‘Níl a dhath ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP’ – Jeffrey Donaldson

Dúirt Jeffrey Donaldson gur choinnigh Preispitéirigh an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis

‘Níl a dhath ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP’ – Jeffrey Donaldson

Tá ráite ag Jeffrey Donaldson, feisire parlaiminte de chuid an DUP, nach bhfuil a dhath ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP.

Agus é ag labhairt i mBaile Átha Cliath inné, dúirt Donaldson chomh maith gur choinnigh Preispitéirigh, lucht a reiligiúin féin, an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis. 

“Ní leis an teanga féin atá fadhb agamsa. Tá fadhb agam le páirtí amháin a bheith ag déanamh uirlis pholaitiúil di. Nuair a chloisimse ionadaí ón bpáirtí sin ag rá gur ionann focal amháin a labhairt i nGaeilge agus urchar eile a scaoileadh sa troid ar son aontú na hÉireann, buaileann imní mé,” a dúirt sé.

Leag Donaldson bláthfhleasc ag Músaem Ghlas Naíon le linn dó a bheith rannpháirteach i bhfóram faoi thodhchaí na hÉireann i ndiaidh an Bhreatimeachta, tráth a raibh an comóradh bliantúil ar Dhónall Ó Conaill ar siúl ansin.

Mhaígh Arlene Foster, ceannaire an DUP, an tseachtain seo caite nach mbeadh a páirtí féin ina bhac ar aon fhuascailt ar an tsáinn pholaitiúil atá ann ó thit Stormont mí Eanáir 2017.

“Aithníonn an DUP go gcaithfear déileáil le ceist na Gaeilge ach ní mór d’aon phacáiste a réiteofar a bheith cothrom agus tomhaiste,” a dúirt Arlene Foster.

Thángthas ar chomhréiteach faoi acht Gaeilge mí Feabhra na bliana seo caite ach cuireadh an margadh ó mhaith nuair a theip ar lucht ceannais an DUP a chur ina luí ar chosmhuintir an pháirtí glacadh leis an socrú. 

Deir lucht feachtais áfach nár cheart do Shinn Féin a leithéid de shocrú a dhéanamh. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn nárbh aon socrú sásúil an reachtaíocht a bhí molta mí Feabhra seo caite agus gur chóir do Shinn Féin agus na páirtithe eile seasamh go diongbháilte leis an éileamh ar acht láidir don Ghaeilge amháin.

Tá ceist an achta Ghaeilge ina húdar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP i gcónaí agus tús curtha le babhta cainteanna polaitiúla eile.

Acht don Ghaeilge amháin atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge agus ag an Dream Dearg. 

Tá ráite ag an grúpa feachtais an Dream Dearg cheana gur chóir do Shinn Féin an fód a sheasamh go daingean maidir le ceist an achta Ghaeilge agus gan a bheith ag brath ar mhargadh bog ag súil go bhféadfaí tógáil air ar ball.  Dúradh leis nach raibh “seans ar bith” go nglacfadh an brúghrúpa leis an margadh ‘bog’ a rinne Sinn Féin mí Feabhra seo caite.

Tá grúpa oibre speisialta bunaithe le dul i mbun plé faoi chás an achta Ghaeilge féachaint an féidir teacht ar réiteach faoin gceist atá ina dris chosáin mhór roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Tá an grúpa – a bheidh ag plé le ceisteanna comhionannais, teanga agus féiniúlachta – ar cheann de chúig ghrúpa oibre atá á mbunú mar chuid den bhabhta nua cainteanna polaitiúla.

Ar cheist na reachtaíochta Gaeilge agus ceist an chomhionannais phósta is mó a dhíreoidh an grúpa. Beidh cás na hUltaise san áireamh sa chaint chomh maith.

Fág freagra ar '‘Níl a dhath ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP’ – Jeffrey Donaldson'

  • Sean Fennell

    Magairlí, A Sheathrúin