Níl aon ní as an áireamh ar Dhomhnach seo na sraithe

Tá giodam, guais, goimh agus gadhraíl faoin gcaid sciorrtha le braistint sa chluiche arís agus dúil an diabhail bhuí ag an dtomhaltóir san earra dá réir

Níl aon ní as an áireamh ar Dhomhnach seo na sraithe

Ní minic a tharlaíonn sé agus an babhta deireanach sraithe ag teannadh linn go mbíonn oiread éiginnteachta faoina bhfuil i ndán d’fhoirne éagsúla.

Ní fios go fóill cé bheidh i gcluiche ceannais na sraithe i Roinn 1 agus ba dhóigh leat ó bheith ag éisteacht leis an gcogarnaíl agus ag léamh na ngothaí le coicíos anuas gur cuma le scata bainisteoirí an ann nó as don gcluiche ceannais céanna.

Anuas air sin, seachas a n-áit a bheith dearbhaithe ag Loch Garman i mbarra sraithe Roinn 4, níl tuairim ag aoinne cé na cúig cinn eile d’fhoirne a bheidh ag teacht aníos as Roinn 2, 3 agus 4.

Tuigimid go bhfuil Doire díbeartha as Roinn 1, An Iarmhí dealbh in íochtar Roinn 2 agus Liatroim, go bhfóire Dia orainn agus orthu, ag titim go tubaisteach go Roinn 4, ach níl aon léamh go fóill ar an dtrí fhoireann eile atá le slán a fhágaint lena ranna éagsúla idir 1, 2 agus 3.

Is cás ar leith é an tranglam atá i Roinn 2 ach is grinnléiriú é ar an ngéariomaíocht atá idir an uile fhoireann ansiúd agus an dá churadh craoibhe deireanach (Áth Cliath agus Ard Mhacha) ag cur síolta an earraigh le dhá bhliain anuas in ithir mhéith an mhachaire úd roimis tabhairt fé bharra cruaiche i ndeireadh an tsamhraidh.

D’fhéadfadh Corcaigh, mar shampla, bheith íslithe agus umhlaithe fé thráthnóna amáireach agus iad ag beartú biaistí i Roinn 3 nó d’fhéadfaidís ar an láimh eile, a bheith neadaithe i Roinn 1 don mbliain 2026. B’fhéidir go dtógfadh a leithéid de thoradh dubhléim samhlaíochta, torthaí eile gan choinne agus scóráil ana-throm ag Corcaigh féin i bPáirc Bhreifne …ach níl aon ní as an áireamh ar Dhomhnach seo na sraithe.

Deirimid an tráth seo na haon bhliain é ach nach diail an cor sa tsaol é go bhfuil oiread seanabhlas ag scata ar an tsraith náisiúnta mar chomórtas nuair is léir don uile dhuine gur slat tomhais iontach í chun rangú a dhéanamh ar chumas foirne gan a bhfeachtais earraigh an bhliain dar gcionn a bhac chuige.

Leis an ngeáitsíocht agus an ghanfhiosaíocht go léir a bhíonn sa treis an tráth seo bliana, bíonn sé deacair uaireanta a dhéanamh amach cé is mó a bhainfeadh tairbhe as áit i gcluiche ceannais sraithe. Ní raibh aon cheilt ag bainisteoir na Gaillimhe, Pádraig Joyce ar a mhian ó thús na bliana – ba bhreá lena chroí an cluiche ceannais a shroichint. Ní dócha go gcuirfeadh bua sa bhabhta ceannais isteach ar Ghaillimh ach an oiread mar bheifí ag súil go mbeidís go mór os cionn a mbuille thall i Nua-Eabhrac an tseachtain dar gcionn i bPáirc na nGael. Ní thástálfaí i gceart sa chraobh iad go dtí go mbeadh Ros Comáin leo fé cheann míosa.

Is iad Ciarraí a bheidh ag breith chuchu féin an deireadh seachtaine seo, dá réir sin, mar caithfidh siad siúd, leis, toradh fónta a fháil d’fhonn ísliú céime go Roinn a 2 a sheachaint don gcéad uair ó 2001. Bhíos féin ag imirt i bPáirc Naomh Iarfhlaith i dTuaim an lá úd in 2001 nuair a chnag Gaillimh sinn le sé phointe 1-18 le 2-9 agus cé nárbh é deireadh an domhain ar fad ag an am é a bheith ag fánaíocht sna ranna íochtaracha le leithéidí Londain agus Liatroim in 2002, b’fhearr le himreoirí Chiarraí na linne seo ná beadh sé mar oidhreacht acu gurb iad an chéad fhoireann ón gcontae a dícháilíodh go Roinn 2 ón uair sin i leith.

Ach oiread le hÁth Cliath, dhéanfadh cluiche ceannais sraithe ana mhaitheas do Chiarraí óir ná fuil sé i ndán dóibh aon chluiche le dealramh a imirt ina dhiaidh sin go dtí an 19ú Aibreán. Níl ann ach caolsheans go mbainfidh Ciarraí an cluiche ceannais amach ach tá lucht leanta na caide sa chontae fós ag cáiseamh (ag cnáimhseán?) an easpa iomaíochta agus gearradh a bhí sna na cluichí craoibhe anuraidh acu. Ní go raibh sé ródhéanach anuraidh acu, i gcluiche leathcheannais na craoibhe in aghaidh Ard Mhacha, go dtuigeadh dóibh nach féidir a bheith ag feadaíl agus ag ithe mine. Bheadh fáilte ag Jack O’Connor agus a bhuíon roimh aon tástáil bhreise a bheadh le fáil acu sara dtosnaíonn cogadh na mbaol i gCúige Mumhan.

Focal scoir faoin ré nua caide atá romhainn. Bheifeá ag súil faoin dtráth seo go bhfuil an chaint seo go léir faoi na ‘rialacha nua’ tráite agus go bhfuil glactha i bprionsabal leis ag gach imreoir, gach bainisteoir agus gach oiliúnóir gur chun leasa na himeartha iad, fiú má tá sé dulta do scata eile glacadh le sprid agus éirim na leasuithe i gcónaí. Tagann an lá ar na haoinne agus caithfear, luath nó mall, géilleadh do thuairim na coitiantachta i measc an lucht féachana- tá giodam, guais, goimh agus gadhraíl faoin gcaid sciorrtha le braistint sa chluiche arís agus dúil an diabhail bhuí ag an dtomhaltóir san earra dá réir. Bhíos féin ag cluiche sraithe i nGallaros Dé Domhnaigh seo caite agus cé go gcailleamair 3-16 le 2-18, bhraitheas i mo bheathaigh don gcéad uair le tamall fada ag faire ar chluiche caide agus ní dóigh liom go rabhas i m’aonar.

 

 

Fág freagra ar 'Níl aon ní as an áireamh ar Dhomhnach seo na sraithe'