Níl cúis ar bith nach féidir linn áit a fháil i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain

Sheas muid an fód i gcoinne na hAfraice Theas trí seachtaine ó shin, níl cúis ar bith nach féidir é sin a dhéanamh arís in aghaidh na Nua-Shéalainne

Níl cúis ar bith nach féidir linn áit a fháil i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain

Is iomaí éacht a dhéanfar má éiríonn le foireann na hÉireann an lámh in uachtar a fháil ar an Nua-Shéalainn i gcluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain anocht. Bainfidh siad babhtaí leathcheannais Chorn an Domhain amach den chéad uair agus naoi n-iarracht tugtha faoi go dtí seo.  Beidh an ceann is fearr faighte acu ar na hAll Blacks den chéad uair ariamh sa gcomórtas seo. Chas muid orthu faoi dhó cheana sa gcomórtas ach theip orainn sa dá chluiche sin, i 1995 agus in 2019.

Beidh an dá sprioc sin dúshlánach ach tá sólás agus b’fhéidir dóchas le fáil sa méid gur bhuail na hÉireannaigh na hAll Blacks faoi chúig ó 2016, in Wellington i mí Iúil 2022 go deireanach. Ainneoin na chúig bhua stairiúil sin is fiú a mheabhrú gur bhuaigh na hAll Blacks orainne tríocha babhta ar fad (comhscór a bhí ann babhta amháin).

Ach tá foireann na hÉireann in áit éagsúil ar fad anois.  Is iad atá ar bharr thábla foirne rugbaí an domhain. Tá seacht gcluiche dhéag idirnáisiúnta imeartha acu ó chaill siad aon chluiche agus tá cúpla imreoir ag imirt leo atá á lua mar na himreoirí rugbaí is fearr ar domhan faoi láthair. Ábhar dóchais go cinnte.

Mar sin féin, ní féidir beagán a dhéanamh de na hAll Blacks.  Cuimhnigh gur bhuaigh siad an comórtas seo faoi thrí roimhe seo, i 1987, in 2011 agus in 2015. Tá siad ag súil le deis díoltas a fháil orainne ón samhradh seo caite nuair a fuair muid an ceann is fearr orthu i dtástáil trí chluiche sa Nua-Shéalainn agus creideann siad go bhfuil deis iontach acu é sin a dhéanamh anocht.

Más linn toradh mar sin a sheachaint caithfidh chuile imreoir den triúr fichead atá Andy Farrell a chur chun páirce imirt níos fearr ná mar a rinne siad ariamh. Ní hamháin sin, ach caithfidh chuile imirt atá cleachta acu feidhmiú céad faoin gcéad, idir na sínte amach, clibirtí agus níos tábhachtaí fós, soláthar na liathróide ón gcliseadh.

Má éiríonn leis na hAll Blacks moill a chur ar Gibson Parks agus é ag aistriú na liathróide siar ó na tosaithe go dtí na cúlaithe, beidh dóthain ama ag na hAll Blacks chun a líne chúil agus a gcuid cosanta féin a eagrú agus ní bheidh fáil ar bhearnaí mar a d’aimsigh Ringrose agus Keenan i gcoinne na hAlban seachtain ó shin.

Ag an am céanna, má éiríonn le himreoirí Andy Farrell a líne chosanta féin a eagrú mar a rinne siad sa gcomórtas go dtí seo beidh bearnaí gann ar na hAll Blacks, rud a chuirfeas le sprid agus le muinín na hÉireann.

Is éasca sin a rá.  Tá ochtó nóiméad d’imirt an-chrua agus thar a bheith fisiciúil romhainn anocht i gcoinne cuid de na himreoirí rugbaí is fearr a d’imir an cluiche seo ariamh. Mar sin féin, sheas muid an fód i gcoinne na hAfraice Theas trí seachtaine ó shin.  Níl cúis ar bith nach féidir é sin a dhéanamh arís.

Níl na geallghlacadóirí féin in ann na foirne seo a scaradh roimh thús an chluiche agus níl mise in ann sin a dhéanamh ach oiread. Ní bhíonn a dhath ariamh idir na foirne seo.

Tá súil agam nach mbeidh toradh an chluiche seo ag brath ar aon chinneadh a dhéanfaidh an réiteoir Wayne Barnes. B’fhearr ar fad é a fhágáil faoi na himreoirí. Má tharlaíonn sin, níl cúis ar bith nach féidir linn áit a fháil sa chluiche leathcheannais, cé nach mbeidh sé sin éasca.

Fág freagra ar 'Níl cúis ar bith nach féidir linn áit a fháil i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain'