Ní mór don duine a bhainfeadh úsáid as an leagan ‘duine dubh’ cloí leis an leagan ‘duine bán’…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ach oiread le go leor cainteoirí Gaeilge tá ár gcolúnaí fós ag dul i dtaithí ar an leagan ‘duine dubh’

Ní mór don duine a bhainfeadh úsáid as an leagan ‘duine dubh’ cloí leis an leagan ‘duine bán’…

An lá cheana, agus mé ar tí páirt a ghlacadh sa chlár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ghreamaigh mé dhá nóta Post-It den bhalla os mo chomhair. *

‘Dubh’ a bhí scríofa ar cheann amháin de na nótaí agus ‘bán’ ar an gceann eile.

Ach oiread le go leor cainteoirí Gaeilge tá mé fós ag dul i dtaithí ar an leagan ‘duine dubh’. Go minic sciorrann an leagan ‘duine gorm’ amach as mo bhéal de m’ainneoin féin.

Ní theastaíonn uaim dul isteach sa díospóireacht áirithe sin, áfach. Níl le rá agam faoin gceist ‘duine dubh’ / ‘duine gorm’ ach an méid seo: tagann athrú ar theangacha.

Leathchúpla na ceiste thuas a theastaíonn uaim a phlé inniu.

Sléacht a rinne pobal bán Tulsa, Oklahoma, céad bliain ó shin ar phobal dubh na cathrach céanna a bhí le bheith faoi chaibidil ar Tús Áite. Agus mé ag réiteach don chlár, rith sé liom nach mór don chainteoir Gaeilge a dteastódh uaidh an leagan ‘duine dubh’ a úsáid cloí leis an leagan ‘duine bán’ seachas an leagan ‘duine geal’.

Ceann de na hargóintí a bhíonn acu siúd a gcuireann an leagan ‘duine dubh’ cantal orthu ná go bhfuil fobhrí dhiúltach ag an bhfocal ‘dubh’ sa nGaeilge go stairiúil.

Ní féidir an méid sin a shéanadh.

Ní féidir a shéanadh ach oiread go bhfuil fobhrí dhearfach ag baint leis an bhfocal ‘geal’. Is iomaí cainteoir Gaeilge, mar shampla, a thabharfadh ‘mo ghrá geal’ ar dhuine a mbeadh sé i ngrá leis nó léi (beag beann ar dhath gruaige nó craicinn an duine sin.)

Is baolach go dtarlaíonn rud éigin aisteach agus go deimhin míthaitneamhach nuair a bhaintear úsáid as na leaganacha ‘duine dubh’ agus ‘duine geal’ sa téacs nó sa phíosa cainte céanna – dar liomsa, pé scéal é. Is é an chaoi go dtarraingíonn fobhrí dhearfach an fhocail ‘geal’ aird bhreise ar an bhfobhrí dhiúltach a bhaineann leis an bhfocal ‘dubh’. Agus ar an gcaoi sin, d’ainneoin iarrachtaí an chainteora na tuairimí cearta poiblí a léiriú, tugtar béim síos go fochomhfhiosach do dhream amháin toisc go dtugtar ardú céime don dream eile.

(Ar ndóigh baineann fobhrí dhearfach leis an bhfocal ‘geal’ fiú nuair nach mbíonn sé in úsáid in éineacht leis an bhfocal ‘dubh’, ach sa chás sin is lú an aird a tharraingítear ar chodarsnacht idir rud a bheadh dearfach agus rud a bheadh diúltach.)

Ar chaoi ar bith, leagan neodrach atá sa leagan ‘duine bán’.

‘Leagan deas neodrach’ a theastaigh uaim a scríobh ar dtús ach ní raibh mé in ann. Tá cuma chiotach go leor ar an leagan ‘duine bán’ i gcónaí, dar liom.

Ach ansin chuimhnigh mé gur tharla an t-athrú teanga ceannann céanna i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, roinnt blianta ó shin. An chúis chéanna a bhí leis: sa teanga sin, tá fobhrí dhearfach ag baint leis an bhfocal blank, a d’úsáidtí chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine bána, rud a d’fhág go raibh béim síos á thabhairt, go fochomhfhiosach pé scéal é, d’aon duine nach raibh blank. Tá mé imithe i dtaithí go hiomlán ar ‘witte mensen’ (‘daoine bána’) anois, cosúil le mórchuid Ísiltíreach agus na meáin ar fad.

Seo thíos mo chomhairle phearsanta féin do scríbhneoirí Gaeilge a bheadh ag streachailt leis an gceist seo:

– ‘Daoine dubha’ / ‘daoine bána’ más fearr leat an leagan ‘duine dubh’

– ‘Daoine gorma’ / ‘daoine geala’ más fearr leat an leagan ‘duine gorm’

– Ach seachain ‘daoine dubha’ agus ‘daoine geala’ sa téacs céanna.

Céard faoi ‘daoine gorma’ agus ‘daoine bána’ in éineacht le chéile, a deir tú?

Na Smurfs a mheabhraíonn an meascán sin dom.

* Mise mé féin a rinne an cinneadh maidir leis an téarmaíocht a mbainfinn úsáid aisti; níor iarr foireann Tús Áite orm cloí le leagan ar bith.

Fág freagra ar 'Ní mór don duine a bhainfeadh úsáid as an leagan ‘duine dubh’ cloí leis an leagan ‘duine bán’…'

  • Seán Mag Leannáin

    Plé spéisiúil.

  • Nuala de Paor

    Suimiuil gan dabht.

  • An Teanga Bheo

    Agus céard faoi Teach Bán agus sceach gheal ann bhfuil sé ceart go leor a rá???????????