Níl ‘ciall’ ar bith a rá nach bhfuil €1.8 milliún ar fáil do dheontas Gaeltachta as buiséad €10 billiún

Tá cáineadh déanta ar an Aire Oideachais Richard Bruton as maíomh nach bhfuil airgead ag a roinn an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí a thabhairt ar ais

Níl ‘ciall’ ar bith a rá nach bhfuil €1.8 milliún ar fáil do dheontas Gaeltachta as buiséad €10 billiún

Níl “ciall” ar bith leis an Aire Oideachais Richard Bruton a bheith ag rá nach bhfuil €1.8 milliún ar fáil do dheontas Gaeltachta d’ábhar oidí nuair atá buiséad €10 billiún ag a roinn.

B’in a bhí le rá ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív faoi mhaíomh an Aire Oideachais nach bhfuil an t-airgead ann an deontas a d’íoctaí le múinteoirí faoi oiliúint chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais.

Tá an cinneadh fáil réidh leis an deontas Gaeltachta ina chnámh spairne ó cuireadh deireadh leis an deontas in 2011 agus dúirt Richard Bruton go neamhbhalbh sa Dáil an tseachtain seo caite nach bhfuil sé i gceist an deontas a thabhairt ar ais.

“Níl an maoiniú ar fáil do mo Roinnse chun an tacaíocht sin a chur ar ais,” a dúirt an tAire Oideachais.

€1.8 milliún sa bhliain a chosnódh sé costas iomlán a dtréimhsí sa Ghaeltacht a íoc don 1,200 ábhar oide, agus €1 milliún a bheadh i gceist  dá gcuirfí na rátaí maoinithe a bhí ann roimhe seo i bhfeidhm. 

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach raibh “ciall ná réasún ar bith” le maíomh an Aire gur easpa maoinithe ba chúis le gan an deontas a thabhairt ar ais.

“Níl ciall ná réasún ar bith leis an bhfreagra Dála a thug sé domsa. Seafóid atá ann a bheith ag rá nach bhfuil €1.8 milliún ar fáil do scéim thábhachtach mar seo nuair atá buiséad breis is €10 billiún aige.

“Tá géarchéim ann maidir le heaspa múinteoirí Gaeilge agus maidir le heaspa múinteoirí le Gaeilge líofa do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Ní féidir Gaeilge a mhúineadh mura bhfuil Gaeilge ag na múinteoirí féin, tá sé chomh simplí sin.”

“Chuideodh sé go mór dá mbeadh tréimhse níos faide agus níos déine le caitheamh acu sa Ghaeltacht agus í ina gnáthchuid de ghnáthoiliúnt na múinteoirí agus í íoctha dá réir. Chomh maith leis sin chothódh a leithéid de chúrsa sa Ghaeltacht grá don Ghaeilge i measc múinteoirí ar bhealach nach n-éiríonn le cúrsaí acadúla a dhéanamh,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív nach fiú don Rialtas a bheith ag caint ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht nuair “atá cinntí eile mar seo dá dtógáil” atá “ag teacht salach” ar na polasaithe sin.

Dúirt Richard Bruton gur cinneadh deireadh a chur leis an deontas do thréimhse Ghaeltachta na n-ábhar oidí le linn na géarchéime eacnamaíochta “nuair ab éigean cinntí an-deacair a dhéanamh” faoi chúrsaí airgeadais.  

Dúirt sé gur tugadh tosaíocht an uair sin do chosaint acmhainní do sheirbhísí tosaigh oideachais “chomh fada agus a d’fhéadfaí sin a dhéanamh” agus gur bhain “dúshlán mór leis sin” go fóill mar gheall ar an bhfás ar líon na bpáistí atá in aois scoile.

Ó cuireadh deireadh leis an deontas in 2011, tá polaiteoirí, eagraíochtaí teanga agus lucht an ghaeloideachais ag éileamh go dtabharfaí ar ais é.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie cheana go bhféadfaí “an deontas seo a chur ar ais maidin amárach dá mbeadh an toil ann” agus gur “cheist tosaíochtaí seachas ceist bhuiséid atá ann”.

Ar na heagraíochtaí atá ag iarraidh go dtabharfaí ar ais an deontas d’ábhar oidí, tá an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Chuir COGG aighneacht faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i mbliana inar éilíodh go dtabharfaí ar ais an deontas. 

Cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí in 2011 toisc, a dúradh, go raibh acmhainní gann.

Tá an tAire Stáit de chuid Fhine Gael Brendan Griffin i measc na ndaoine a dúirt le Tuairisc.ie cheana go raibh sé “in am” an deontas d’ábhar oidí a thabhairt ar ais” i bhfianaise an fheabhais atá tagtha ar an ngeilleagar ón uair a cuireadh deireadh leis.

Sa ráiteas is déanaí uaidh faoin scéal, dúirt an tAire Oideachais go bhfuil tacaíocht ar fáil i gcónaí do mhic léinn atá i dteideal deontas tríú leibhéal iomlán. Is féidir leo siúd, a dúirt sé, cur isteach ar mhaoiniú do thréimhse Ghaeltachta faoin scéim atá ann maidir le costais taistil agus lóistín d’obair pháirce. I gcásanna eile ina mbeadh riachtanais ar leith ag mac léinn, d’fhéadfadh sé nó sí tacaíocht a iarraidh faoin gCiste Cúnta do Mhic Léinn, a dúirt an tAire Oideachais agus scileanna.

Fág freagra ar 'Níl ‘ciall’ ar bith a rá nach bhfuil €1.8 milliún ar fáil do dheontas Gaeltachta as buiséad €10 billiún'

  • Aoife NíDí

    Stop ag tacú leis an rialtas mar sin a Éamon!