Níor luaigh Mark Carney ainm an cheannaire a chuir an caidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip trína chéile arís le gairid nuair a labhair príomh-aire Cheanada ag fóram idirnáisiúnta Davos Dé Céadaoin.
Dála an scéil tá dea-shampla an phríomh-aire á leanacht sa cholún seo, ar dhá chúis. Toisc go bhfuil ár bhformhór cráite ag an gcroitheadh laethúil a bhaineann mo dhuine as cúrsaí idirnáisiúnta agus toisc gur tábhachtaí ná an dochar a dhéanann sé an leigheas a mhol Carney ina óráid thomhaiste.
Tabharfar ‘an Fear Gan Ainm’ ar mo dhuine sa cholún seo. Beidh sé soiléir ó thús go deireadh cé atá i gceist.
Ní idirthréimhse ach deireadh ré atá buailte linn, dar le Mark Carney. Deireadh ré ina bhfuil comhthuiscint a bhíodh i réim go dtí seo á réabadh ó bhonn.
Bhain cur i gcéill le cuid mhaith den seanchóras a dúradh a bhí bunaithe ar rialacha, a dúirt Carney, agus ba léir uaireanta go raibh tíortha móra beag beann ar na rialacha agus tosaíocht á tabhairt acu dá leas féin.
D’oir sé do Cheanada agus do mhórán tíortha eile gan ró-aird a tharraingt ar an gcur i gcéill mar gheall ar bhuntáistí trádála agus airgeadais an chórais. Ach anois tá taraifí agus treisiú ar nascanna trádála á n-úsáid ag tíortha móra chun brú a chur ar thíortha eile.
Níor thagair an príomh-aire do thír ar bith ach ní raibh aon amhras ar a lucht éisteachta cén tír a bhí i gceist aige. Bhí pointe ina óráid áfach nár bhain le tír amháin. Mar bharr ar an mí-ádh, a dúirt Carney, tá na hinstitiúidí idirnáisiúnta éagsúla – na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus Comhdháil na bPáirtithe [CoP] – á gcur i mbaol agus béim níos mó á cur ar ghníomhú neamhspsleách i mórán tíortha.
Ní foláir a thuiscint mar sin gur laige a bheidh gach tír a théann i mbun idirbheartaíochta feasta ar bhonn aonair le tír mhór. Is féidir ionracas, dlisteanacht agus dílseacht do rialacha a neartú amach anseo má fheidhmíonn tíortha atá measartha mór agus an tAontas Eorpach in éineacht. Ní oirfidh comhghníomh dóibh i gcónaí, dar leis, ach rachaidh sé chun tairbhe dóibh má bhreithníonn siad comhoibriú sa ré nua i gceart.
Bhí príomh-aire Cheanada ag labhairt sular tharraing an Fear Gan Ainm siar na taraifí a bhí á mbagairt aige ar thíortha na gceannairí Eorpacha a labhair in aghaidh ghabháil nó cheannach na Graonlainne le neamhthoil rialtais an oileáin agus na Danmhairge. Chúlaigh sé freisin ó bhagairt go mb’fhéidir gur le lámh láidir a ghabhfaí an t-oileán.
Mhaígh mo dhuine go raibh “creatlach réitigh” aimsithe aige le hArd-Rúnaí NATO, Mark Rutte. Dhiúltaigh sé a thuilleadh a rá ina thaobh ach dúirt Rutte nár phléadar cúrsaí flaithis in aon chor.
Is é bun agus barr an scéil gur tharraing an Fear Gan Ainm siar a éileamh forlámhais toisc gur labhair ceannairí ar fud na hEorpa – an Taoiseach ina measc – amach go láidir ina choinne agus toisc gur spreag an t-aighneas míshuaimhneas ar na stocmhalartáin. Níl aon chosúlacht ar an scéal gur tairgeadh rud ar bith dó an tseachtain seo nach raibh ar fáil roimh ré.
In imeacht leathlae mar sin, léirigh cúlú an Fhir Gan Ainm an ceacht a mhol Mark Carney. Is intuigthe an drogall atá ar gach ceannaire rialtais olc a chur ar an bhFear Gan Ainm.
Is follasaí ná riamh anois áfach (a) nach maolóidh sé a bhagairt mura labhraítear leis go láidir agus, i gcás na hEorpa, in éineacht agus (b) gur dóichí ná a mhalairt go dtarraingeoidh sé siar má sheasann tír láidir nó scata tíortha láidre an fód ina choinne.
Ba chóir go dtabharfadh gach ar tharla roimh chúlú an Fhir Gan Ainm ábhar machnaimh agus dóchais do cheannairí na hEorpa. Ní dheimhníonn ar tharla tarraingt le chéile níos éifeachtaí maidir le scéal na hÚcráine agus na Palaistíne. Léirigh sé áfach an spás a bheadh ar fáil dóibh dá mbeidís toilteanach easaontú in éineacht arís leis an bhFear Gan Ainm.
Ní éascóidh cúlú Davos saothar an Taoisigh agus cuairt Lá ‘le Pádraig á tabhairt aige ar Washington ach ní dhéanfadh sé aon dochar dá dtagródh sé do bhallraíocht na hÉireann san AE agus an gnáthphlámás ar bun aige.
Focal scoir
Is ábhar imní nach beag ceacht eile atá le foghlaim ag ceannairí Eorpacha ón gcaidreamh príobháideach a bhí acu le gairid leis an bhFear Gan Ainm. Sceith sé téacsanna príobháideacha a chuir Rutte agus Uachtarán Macron na Fraince (“A Chara… ní thuigim céard atá á dhéanamh agat sa Ghraonlainn”) chuige sula ndeachaigh sé go Davos.
Ní féidir caidreamh fiúntach ar bith a bhunú ar thoil ceannaire rialtais teachtaireacht ó cheannaire eile a fhoilsiú lena neamhchead. Ní leas a thíre ach a mhalairt a rinne an Fear Gan Ainm agus an bonn á bhaint aige dá chumarsáid le Macron agus le Rutte.
Is treise ná riamh an mhímhuinín tras-Atlantach agus an chúis.
Fág freagra ar 'Ní neart go cur le chéile, mar a mhol Mark Carney ina óráid láidir faoin ré nua gan rialacha'