Níl aon chinnteacht go fóill faoin gcéad olltoghchán eile

An bhfuil stop curtha le dul chun cinn Shinn Féin, mar a thugann sraith pobalbhreitheanna le fios?

Níl aon chinnteacht go fóill faoin gcéad olltoghchán eile

Ón olltoghchán deireanach, tá Sinn Féin chun tosaigh ar na páirtithe eile, Fine Gael is Fianna Fáil san áireamh. Le bliain anuas bíonn siad go rialta deich bpointe céatadáin chun tosaigh ar an bpáirtí is gaire dóibh, Fine Gael.

Níl aon amhras ach go mbeidh níos mó vótaí is níos mó suíochán ag an bpáirtí sa gcéad olltoghchán eile atá chugainn, bunaithe ar na figiúirí seo, ach an bhfuil stop curtha le dul chun cinn an pháirtí, nó meath tagtha ar an leibhéal tacaíochta a bhí acu ón olltoghchán?

Má bhreathnaíonn muid ar na pobalbhreitheanna, ar an meán i mí Iúil seo caite bhí tacaíocht 36% ag an bpáirtí, agus a lán tráchtairí – mé féin ina measc – den tuairim go bhféadfadh an páirtí teacht gar don 40% faoin olltoghchán féin. Chinnteodh tacaíocht dá réir sin go mbeadh siad i gceannas ar an rialtas gan stró.

Ach ó shin, tá ísliú beag le tabhairt faoi deara.

Tá siad go mór chun tosaigh i gcónaí ar gach aon pháirtí eile, ach ó mhí na Samhna i leith, in ocht bpobalbhreith, tá tacaíocht 32.5% ar an meán acu.

Mar chomparáid, i mí Iúil seo caite, i gcúig phobalbhreith bhí 38% ar an meán ag Fine Gael is Fianna Fáil le chéile (21% ag FG; 17% ag FF). Anois tá 40% acu le chéile (21% fós ag FG agus 19% ag FF).

Sásamh mór do Shinn Féin mar sin go gcuireann an phobalbhreith is deireanaí ó IpsosMRBI san Irish Times ar ais ag 35% iad. Bímse féin níos muiníní as Ipsos ná mar a bhím as aon phobalbhreith eile, ach tugann an ceann seo le fios go bhfuil tacaíocht an pháirtí seasmhach.

Tugann Ipsos 40% d’Fhine Gael (22%) agus Fianna Fáil (18%) le chéile, toradh a dhearbhaíonn go bhfuil Fine Gael chun tosaigh sa gcomórtas idir iadsan agus Fiann Fáil.

Ní athraíonn difríochtaí beaga sna pobalbhreitheanna an pictiúr mór, ar ndóigh, – tá Sinn Féin fós ar barr– ach má tá stop ag teacht ar fhás an pháirtí ardaíonn sé arís ceist mhór faoi cén chaoi a gcuirfidh siad rialtas le chéile.

Mar a deirim thuas is gá go mbeadh 40% ag Sinn Féin san olltoghchán le bheith cinnte nach mbeadh socrú ag teastáil uathu le Fianna Fáil, mar shampla. Agus in ainneoin phobalbhreith Ipsos táimse níos amhrasaí faoi sin anois ná mar a bhínn.

Ar ndóigh, ní féidir linn tuar ceart a dhéanamh faoi vótaí bunaithe ar na figiúirí go dtí go bhfeicfidh muid cruth na ndáilcheantar a bheidh ann. Tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair mar gheall ar mhéadú ar an daonra a léiríodh sa daonáireamh. Foilseofar an tuarascáil sin sa samhradh. Ach ar a laghad beidh 11 suíochán breise ann, agus b’fhéidir 20.

Ní socrú le Fianna Fáil an t-aon socrú a mbeadh muintir Shinn Féin míchompordach leis. Níl meas dá laghad i measc fhormhór an lucht oibre (óna bhfaigheann an páirtí an sciar is mó dá gcuid vótaí) ar an gComhaontas Glas anois ná go deimhin ar an bpáirtí sin a thugann Páirtí an Lucht Oibre orthu féin.

Ach má tá tacaíocht Fhianna Fáil le seachaint tá sé deacair a shamhlú cén chaoi nach mbeadh sé riachtanach spás a thabhairt do na Glasaigh is do Pháirtí an Lucht Oibre. B’fhéidir, go deimhin, go mbeadh a lucht tacaíochta níos sásta le socrú le Fianna Fáil (más féidir fáil réidh le Martin agus an ‘Máirtíneachas’) ná le páirtithe beaga a fheictear faoi chuing Fhine Gael a bhíonn.

Bheadh Eamon Ryan agus an Comhaontas Glas sásta socrú a dhéanamh le duine ar bith nó le páirtí ar bith, cé go bhfuil claonadh mór aigesean i dtreo idé-eolaíocht an nua-liobrálachais is Chomhaontú an Atlantaigh.

Ach tá nimh ag Páirtí an Lucht Oibre do Shinn Féin. Creideann siad murach Sinn Féin a bheith ann nach mbeadh aon áit eile do vótaí an lucht oibre ach lena bpáirtí féin (tuairim atá ag Pobal Seachas Brabús leis).

Ar ndóigh tá an milleán mar gheall ar dheacrachtaí Pháirtí an Lucht Oibre ar an bpáirtí féin. Bhí deis acu in 2011 ceannaireacht an rogha-chórais a bheith acu, ach dhein siad a mhalairt, agus chuaigh isteach i rialtas ar an eite dheis faoi cheannas Fhine Gael. Tá an míniú ar scrios an pháirtí le fáil sa gcinneadh sin.

Cá mbeidh muid sa todhchaí mar sin? An bhfuil stop curtha le dul chun cinn Shinn Féin (mar a thugann sraith pobalbhreitheanna le fios) nó an bhfuil stop curtha le meath an pháirtí (mar a tugann pobalbhreith IpsosMRBI le fios)?

Rud amháin atá cinnte. Níl aon chinnteacht go fóill faoin gcéad olltoghchán eile.

Fág freagra ar 'Níl aon chinnteacht go fóill faoin gcéad olltoghchán eile'