‘Níl ár ndualgas ó thaobh na Gaeilge á chomhlíonadh againn’ – Stiúrthóir Ábhar RTÉ

Ghéill Ardstiúrthóir agus Stiúrthóir Ábhar RTÉ inniu go bhfuil easnaimh mhóra ar sholáthar Gaeilge an chraoltóra phoiblí

‘Níl ár ndualgas ó thaobh na Gaeilge á chomhlíonadh againn’ – Stiúrthóir Ábhar RTÉ

Tá ráite ag Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings nach bhfuil an eagraíocht ag comhlíonadh a dualgais maidir le soláthar clár Gaeilge.

Cé gur minic RTÉ cáinte le blianta mar gheall ar a sholáthar Gaeilge, seo an chéad uair le fada ag bainisteoir sinsearach de chuid an chraoltóra géilleadh go bhfuil easnaimh sa soláthar sin.

Ag labhairt dó ag cruinniú den Choiste Um Chuntais Phoiblí tráthnóna inniu, dúirt Jennings go raibh sé féin ag iarraidh go mbeadh an oiread céanna clár Gaeilge ar RTÉ agus a bhíodh “roimh na ciorruithe”.

“Tá cuid mhór bearnaí ann inár soláthar clár Gaeilge,” a dúirt Jennings.

Dúirt Ardstiúrthóir RTÉ ag cruinniú an lae inniu i dTithe an Oireachtais go raibh titim €100 milliún ar theacht isteach RTÉ le deich mbliana anuas agus gurb in an fáth nach raibh dóthain infheistíochta á déanamh i gcláir Ghaeilge agus i réimsí eile.

Dúirt sí nach raibh a ndóthain acmhainní ag RTÉ agus go raibh dúshláin mhóra phráinneacha ag bagairt ar an eagraíocht.

Dúirt Forbes nach raibh an córas ceadúnas teilifíse mar atá feiliúnach don fheidhm atá aige.

Jim Jennings. Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Dúirt Jennings chomh maith tráthnóna nach dtuigtear cé chomh daor is atá sé cláir drámaíochta a dhéanamh ag baile i gcomparáid len iad a cheannach thar lear.

Dúirt sé gur féidir leithéidí an chláir Mheiriceánaigh Homeland a cheannach ar €5000 an uair an chloig ach go gcosnaíonn sé €1 milliún uair a chloig de chlár drámaíochta nua a dhéanamh in Éirinn.

Fág freagra ar '‘Níl ár ndualgas ó thaobh na Gaeilge á chomhlíonadh againn’ – Stiúrthóir Ábhar RTÉ'