Ní leor ‘náire agus brón’ na Vatacáine faoi mhí-úsáid ghnéis, a deir Marie Collins

Dar le hArdeaspag Eamon Martin nár leor don Phápa ‘tá brón orainn’ a rá le híospartaigh na hÉireann le linn a chuairte ar an dtír seo ag deireadh na míosa

Ní leor ‘náire agus brón’ na Vatacáine faoi mhí-úsáid ghnéis, a deir Marie Collins

Tá ráite ag Marie Collins, an bhean a d’éirigh as coimisiún speisialta a bhunaigh an Pápa le dul i ngleic le mí-úsáid ghnéis i measc na cléire, nach leor an ráiteas is déanaí ón Vatacáin faoi scannal na mí-úsáide gnéis.

Dúirt Collins, a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis ó shagart í féin, nár leor an ráiteas inar dúradh go raibh tacaíocht an Phápa Proinsias ag an os cionn míle páiste i Meiriceá a bhfuil sé curtha i leith os cionn 300 sagart go ndearna siad mí-úsáid orthu.

Ag labhairt di ar an gclár Today with Miriam ar RTÉ Raidió a hAon, dúirt Marie Collins gur údar díomá di nach raibh an ráiteas sách láidir maidir le freagracht a éileamh orthu siúd a lig don mhí-úsáid tarlú. Ba thrua, a dúirt sí, nár thagair ráiteas na Vatacáine go sonrach do na ceannairí Eaglaise nár chuir stop leis an mí-úsáid.

Cé go ndeirtear sa ráiteas gur “coireanna” seachas “peacaí” a bhí i gceist agus go mbeadh an Eaglais ag cloí leis an dlí sibhialta i gcás tuairisciú a dhéanamh ar na coireanna sin, ba thrua le Marie Collins, nár dúradh go ndéanfaí amhlaidh i dtíortha nach bhfuil a leithéid de thuairisciú éigeantach.

Tagann caint Collins sna sála ar ráiteas ón Ardeaspag Eamon Martin ina ndúirt sé nach leor don Phápa “tá brón orainn” a rá le híospartaigh na hÉireann le linn a chuairte ar an dtír seo ag deireadh na míosa.

Dúirt Príomháidh na hÉireann Uile go raibh súil aige go mbuailfeadh an Pápa Proinsias le híospartaigh i mBaile Átha Cliath.

“Má ghabhann sé leithscéal, is gá go mbeadh níos mó ann ná ‘tá brón orainn’. Is dóigh liom go sínfidh sé a lámh amach, déanfaidh sé iarracht an brón mór atá ar an Eaglais a chuir in iúl. Ach is dóigh liom go mbeidh daoine ag súil le níos mó ná sin,” a dúirt an tArdeaspag leis an BBC.

Dúirt sé nach raibh a fhios aige “go baileach” céard a bheadh le rá ag an bPápa faoin scéal le linn a chuairte ach nach dóigh leis gur “leithscéal simplí” atá ag teastáil ó na daoine a d’fhulaing de bharr na mí-úsáide.

“Tá sé ráite acu féin le cúpla lá gur gníomh atá uathu. Teastaíonn uathu fios a bheith acu go nglacann an Eaglais leis gur mhí-úsáid chórasach a bhí ar siúl, gur ligeadh dó tarlú agus nach dtarlóidh a leithéid arís,” a dúirt Eamon Martin.

I ráiteas na Vatacáine inné, dúradh gur údar “náire agus bróin” don Eaglais Chaitliceach an mhí-úsáid ghnéis ar tugadh léargas uirthi i dtuarascáil Ard-Ghiúiré in Pennsylvania, a foilsíodh Dé Máirt. De réir na tuarascála sin rinne 300 sagart i sé dheoise mí-úsáid ghnéis ar 1,000 páiste le 70 bliain anuas. Thug tArd-Ghiúiré le fios gur dóigh go bhféadfadh “na mílte” páiste a bheith i gceist.

Dúradh i ráiteas na Vatacáine:

“Bíodh a fhios ag íospartaigh go bhfuil an Pápa ar a dtaobhsan. Dóibhsean a d’fhulaing a thugann sé tús áite, agus tá faoin Eaglais éisteacht leo agus deireadh a chur leis an uafás tragóideach seo a mhilleann saol daoine a bhí neamhchiontach.

“Tá dhá fhocal ann chun cur síos ar a mothaítear faoi na coireanna uafásacha seo: náire agus brón. Cáineann an Suí Naofa gan cheist mí-úsáid ghnéis ar pháistí. An mhí-úsáid a ndéantar cur síos uirthi sa tuarascáil seo, is coir í agus is náireach í ó thaobh na moráltachta.

“Gníomhartha ab ea iad a rinne treascairt ar iontaoibh agus a sciob ó íospartaigh a ndínit, agus i go leor cásanna, a gcreideamh. Ní foláir don Eaglais ceachtanna crua a fhoghlaim ón am a caitheadh, agus ba cheart freagracht a éileamh ar na daoine a rinne an mhí-úsáid agus ar na daoine a lig don mhí-úsáid sin tarlú.”

Dhá lá a bheidh an Pápa Proinsias sa tír seo, an Satharn agus an Domhnach seo chugainn, an 25 agus an 26 Lúnasa.

Tabharfaidh sé caint ag Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn agus maidin lá arna mhárach, tabharfaidh sé cuairt ar Chnoc Mhuire i gContae Mhaigh Eo sula bhfreastalóidh sé ar Aifreann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Maidin Dé Sathairn, an 25 Lúnasa, a thiocfaidh an Pápa go hAerfort Bhaile Átha Cliath áit a gcuirfear fáilte oifigiúil roimhe sula rachaidh sé go dtí Áras an Uachtaráin. Labhróidh sé le lucht riaracháin agus rialtais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin sula rachaidh sé go dtí an Leas-Ardeaglais.

An tráthnóna sin tabharfaidh sé cuairt phríobháideach ar Ionad Lae na gCaipisíneach a dhéanann freastal ar dhaoine atá gan dídean. I bPáirc an Chrócaigh a chríochnóidh sé obair an lae nuair a thabharfaidh sé óráid ag Féile na dTeaghlach.

Beidh sé i gCnoc Mhuire maidin Dé Domhnaigh sula bhfillfidh sé ar Bhaile Átha Cliath le bheith i bPáirc an Fhionnuisce ag 2.30in mar a bhfuil rún aige an tseanmóir a thabhairt ag an Aifreann ansin. Cuireadh leathmhilliún ticéad ar fáil d’Aifreann an Phápa agus 45,000 ticéad a cuireadh ar fáil don ócáid i gCnoc Mhuire. Tabharfaidh an Pápa Proinsias aghaidh ar na Róimh arís ag 6.30in tráthnóna Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Ní leor ‘náire agus brón’ na Vatacáine faoi mhí-úsáid ghnéis, a deir Marie Collins'