach ach ní maíomh bréige a rá gurb é Lynch an duine is tábhachtaí acu go léir. Den 116 scór (8-108) a fuair Luimneach sna cheithre chluiche craoibhe a bhí acu i mbliana, bhí baint dhíreach ag Lynch le níos mó ná aon trian acu. 

D’aimsigh sé 0-13 i gcraobh na bliana seo, 11% de scóranna Luimnigh, agus chruthaigh sé 29 scór eile (4-25), 25% de na scóranna a fuair Luimneach sa chraobh. Fágann sin gurb é Lynch a scóráil nó a thug an pas cinniúnach i 36% de scóranna Luimnigh i gCraobh 2021.

Scrios déanta ar phlean nua Chorcaí

Bhí taispeántas Luimnigh chomh maith sin i gcluiche ceannais na hÉireann, go háirithe sa chéad leath, gur chuma ar bhealach céard a dhéanfadh Corcaigh le stop a chur leo. Cibé teaicticí a bheadh roghnaithe ag Kieran Kingston, seans nach n-oibreodh siad ach ba léir nár chuidigh cuid de na cinntí a rinne Kingston agus foireann bainistíochta Chorcaí lena gcás.

Sa chaint uile roimh an gcluiche bhí an-bhéim ar Chian Lynch agus cé a chuirfí á mharcáil. Seans go mbeadh an dualgas leagtha ar Ger Millerick, a bhí ar fheabhas i gcoinne TJ Reid sa chluiche leathcheannais, ach gortaíodh Millerick sa chluiche céanna agus ní raibh sé ar fáil.

Bhí ag éirí go maith le Mark Coleman mar chosantóir le cois do Chorcaigh i mbliana agus is beag duine a cheap go dtabharfaí an jab dó Lynch a mharcáil ach b’in mar a tharla agus cinneadh uafásach a bhí ann.

Ní hé gur thug Coleman cead a chinn do Lynch a rogha rud a dhéanamh ach fágadh Niall O’Leary, Robert Downey agus Seán O’Donoghue gan aon chúnamh sa líne lán chúil agus rinne tosaithe Luimnigh scrios.

Anuas air sin, lean leathchúlaithe cliatháin Chorcaí, Tim O’Mahony agus Eoin Cadogan, beirt Luimnigh, Tom Morrissey agus Gearóid Hegarty ar fud na páirce agus fágadh acraí spáis os comhair Shéamus Flanagan, Aaron Gillane agus Peter Casey. Faoi dheireadh an chéad leatha, bhí 1-9 scóráilte ag an triúr agus bhí rás Chorcaí rite. 

Baineadh O’Leary agus O’Donoghue den pháirc sa dara leath ach bhí an damáiste déanta ag an gcinneadh a rinneadh an córas imeartha a bhí ag Corcaigh i gcaitheamh na craoibhe a chaitheamh i dtraipisí don chluiche ceannais.

Fáilte á cur roimh na sluaite arís

Ní raibh ach leath an méid daoine i bPáirc an Chrócaigh is a bhí in 2018 nuair a d’imir foireann seo Luimnigh ina gcéad chluiche ceannais, ach seans go mairfidh an t-atmaisféar a bhí ann roimh thús na himeartha Dé Domhnaigh níos faide i gcuimhne na n-imreoirí.

Fiú agus gan ann ach 40,000 duine, bhí gleo dochreidte ann agus na foirne ag siúl timpeall na páirce don pharáid. Mheas roinnt mhaith daoine a bhí i láthair, iriseoirí a bhfuil taithí na mblianta acu ar ócáidí móra i bPáirc an Chrócaigh san áireamh, go raibh an slua níos glóraí Dé Domhnaigh ná mar a bhí ag go leor leor cluichí móra eile, fiú nuair a bhí na áit lán go boimbéal.

Bhí tionchar an ghleo le haithint ar an gcluiche freisin agus bhí an-luas go deo faoin imirt sa chéad chúig nóiméad agus an dá fhoireann i mbarr a maitheasa. Mura mbeadh an cúl sin scóráilte ag Gearóid Hegarty théis dhá nóiméad, seans nach mbeadh cinneadh déanta ag Shane Kingston tabhairt faoi chúl é féin nuair a fuair sé seilbh na liathróide 45 slat amach ó chúl Luimnigh cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

Tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan anuraidh agus gan duine ná deoraí i láthair, ba léir gur bhain Luimneach sásamh ar leith as a muintir agus a lucht tacaíochta a bheith i láthair chun gaisce mór na bliana seo a fheiceáil.

Fág freagra ar 'Níl deireadh déanta ag Luimneach ná Cian Lynch ná baol air'