Ní shábhálfaidh an Ghaeltacht í féin gan státchóras

‘Teach an Phobail’ atá á riar ag an bpobal seachas ag an Eaglais a theastaíonn uainn

Máirtín Ó Cadhain agus Peadar Mac Con Iomaire taobh thiar de ag cruinniú de ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta. Pictiúr: RTÉ
Máirtín Ó Cadhain agus Peadar Mac Con Iomaire ag cruinniú de ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta.  ‘Ní inniu ná inné a tháinig an phleanáil teanga ar an saol. Bhí sí beo beathach sna seachtóidí’. Pictiúr: RTÉ

 

Cé go gceapfadh duine gur an-simplí an-nádúrtha an t-ainm é ‘Teach an phobail,’ is léargas é ar an tábhacht rómhór a bhí leis an Eaglais i saol an phobail in Éirinn. Is í an Eaglais, seachas an Stát, a bhí i bhfeighil an phobail. Ach cá raibh an Stát?

Is beag stát daonlathach ar domhan nach bhfuil Teach ag an rialtas áitiúil i ngach pobal.

‘Pobal’ a thugtar sa nGearmáinis ar an leibhéal rialtais is ísle – an rialtas áitiúil.

‘Teach an phobail’ a thugtar san Ollainnis ar oifigí an rialtais áitiúil.

Nochtann na hainmneacha sin an bunús láidir pobail atá leis an rialtas áitiúil i dtíortha eile.

Ní ceist daonra atá ann ach ceist daonlathais.

Ní hionann gach uile phobal agus ní hionann ‘Teach an phobail’ i ngach pobal.

Déanann gach Teach riar ar a phobal féin ar an gcaoi is fearr a oireann dá phobal féin mar nach féidir le córas láir amháin chuile thrá a fhreastal.

Tá na Comhairlí Contae sa gcosán ar aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an státchóras áitiúil.

Tuigeann an rialtas láir go bhfuil fadhb ann, ach níl sé toilteanach tabhairt faoi.

Is lagmhisniúil an t-athstruchtúrú a rinneadh ag tús na bliana seo agus ní bheidh toradh an athraithe sin le tuiscint go ceann i bhfad.

Ach dá laige é mar athrú, is fearr é ná iarrachtaí Fhianna Fáil, tuairim is deich mbliana ó shin, rialtas a rinne caint mhór faoi ‘dhílárú’.

Ní dílárú cumhachta a bhí i gceist, ar ndóigh, ach an rialtas láir féin a bhogadh timpeall na tíre.

I 1994 cuireadh deireadh le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath.

Níor chuir sin deireadh le féiniúlacht láidir phobal an chontae sin.

Léiríonn an méid sin ann féin gur féidir córas na gComhairlí Contae a athrú gan baint d’fhéiniúlacht pobail contae.

Nuair a cuireadh deireadh leis na Comhairlí Baile, níor chuir sé isteach ná amach ar mhuintir na tuaithe; nach sna ‘towns’ a bhí an ‘town hall’?

Nach beag feidhm rialtais áitiúil a bhí acu? Is beag, ach, mar sin féin, cuireadh deireadh leis an gcóras riaracháin is áitiúla a bhí againn sa tír.

Tá baint mhór ag an easpa cumhachta pobail sin leis an drochbhail atá ar an nGaeltacht inniu.

Ní aon scéal nua sin agus thuig lucht Chearta Sibhialta na Gaeltachta croí na faidhbe.

Dá mbeadh aird tugtha ar ardaidhmeanna CSG, nuair a bunaíodh an tÚdarás, bheadh córas riaracháin stáit inniu againn a bheadh ag feidhmiú trí Ghaeilge ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach fud fad na nGaeltachtaí, córas a bhféadfaí tógáil air amach anseo agus foghlaim uaidh.

Ach ní raibh an tír réidh dá leithéid; b’fhéidir nach raibh pobal na Gaeltachta réidh dá leithéid.

Cinnte, ní raibh gluaiseacht náisiúnta na Gaeilge réidh dá leithéid mar go bhféadfadh sé an bonn a bhaint den fhís náisiúnta.

Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga sa nGaeltacht anois agus is faoi na pobail sin a bheidh a gcinniúint féin.

Ach ní thabharfaidh obair dheonach na gcoistí pobail an Ghaeltacht slán.

Tá cónaí orainn i Stát agus ní shábhálfaidh an Ghaeltacht í féin gan státchóras.

Faraor, níl sé de chumas sa státchóras láir an dá thrá sin a fhreastal. Is baolach nach dtiocfaidh aon athrú ar an scéal sin. Níl de rogha ann ag pobail na Gaeltachta ach díriú ar an leibhéal áitiúil.

B’fhiú súil siar a chaitheamh ar ardaidhmeanna Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Ní inniu ná inné a tháinig an phleanáil teanga ar an saol. Bhí sí beo beathach sna seachtóidí, ach faoi ainmneacha eile.

-Aistritheoir a bhfuil cónaí air sa Bhruiséil é Tomás Ó Maille

 

 

 

Fág freagra ar 'Ní shábhálfaidh an Ghaeltacht í féin gan státchóras'

  • Feardorcha

    Tá sé ráite agat.
    Ceann de na fadhbanna is mó faoin státchóras mar a riarann sé ar phobal na Gaeltachta ná nach bhfuil sé neamhspleách ar an gcuid eile don chóras. Mar sin ní féidir leis cáineadh nó moladh, céim siar a thógaint nó cinnireacht a chur ar fáil.
    Cad é an ghníomh fiúntach deireanach a dhein Údarás na Gaeltachta (seachas ár gcuid airgid a scaipeadh gan aon ró-chúram)? Tá Foras na Gaeilge chomh coillte céanna.
    Bí siúrálta nach fiú dúinn féachaint i dtreo RnaG, TG4, ÚnaG, comharchumainn, polaitíocht áitiúil chun aon séap a dhéanamh dúinn ach oiread.
    Cé tá fágtha?

  • Páid Ó Donnchú

    Ní bheinn féin chomh dóchasach leatsa go mbeadh rialtais áitiúil in ann fadhbanna na Gaeltachtaí nó aon áit eile a réiteach. Níor stop Rialtas Bhleá Cliath baill thofa don Údarás ag plé ceist na teanga sna Gaeltachtaí, ach níor pléadh é. Tá a fhios againn uilig cé a thogh muintir na Gaeltachta don Údarás agus na Comhairlí Contaetha. Fág liomsa dream Bhleá Cliath, nó níos fearr aríst, Angela Merkel.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An cheart ar fad ag Páid. Is cuimhneach liom roimh toghchán amháin le ionadaithe ón bpobal a thoghadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta, go ndearna mé scagadh ar na rúin a bhí curtha síos ag baill tofa an Údaráis ag na cruinnithe den bord thar tréimhse 5 bliana. Liostáil mé na hábhair a bhí ag déanamh buairt dona baill tofa. Rún amháin a bhain leis an dteanga: go mbeadh stádas níos fearr ag an nGaeilge san Eoraip! Níor chuir na baill tofa ar an mBord aon rún síos aon uair sa tréimhse sin a bhain leis an bhfadhb teanga sa Ghaeltacht, a raibh cúram reachtúil orthu faoi.