Níl an callaire cliste sa teach dhá lá agus tá an lámh in uachtar faighte aici orm 

A Alexa, cá stopann an róbat agus cá dtosaíonn an cailín? 

Níl an callaire cliste sa teach dhá lá agus tá an lámh in uachtar faighte aici orm 

Alex!’  a bhéic mé agus é ag teacht ag deireadh an lae, an tráth sin den lá nuair a bhíonn an lámh in uachtar ag an tuirse ar an bhfoighid. ‘Éirigh as!’

‘Alex-A, an t-ainm atá uirthi Mamaí, ní Alex,’ a mhínigh an Cailín Mór Beag dom. 

Tá faitíos orm go bhfuil sí féin agus an callaire cliste ina n-ainmhí amháin anois agus nach bhfuil a fhios cá stopann an róbat agus cá dtosaíonn an cailín.

‘Tá’s a’m é sin,’ a dúirt mé, ‘rinne mé dearmad ar feadh soicind.’

I do not understand eyrie ass…’ a chuala mé agus an callaire cliste do mo fhreagairt i nglór tur aontonach a chuir an fhuil ag fiuchadh ionam.

Níl an callaire cliste sa teach dhá lá agus tá an lámh in uachtar faighte aici orm cheana féin. Is í an Cailín Mór Beag a máistir agus ní thugann sí aon aird ar an gcuid eile againn.

‘Alexa, what’s on my agenda for today?’ a d’fhiafraigh sí dhi an mhaidin cheana agus í ag ithe a cuid leite.

Tuigim anois go mb’fhéidir go ndeachaigh mé amú nuair a thug mé an callaire cliste isteach sa teach. Ina dhiaidh a thuigeann an tÉireannach a leas.

Resume playing I am a Gummy Bear…’

‘Do Not Resume!’ a dúirt mé, ‘Do Not Resume!’ 

Bhí mé ar mo dhícheall cuma an údaráis a chur ar mo ghlór. Más léiriú ar bith iad na scannáin diostóipeacha, apacailipteacha uilig atá feicthe agam faoi ré na róbatanna, tá an-mheas acu ar an stíl thiarnúil smachta.

‘Alexa,’ a deir an Cailín Mór Beag, ‘stop music.’

Stop an gleo. D’airigh mé an ciúnas mar a bheadh pluid theolaí thart timpeall orm agus maidhm faoisimh is áthais ag éirí i m’ucht. Lean mé orm leis an iarracht chuile dhuine a chur a chodladh in am.

‘Cúig déag nóiméad eile agus beidh sé in am na soilse a chur as,’ a d’fhógair mé.

‘Ok Mamaí,’ a dúirt beirt ar ais liom d’aon ghuth.

‘Alexa, set timer for fifteen minutes,’ a dúirt an Cailín Mór Beag agus í ag caint go mall staidéarach sa gcaoi is go dtuigfeadh an ríomhaire í.

Setting timer for 15 minutes,’ a d’fhreagair an callaire cliste agus thosaigh ag casadh ceoil arís. I’m a gummy bear. Yes, I’m a gummy bear. Oh, I’m a yummy, funny… 

Chuaigh mé beagáinín thar fóir leis an nglanadh amach le deireanas agus thug mé uaim na CDanna uilig agus an raidió agus an seinnteoir CDanna agus cúpla rud eile nach luafaidh mé le teann náire.

Níl a fhios agam cén scal a bhuail mé gur thosaigh mé ag scaoileadh leo. B’fhéidir mar gheall go raibh na seilfeanna lán acu. Mar go raibh boscaí sáite i bhfolach i chuile phúitse. B’fhéidir mar nach raibh muid á gcasadh sách minic. 

Nó b’fhéidir gur leagan níos laige é den scal sin a bhuaileann an duine a éalaíonn go mainistir ar thaobh aille. 

Cheap mé go ndéanfadh sé an saol níos éasca.

‘Never mind the timer Alexa,’ a dúirt mé. 

Níor fhreagair sí mé.

Fág freagra ar 'Níl an callaire cliste sa teach dhá lá agus tá an lámh in uachtar faighte aici orm '