Níl Conamara sa gcomhaireamh an iarraidh seo in Boston

Toghchán stairiúil a bheidh i dtoghchán na méarachta in Boston an mhí seo chugainn nuair a thoghfar bean agus duine nach den chine bán í den chéad uair

Níl Conamara sa gcomhaireamh an iarraidh seo in Boston

Níl Conamara sa gcomhaireamh an iarraidh seo; ní chuirfear aon chomharthaí amach sna cnoic ag tacú le ceachtar iarrthóir i dtoghchán na Méarachta i mBoston. Tá athrú datha ar pholaitíocht chathair mhór na nGael sna Stáit Aontaithe. Duine nach den chine bán Eorpach í a thoghfar ansin ar an 2 Samhain. Bean a thoghfar freisin, an chéad uair ariamh a gcuirfidh an pobal féin bean i bpost an Mhéara i mBoston.

De bhunadh na hÁise í an Comhairleoir Cathrach Michelle Wu; ba imirceoirí as an Téaváin a muintir. Cúlra Arabach agus Eorpach atá ag a céile comhraic, an Comhairleoir Cathrach, Annissa Essaibi George. Daonlathaigh an bheirt acu, mar is iondúil i dtoghcháin chathair Bhoston.

Mar a tharlaíonn sé, ba í an bhean a tháinig isteach mar Mhéara ar bhonn sealadach níos túisce i mbliana, in áit Marty Walsh (nuair a cuireadh glaoch airsean chuig post i Rialtas Joe Biden in Washington) – Kim Janey – an chéad bhean ariamh a fuair post an Mhéara. Ach ba ag líonadh bearna a bhí sise nó go dtionólfaí an toghchán seo. Den chine dubh í Kim Janey ach, ait go leor, níor éirigh léi sna réamhthoghcháin do phost an Mhéara agus rinne go leor daoine iontas de sin. Ceapadh go seasfadh an pobal dubh i gceantracha ar nós Roxbury agus Mattapan go láidir léi. Síleadh go mbainfeadh sí amach an babhta deireanach vótála, ar a laghad. Anois tá lorg na dtíortha ó dheas le tabhairt faoi deara go láidir ar pholaitíocht Bhoston.

Cé go bhfuil cairdeas maith pearsanta idir Wu agus Essaibi George ar an gComhairle Cathrach i mBoston, níl siad ar aon bhuille amháin ó thaobh fealsúnacht pholaitiúil de. D’fhógair Wu, a tháinig aniar as Chicago go Boston riar blianta ó shin, go raibh sí le dhul sa tóir ar phost an Mhéara fiú sula raibh glaoch ar bith go Washington ar Marty Walsh. Chuile sheans go raibh barúil mhaith aici go mbeadh fear Chonamara ag athrú go Washington ach san am céanna bhí sí sásta a dhul sa seans agus iarraidh a thabhairt faoin toghchán. D’fhógair sí nach raibh sí sásta go raibh dul chun cinn sách maith á dhéanamh ar ábhair shóisialta, tithe ró-dhaor, an córas oideachais agus cúrsaí eile feabhsúcháin mall ag teannadh ar aghaidh. Facthas í mar iarrthóir a thabharfadh troid mhaith do Mharty Walsh. Ní raibh an rás sin ann, sa deireadh.

Tá os cionn scór polaiteoir sa gcóras polaitíochta Stáit in Massachusetts tar éis tacaíocht a fhógairt do Michelle Wu agus tá an Seanadóir Elizabeth Warren ina measc. Fuair sí aitheantas an-tábhachtach an tseachtain seo nuair a d’fhógair an Seanadóir Edward Markey – duine de bheirt Massachusetts i Seanad Mheiriceá – go bhfuil seisean ag tacú léi.

Ach, níl an rás rite fós.

Cé go raibh sí roinnt mall ag fógairt go mbeadh sí sa rás, tá Annissa Essaibi George théis a theacht sna sála ar Michelle Wu sna pobalbhreitheanna.

In Dorchester (ceantar atá aitheanta go mór leis na hÉireannaigh) a rugadh agus a tógadh Essaibi George agus is ansin a chónaíonn sí i gcónaí. Bhí sí ina múinteoir scoile agus tá lámh aice in imeachtaí gnó.

I gcuid de na pobalbhreitheanna is deireanaí tá tacaíocht 52% ag Michelle Wu agus 48% ag Annissa Essaibi George.

Bheadh Wu níos faide ar chlé i measc na nDaonlathach ná Essaibi George. Tá smacht ar arduithe cíosa ar cheann de na polasaithe atá ag Wu agus í freisin ag moladh go mbeadh 25% de na tithe/árasáin i bhforbairtí nua ar fáil mar áiteacha cónaithe sóisialta. Ní aontaíonn Essaibi George leis sin. Níl ceardchumainn an lucht tógála ag aontú leis ach an oiread.

Ocht mbliana go ham seo tháinig na ceardchumainn i mBoston go láidir a chúnamh do Mharty Walsh. Duine acu féin a bhí ann. Is cinnte gur chuir an tacaíocht sin go mór leis an bhfeachtas a bhí aige. Bhí fir agus mná as Conamara amuigh ar choirnéil sráide ar fud na cathrach ag fógairt amach a gcuid tacaíochta. Chuidigh sé seo uilig leis na ceangail a rinne Marty Walsh le chuile aicme sa gcathair. Bhí an rud céanna amhlaidh ceithre bliana ó shin ach go mba léir nár theastaigh an tacaíocht chomh práinneach an uair sin. Bhí a dhá oiread vótaí ag Marty agus bhí ag Tito Jackson, a bhí ina aghaidh in 2017.

Ar thaobh Annissa Essaibi George atá na ceardchumainn – nó a bhformhór – an iarraidh seo. Táthar ag tuairimíocht go mbeadh Essaibi George ar an intinn chéanna faoi eacnamaíocht na cathrach agus a bhí Marty Walsh. Tuigtear go ndeachaigh máthair Essaibi George agus Mary Joe Pheadair, máthair Mharty Walsh, ag vótáil in éineacht sna réamhthoghcháin.

Ní dóigh go mbeidh baill na gceardchumann chomh bíogtha ag tacú le Essaibi George agus a bhíodar le Marty Walsh – sin a chreideann Tomás Ó Conaire as Ros Muc atá ina chónaí in Massachusetts agus a bhí an-ghníomhach i bhfeachtais Marty Walsh.

Creideann seisean gur dóigh go mbeidh an bua ag Michelle Wu sa deireadh. “Cheapfainn go dtabharfaidh sí na mionlaigh léi,” a deir seisean.

In uachtar atá na mionlaigh nuair a chuirtear iad i dteanna a chéile i mBoston anois. Mar seo atá an leagan amach ar chúlra ginealais dhaonra na cathrach, an cine bán 44%, an cine dubh, 19.1%, Easpáinnigh, 18.7%, Meiriceánaigh Áiseacha, 11.21%; agus ciníocha eile, Meiriceánaigh dhúchasacha ina measc, 6.4%.

Níl Conamara sa gcomhaireamh an iarraidh seo; b’fhéidir nach mbeadh aríst go brách i suíochán an Mhéara i mBoston.

Fág freagra ar 'Níl Conamara sa gcomhaireamh an iarraidh seo in Boston'