‘Ní maith mise tusa níos mó, a Mhamaí,’ a dúirt sí. Síochán agus comhoibriú abú!

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhí ár gcolúnaí i dtrioblóid arís agus curtha ar deoraíocht. An treabhsar ‘mícheart’ ba chúis leis an achrann

 

girl-563719_1280

‘Ní maith mise tusa níos mó, a Mhamaí,’ a dúirt sí. Sheas sí i lár an tseomra codlata, í chomh díreach le slis. Ní raibh a guaillí mórán níos airde ná an leaba ach dá laghad í féin, níor laghdaigh sé a húdarás. Bhí a cosa i dtaca, a lámha fite ar a chéile trasna a cliabhrach aici agus í dáiríre.  ‘Tá tú an-dána!’

Bhí mé i dtrioblóid arís agus curtha ar deoraíocht. An treabhsar ‘mícheart’ ba chúis leis an achrann. Níor cheap mé go mbeadh tuairimí láidre ar chúrsaí faisin – ná go deimhin ar rud ar bith eile ach an oiread – ag duine chomh beag léi. Ach is cosúil nach bhfuil ach tuairimí láidre ag daoine atá dhá bhliain go leith. Ar chuile shórt.

Le bheith féaráilte, níor thug mé cead agóide di agus is dócha nár fhág mé an dara rogha aici ach éirí amach. Cén toradh eile a bheadh air ach coup? Ach tá cleachtadh maith agam air faoin am seo.

Is fada an liosta feallta a chuirfidh amach ar deoraíocht thú agus níl lá ann nach gcuirtear feall éigin nua leis an liosta verboten. Ach níor dhúirt éinne liom go raibh ceistiú an rogha treabhsair curtha leis an liosta céanna. Faoin am gur thuig mé go raibh ardtréas déanta agam, bhí sé rómhall. Bhí mo phort seinnte. Níl aon chóras achomhairc ann. Fiú má tá cás réasúnta maith agat.

Ach, nuair a chuimhnigh mé orm fhéin, ní fhéadfainn locht a fháil uirthi; is dócha go bhfuil an cur chuige céanna agam féin maidir leis an liosta feallta atá agam féin.

Is ar chúis amháin a chuir muid tús leis an deoraíocht. ‘Má bhuaileann tú éinne gheobhaidh tú an cúinne dána,’ a dúirt muid leo an chéad lá riamh agus muid ag iarraidh go mbeadh píonós láidir éigin ann ar mhaithe leis an síochán.

Ach anois, thuig mé go mb’fhéidir go raibh an liosta faighte rófhada. B’fhéidir go raibh sé in am an deoraíocht a chur ar deoraíocht, mar a déarfadh Dr Phil nó a leithéid.

‘Tá brón orm,’ a dúirt mé, ‘féadfaidh tú do rogha treabhsair a chaitheamh.’ Cén mhaith dúinn a bheith ag troid faoi rudaí fánacha, a dúirt mé liom féin, agus bhí neart treabhsar glan eile sa tarraiceán. B’fhéidir go mbeadh áit ag an daonlathas sa teach fós. Síochán agus comhoibriú abú.

‘Mé ag iarraidh ‘leggings,’ a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Ní maith mise tusa níos mó, a Mhamaí,’ a dúirt sí. Síochán agus comhoibriú abú!'

  • Fearn

    “Ach is cosúil nach bhfuil ach tuairimí láidre ag daoine atá dhá bhliain go leith. Ar chuile short”

    Nach é sin lom na fírinne?