‘Níl an Ghaeilge lárnach i bhFianna Fáil níos mó’ – Ó Cuív

Deir an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach bhfuil an Ghaeilge ‘lárnach’ in obair a pháirtí níos mó

‘Níl an Ghaeilge lárnach i bhFianna Fáil níos mó’ – Ó Cuív

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil sé “buartha faoi chuile shórt” a bhaineann leis an treo a bhfuil a pháirtí ag dul, ag áireamh a ndearcadh i leith chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Níl aon cheist faoi nach bhfuil an díograis chéanna ag Fianna Fáil ó thaobh na Gaeilge de is a bhíodh,” a dúirt iar-leascheannaire Fhianna Fáil le Tuairisc.ie.

“Bhíodh an Ghaeilge mar cheann de phríomh-aidhmeanna an pháirtí ach ní fhéadfá sin a rá anois, agus sin ag am a bhfuil brú sa Ghaeltacht agus spéis níos mó sa teanga in áiteanna eile sa tír,” a dúirt Ó Cuív.

Tá ráite ag Ó Cuív go bhfuil ceannaire nua ag teastáil ó Fhianna Fáil agus amhras air nach mbeidh Fianna Fáil ar cheann de “mhórpháirtithe polaitíochta” na tíre amach anseo mura dtagann athrú ar chúrsaí “go práinneach”.

“Mura ndéanann muid rud éigin go práinneach chun an treo atá an páirtí ag dul a athrú, beidh deireadh le Fianna Fáil mar mhórpháirtí na tíre,” a deir an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar.

Agus é faoi agallamh ar an chlár Today with Claire Byrne ar RTÉ Radio One, dúirt Ó Cuív, go raibh “ceannaire úr” agus “athrú treo” ag teastáil ó Fhianna Fáil.

Dúirt an Teachta Dála nár aontaigh sé le Micheál Martin faoi “go leor ceisteanna” a tháinig chun cinn le míonna agus le blianta beaga anuas.

Dúirt Ó Cuív nár cheart don pháirtí dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael “a loic ar na daoine” agus gur chóir machnamh ceart a dhéanamh i ndiaidh olltoghchán mhí Feabhra ar chomhrialtas a chur le chéile le Sinn Féin.

Dúirt sé chomh maith gur údar imní é go raibh tacaíocht Fhianna Fáil tite go 10% sa phobalbhreith a rinne Red C le déanaí.

Dúirt sé gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar “chuile shórt” sa pháirtí agus nach raibh aon athbhreithniú déanta maidir leis “na rudaí a chuaigh amú” in olltoghchán mhí Feabhra seo caite.

“Níl aon cheangal againn leis an bpobal a thuilleadh. Ní thugann muid an aird chéanna ar a bhfuil á rá ag gnáthphobal na tíre,” a dúirt sé.

Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh “fadhb struchtúir” i bhFianna Fáil, a d’eascair ón chlár Rialtais a aontaíodh le Fine Gael agus an Comhaontas Glas, agus go raibh an chuma air go raibh an lámh in uachtar sa chomhrialtas sin ag an Tánaiste, Leo Varadkar.

Ag tús an tsamhraidh, tráth ar foilsíodh an clár rialtais, dúirt an Teachta Dála Ó Cuív nach raibh sa cháipéis ach an gnáthbhladar faoin Ghaeilge agus mhol sé d’aon duine ina pháirtí ar spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaeltacht vótáil ina choinne.

Fág freagra ar '‘Níl an Ghaeilge lárnach i bhFianna Fáil níos mó’ – Ó Cuív'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá an Ghaeilge níos lárnaí don Aontas Eorpach ná d’Fhianna Fáil, is cosúil.
    Seo é an leagan Gaeilge de chaint Uachtarán an Choimisiúin inné ar Staid an Aontais: https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/state-of-the-union-speech_ga.pdf

  • Noel OCoileain

    Fear ata lan de ghaois is ea Eamon O Caoimh agus do bhi riamh. Sea an trua e nach ceannaire Fhiana Fail e. Gan dabht ta a phrionsabail treigthe ag Fianna Fail le fada an la.

  • Des O Murchu

    Nios mo speis ag FF in Banceiri agus Lucht Pleanala na bailte mora!

  • Aidan

    Tá an ceart ag Eamonn.

  • Sibéal

    Seachas greim a choinneáil ar an gcumhacht in ainneoin toil an phobail níl aon rud lárnach i bhFF níos mó.
    Club príobháideach iad nach bhfuil fís dá laghad acu leis na blianta fada agus scrios siad an tír agus níl dearmad déanta againn ar sin..