Ní hionann an lá roimh an toghchán agus an lá ina dhiaidh. Lá Comhairimh a bhí ann. Bhí Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh. ‘Isteach linn anois go Gaillimh.’ Bhí go maith. Bhí sé ina shuáilceas. Céad fáilte, tá vóta maith faighte agat agus mar sin de. ‘Tá mé an-bhuíoch do chuile dhuine a vótáil dom, srl.’
Ansin chuir duine éigin ar an bpainéal sa raidió ceist ar pholaiteoir a bhí ar láthair an chomhairimh (tabharfaidh muid Micilín Thomáis Mhicil Mháire ar an bpolaiteoir): ‘Bhuel, a Mhicilín, gheall tú an lá cheana nuair a bhí tú i gCnoc Mordáin go mbeadh seo agus siúd ag tarlú. Céard faoi sin anois?’
Shílfeá gur ceist sách anróiteach a bhí inti ach chuir an polaiteoir na caoirigh thar an abhainn. Arsa seisean: ‘Bhuel b’in roimh an toghchán!’ Ciúnas i gCasla. Ansin racht gáirí. Prioinsias Mac Aonghusa. Bhí sé go maith ar phainéal. ‘Féach,’ ar seisean ‘tá an ceart ag Micilín. Ar ndóigh, ní hionann an lá roimh an toghchán agus an lá ina dhiaidh, beag ná mór.’
Bhí dhá chruinniú, ar a laghad, ag dreamanna difriúla le hiarrthóirí i gConamara an tseachtain seo; tá a macasamhail ag tarlú ar fud na tíre. Ach pé rud a deirtear, ní gá go mbeadh cinnteacht ná barántas leis. Ait go leor, bhféidir nach seo é an t-am is fearr le cruinnithe dá leithéid a reáchtáil. Bíonn caoirigh go leor le cur thar abhainn. Tá muid istigh in aimsir thoghcháin.
Tá go leor nithe praiticiúla ag baint le hobair na n-iarrthóirí. Ar an gcéad iarraidh, níl a fhios acu – seachas beagán – an dtoghfar iad beag ná mór. Beidh cuid acu agus níl d’aidhm acu ach an oiread vótaí a bhailiú agus a chinnteoidh go bhfaighidh siad costaisí an fheachtais ar ais ón stát. Is furasta dóibhsean gealltanais a thabhairt. Ach is deacair le hiarrthóir ar bith daoine a eiteachtáil.
Ar ndóigh, tá rud eile ann. B’fhéidir nach dtuigfeadh an polaiteoir a thugann gealltanas go bhfuil constaicí áirithe ann a stopfadh é ón ngealltanas sin a chomhlíonadh, nó b’fhéidir nach bhfuil a pháirtí i mbun Rialtais.
Go deimhin, má théann muid coisméig eile leis an scéal, cé mhéad de na gealltanais atá cloiste againn sa bhfeachtas toghchánaíochta seo a chomhlíonfar go brách? Comhrialtas de chineál éigin a bheas ann; caithfear polasaithe áirithe a mhaolú nó a chaitheamh in aer, nó b’fhéidir go dtiocfadh páirtithe beaga, nó neamhspleáigh, ag tairiscint cúnaimh do pháirtithe láidre agus lán mála éileamh acu. Is fánach an chaoi a ngabhfadh gealltanas réamhthoghcháin amú san meascán sin.
Tugann an cosán casta seo muid go dtí ceist na hionadaíochta cionmhaire agus an meascán gealltanas. Dá mholta í an ionadaíocht chionmhar mar chóras, bíonn míbhuntáistí agus easpa soiléireachta ag baint léi scaití agus tugann sí deis do ghrúpaí beaga polasaithe a bhrú chun cinn nach dtaobhaíonn tromlach an phobail leo.
Ach an fearr an meascán sin ná aon vóta amháin. Uimhir a 1 agus sin sin.
Ar ndóigh, tá córas an aon vóta amháin sin, an modh díreach, ag tíortha a bhfuil ceangal mór againn leo ar nós na Stát Aontaithe, Ceanada agus an Bhreatain. Ach ní léiríonn na córais sin toil an tromlaigh, ach an oiread.
