Bhíos ag caint le bainisteoir Chiarraí, Jack O’Connor, i rith na seachtaine.
Seachas an cháiréis is dual dó agus é ag tabhairt fé Chorcaigh sa chraobh, chuir Jack iontas orm nuair a chaith sé uaidh go neafaiseach nach raibh sé ag súil le slua mór i bPáirc Uí Chaoimh tráthnóna Dé Sathairn.
Tuigimid go léir go bhfuil iliomad rudaí eile ar siúl Satharn Cásca. Tuigimid go bhfuil a chostas féin ag baint le tráthnóna cois Laoi. Tuigimid go léir go bhfuil deis eile ag an té a chailleann tráthnóna agus tuigimid, leis, nach bhfuil an blas céanna ar chluichí idir Ciarraí agus Corcaigh is a bhíodh. Mheasas go raibh sé truamhéalach, áfach go raibh bainisteoir Chiarraí ag rá go hoscailte nach bhféadfaí spéis na muintire a mhúscailt sa chath idir na comharsain i mbliana.
Cuimhnigh anois gurb é Jack féin a bhí ag cáiseamh tacaíocht lucht leanúna Chiarraí tar éis d’Ard Mhacha buachtaint orthu ina gcluiche deireanach craoibhe i bPáirc an Chrócaigh trí ráithe ó shin. Is geall le gnás faoin dtráth seo é nach gcuireann lucht leanúna Chiarraí puinn spéise i gcraobh na Mumhan ach is measa ná san an phatuaire atá ag tuirlingt ar nós brat ceo anuas ar chomhráití faoin gcluiche is déanaí idir an dá threibh. Is dóigh liom gur gearr uainn fios agus tuiscint maidir leis an méid atá á chailliúint sa cheo againn.
Tá an neamhshuim agus an phatuaire le braistint ins na haon ghné den saol cois teallaigh is cois contúrtha le seachtainí anuas. Tá sí neadaithe in intinn lucht riartha na gcluichí ag Bord an Chontae féin inniu is amáireach. I measc na gcluichí atá socraithe i gcontae Chiarraí inniu, tá babhta 4 na sraithe contae idir an Daingean agus Neidín – dhá chumann a bheadh áirithe chun seáp a thabhairt fé chraobh an chontae sa bhfómhar. B’fhéidir go dtabharfadh am tosnaithe an chluiche, ar a dó a chlog i Neidín, aga éigin don té is dílse amuigh Páirc Uí Chaoimh a bhaint amach don seacht a chlog ach insíonn an socrú atá déanta a scéal féin fé thoil agus tosaíocht na n-údarás.
Beidh Deasúnaigh Oileán Ciarraí, cumann go bhfuil craobh club na hÉireann buaite acu (más 40 bliain ó shin féin é), ag tabhairt aghaidh ar an Rinn Aird ar a 5:30 tráthnóna. Níl seans go mbeidh aoinne acu siúd i bPáirc Uí Chaoimh ar a seacht. B’fhéidir arís go bhfuil seans nach shin é atá uathu. B’fhéidir gurb í an bhunaidhm atá leis an gcúram ar fad go mbeadh na daoine istigh i dtigh tábhairne éigin tar éis an chluiche ag tabhairt a mbreith ar imreoirí ón dá thaobh, cuid acu ina gcomhghleacaithe, ach iad go léir luite amach orthu féin ar son na cúise. Níl an oiread sin de bhlianta ó bhí sé ina mhana ag CLG nach mbuafadh aon ní ar bheith i lár an aonaigh – Nothing Beats Being There. Cá n-imigh éirim agus sprid an ráitis sin? Nó an b’in a raibh ann ó thús, ráiteas snasta, snoite, dea-chumtha ginte in oifig lucht margaíochta agus bolscaireachta d’fhonn an ‘táirge’ a chur i bpacáiste néata agus é a dhíol leis an gcosmhuintir?
Tá a fhios againn óna raibh scríte agus ráite tar éis bhás Mhicko Dwyer go maireann cuimhne go fóill ar bhriathra Uí Dhuibhir agus é ag dul i dtláithínteacht leis na Corcaígh ag rá leo gurb iad, gan aon agó, an dara foireann ab fhearr in Éirinn. Bhí a fhios ag muintir Chorcaí ina gcroí istigh go rabhadar níos fearr ná san agus nuair a d’éirigh leo na Ciarraígh a chur faoina sála, fáisceadh an bhróg go maith sna deich mbliana idir 1986-1996.
N’fheadar cé acu is measa anois, mealladh Mhicko nó masla iarimreoirí eile ó Chiarraí ar mo chuma féin agus mo sheana-pháirtí Darragh Ó Sé? Uaireanta, áfach, in ainneoin ár gcáiréise, ainneoin ár ngéarchuimhne ar ré Bhilly Morgan agus ainneoin ár meas ar phobal na caide i gCorcaigh, caithfear bheith dílis don bhfianaise lom atá go glé os ár gcomhair.
Más aon slat tomhais é seasamh na bhfoirne sa tsraith, más aon slat tomhais cumas na n-imreoirí ón dá thaobh, más aon slat tomhais inmhe agus inniúlacht Chiarraí fé bhráid múnla nua na caide i gcomórtas le Corcaigh agus más aon slat tomhais praghas na ngeallghlacadóirí, buafaidh Ciarraí gan puinn stró.
Tá na comharthaí sóirt go léir ann dúinn agus caithfear umhlú dóibh ach toisc gurb eo Corcaigh, toisc gur treascraíodh cúig bliana ó shin sinn, toisc gur i bPáirc Uí Chaoimh atá an cluiche, toisc gur dána gach madra i ndoras a thí féin agus toisc nach féidir an madra céanna a lascáil aríst is aríst eile gan snap uafásach a fháil uair éigin, níl Corcaigh gan seans.
Ach, ar nós a dúirt Jack O’Connor, is cosúil gur cuma le daoine fé sin féin.
Carraig
14560 an tinreamh oifigiúil i bPáirc Uí Chaoimh don gcluiche seo inné.
Ceann de mhór-eipicí na peile lem linn féin.
Gluaiseachtaí & gníomhartha gaile is gaisce ar fud na páirce.
Agus cluiche a d’fhág na Corcaígh ina ndeabhaidh!