Níl aon leithscéal i mbliana againn – viva Cill Airne, viva Oireachtas!

Ceann des na heasnaimh ba mhó a bhí i saol na nGael le linn blianta dorcha an Covid ná gan Oireachtas a bheith againn

Níl aon leithscéal i mbliana againn – viva Cill Airne, viva Oireachtas!

‘Slán leis an uaigneas, is slán leis an gcian!

Geal é mo chroí agus geal í an ghrian

Geal bheith a filleadh ar Chill Airne!’

An Cheathrú Rua 1983, an chéad uair ar Oireachtas Gaeltachta agam.

Ar an mbus amach ón nGaillimh bhuaileas le fear as na hOileáin i bhfad siar, Oileán Leodhais, duine a chuir fáilte ‘bhláth, chridheil’ (Gàidhlig ) romham agus mé ar chamchuairt na bhfilí cúpla bliain roimhe sin.

Lem’ chúpla focal Gàidhlig agus lena chúpla focal Gaeilge chuireamar an t-am isteach go pléisiúrtha, agus dráibhéir an bhus ar a chroí díchill a phaisinéirí a thabhairt slán agus é a’ treabhadh bóithre phot-hólacha iomráiteacha Chonamara na linne.

Bhí san go maith is ní raibh go holc, mar a deireadh mo mháthair chríonna fadó, ach pé cor a bhain ‘pothole’ diamhair amháin as rothaí na feithicle, threascair an suaitheadh mála an Albanaigh go talamh.

Deineadh smidiríní den dtaoscán breá Mac na Braiche, Fuisce 5 réalt, a bhí i dtaisce  ina vailíos aige.

Ní raibh aon dul ag ‘Gol na mBan san ár’ ar an éagaoin is olagón a lig sé as agus é fhéin is a shuíochán báite go craiceann, gan trácht ar urlár an bhus.

Leagfadh an boladh fuisce capall.

Bhí turas an Albanaigh ar Oireachtas Chonamara millte. N’fheaca aon radharc ar an gcréatúir ina dhiaidh san.

Is mó radharc breá eile a chonac áfach.

Séamus Devaney a’ sleamhnú go héadromchosach trasna urlár stáitse, gléasta go péacach i léine ghorm ghléineach Haváí. Rudolf Nureyev aige baile againn.

Na gártha molta ón slua. Réalt ina steillbheatha inár láthair.

Ní fheaca a leithéid riamh roimhe sin. Bail air agus a chosa ceolmhara.

Cúpla lá agus cúpla oíche den scoth agam agus mé a’ cur aithne ar mhuintir na Gaeltachta, en fête.

Cúpla púnt im sparán toisc duais bheag nó dhó a bheith tugtha liom agam i gcomórtais amhránaíochta.  Slán mar a n-ínstear (sic) é.

Nach mó athrú ar an saol agus an ‘cur chuige’ atá ag lucht eagraithe na Féile céanna inniu, bail orthu.

An tOIREACHTAS…Gréasán na nGael an mana atá anois acu. Níl aon dabht ná go bhfuil an ceart acu agus gurb é gréasán na nGael é. Is ann a chastar an chuid is fearr agus is taitneamhaí againn ar a chéile.

Deineann lucht a eagraithe obair na gcapall agus ní ‘ag moladh leo’ atáim fiú má thugann siad gig bheag dom fhéin anois is arís!

Bheinn claonta gan dabht ach is breá liom nuair a thagann an tOireachtas go Cill Airne, baile nach bhfuil cáil na Gaeilge air, ní á chasadh leo atáim. Ach nuair a bhíonn na himeachtaí go léir in aon phaiste amháin, agus compord ann dos na sluaite, is deacair é a bhualadh.

Mar a dtuigeann muintir Chill Airne tábhacht an chultúir, an cheoil agus na teangan tar éis na Féile, ní ar mhuintir an Oireachtais an milleán.

Má dheinimse cáineadh ar ollmhéid an tslua na laethanta seo, tabharfar Oisín i ndiaidh na Féinne orm.

Má dheinim gearán ar an ró-theilifísiú ar na himeachtaí, cáinfear mo mheon.

Ní dearcadh seandaoine atá i réim anois, a chailín, ach gleo is gliotram, bandéithe is béithe coille.

Caith uait póirse deas ciúin ina mbeadh comhluadar agus cúpla amhrán. Caithfidh ceamara a bheith sáite ann…

Deacair a áiteamh ar rátaí lucht féachana teilifíse agus lucht éisteachta raidió, arsa tusa.

Ach baineadh gach éinne a chúinne fhéin amach agus a shásamh fhéin as an ócáid.

Ceann des na heasnaimh ba mhó a bhí i saol na nGael le linn blianta dorcha an Covid ná gan Oireachtas a bheith againn.

Bhraitheamar uainn é gan cheist.

Níl aon leithscéal againn i mbliana mar sin.

Viva Cill Airne!

Viva Oireachtas!

Fág freagra ar 'Níl aon leithscéal i mbliana againn – viva Cill Airne, viva Oireachtas!'

  • jpmorley0@gmail.com

    Agus Viva tú féin!