Cuirimis i gcás na Liobrálaigh, nó na Liobrálaigh Dhaonlathacha sa mBreatain. Ní fhaigheann siadsan cothrom na Féinne, bunaithe ar an tacaíocht a thugtar dóibh ar fud na tíre sin.
Cuir i gcás, fiche bliain ó shin, bhí 22% de vótaí an phobail ag na Liobrálaigh. D’fhágfadh sin go bhfaighidís 142 suíochán dá mbeadh cothromaíocht i gceist lena sciar den phobal; ní bhfuaireadar ach 62 suíochán. B’fhánach a bheith ag brath ar ghealltanais óna gcuid iarrthóirí siúd roimh an toghchán sin, agus gan gaire acu ar stádas sa Rialtas.
Is mór i gceist é an ‘manifesto’ nó an forógra toghcháin i bpolaitíocht na Breataine. Sin iad na gealltanais atá tugtha don phobal sna cáipéisí polasaithe. Rud amháin is féidir a rá go hiondúil faoi fhorógraí na gCaomhach agus an Lucht Oibre, is é sin gur féidir níos mó muiníne a bheith astu ná polasaithe toghcháin na bpáirtithe móra in Éirinn. Bíonn seans i bhfad níos fearr thall ná a bhíonn sa tír seo go dtiocfaidh Rialtas seasmhach i bhfeidhm agus móramh glan aige. Cuidíonn an t-aon vóta amháin leis an toradh sn. Ní bhíonn páirtithe beaga in ann greim scórnaí a fháil ar pháirtí mór.
Ar an taobh eile den scéal, tugann an t-aon vóta amháin torthaí gan chéill scaití. Cur i gcás toghcheantar St Albans in Hertfordshire riar blianta ó shin:
Iarrthóir na gCaomhach: 16,953 vóta.
Iarrthóir an Lucht Oibre:15,592 vóta.
Iarrthóir na Liobrálach: 11,561 vóta.
Iarrthóirí eile: 1,436 vóta.
D’fhág sin go raibh feisire Caomhach ag dul go Westminster agus gan aige ach 37.3% den tacaíocht ina thoghcheantar. Is beag nach gcuirfeá geall gur ag an Lucht Oibre a bheadh an suíochán dá mbeadh Ionadaíocht Chionmhar i bhfeidhm.
Bíonn cásanna ann nuair a bhíonn an ionadaíocht chionmhar, nó leagan éigin di, acu sa mBreatain agus tá toghchán Mhéara Londan ar cheann acu. Tá samplaí de sna Stáit Aontaithe freisin, cé gurb é an t-aon vóta amháin is mó a bhíonn ansin. Ó thaobh na hUachtaránachta de sna Státaí, bhí cás fíorspéisiúil ann i 1991 nuair a d’fhéadfadh go mbeadh toradh eile ar an Uachtaránacht, agus ar an stair, dá mbeadh ionadaíocht chionmhar i bhfeidhm. Fuair an t-iarrthóir neamhspleách, Ross Perot 19 milliún vóta sa toghchán sin. Tá tuairimíocht ann fós gur chuir Perot iarrthóir na bPoblachtánach, George H W Bush, as an dara téarma sa Teach Bán agus, ar an taobh eile den scéal, gur lig sé isteach Bill Clinton. Níl aon chinnteacht ann gur mar sin a bheadh ach dá mbeadh ionadaíocht chionmhair acu, bheadh soiléireacht ar an scéal sin.
Níl soiléireacht againn fós ar mheon na ndaoine agus muid ag vótáil inniu ach feicfimid comhaireamh fada in áiteacha. Ina dhiaidh sin, cá mbeidh na gealltanais a tugadh roimh an toghchán?
Ach tá a fhios againn an méid seo: ní hionann an lá roimh an toghchán agus an lá ina dhiaidh.
Fág freagra ar 'Ní hionann an lá roimh an toghchán agus an lá ina dhiaidh, rud a thuig ‘Micilín Thomáis Mhicil Mháire’ ar RnaG'