Is iomaí sin duine a thugann cuairt ar Eaglais na mBráithre Bána i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil taisí Naomh Vailintín agus a fhágann nótaí beaga sa mbosca ansin aige ag iarraidh cúnamh air le déileáil le deacrachtaí an tsaoil agus an chroí. De réir scéil thug an Pápa Gréagóir XVI na taisí sin don Athair Spratt in 1836.
An Fhrainc, Málta, an Pholainn, Prág, Vín, Glaschú- níl ansin ach cuid de na háiteanna eile a maítear cuid dá thaisí a bheith agus an mhuinín chéanna ag daoine sna bólaí sin iontu.
Is é Vailintín pátrún na ndaoine a bhfuil lámh is focal eatarthu ach coinníonn sé súil freisin ar bheachairí, ar lucht taistil, ar dhaoine óga, ar leannáin agus coinníonn sé uainn an plá.
Amhail go leor de na féilte Críostaí, Féile Bhríde a bhí ann coicís ó shin mar shampla, tá fréamhacha Fhéile Vailintín i bhféile Phágánach a bhíodh ag na Rómhánaigh ar a dtugtaí Lupercalia. Is cosúil go mbuailfeadh ragús ainrianta fir na Róimhe i rith na féile sin agus iad ag rancás thart ina gcraiceann dearg agus fuipeanna acu a bhíodh déanta as craiceann gabhair nó craiceann gadhair.
Is amhlaidh a bhídís ag lascadh na mban óg leis na fuipeanna sin mar gur creideadh go mbeadh a sliocht níos líonmhaire ach lasc den fhuip sin a fháil. Nach beag a cheap muid go raibh aon bhaint ag scannán 50 Shades siúd leis an torthúlacht! Is cosúil go raibh an fhéile Phágánach sin fós faoi bhláth ceithre chéad bliain tar éis theacht na Críostaíochta.
Míniú a thugtar coitianta ar Vailintín mar phátrún an ghrá go mbíodh sé ag ceiliúradh searmanais phósta do lánúineacha nuair a bhí toirmeasc curtha ag an Impire Claudius ar na fir óga pósadh. Theastaigh na fir ó Chlaudius le ghabháil ag troid in arm na himpireachta agus is léir gur creideadh go bplúchann an leaba phósta an fonn troda. D’íoc Vailintín as an ngrá dia sin mar baineadh an cloigeann de, cothrom an lae inniu más fíor.
Ní hiad soiscéalaithe an ghrá amháin a chuireann suim sa lá seo mar is iontach an tsuim a chuireann eacnamaithe sa gcaiteachas a dhéantar leis an ngrá a chomóradh, caiteachas lánroghnach mar a thugann siadsan air – féiríní, bláthanna, seoda, béilí agus ar ndóigh cá bhfágfaí na cártaí agus na seacláidí. Scéal eile ar fad is ea na feilmeacha móra bláthanna i dtíortha bochta i gcéin mar a bhfástar bláthanna dúinne in áit bia don phobal.
Deirtear gurbh é an Francach, Diúc Orleans agus é i ngéibheann i dTúr Londan an chéad duine a chuir cárta Vailintín chuig a bhean sa mbliain 1415. Cleamhnas ar mhaithe le cumhacht a rinneadh dó agus gan a bhean ach aon bhliain déag d’aois ar phósadh dóibh. Ní fhaca Charles bocht beo arís í mar chaith sé cúig bliana fichead sa bpríosún.
Je suis desja d’amour tanné,
Ma tres doulce Valentinée,
Car pour moi fustes trop tart née,
Et moy pour vous fus trop tost né.
Dieu lui pardoint qui estrené
M’a de vous, pour toute l’année.
Na hIncigh agus na hAstacaigh i Meiriceá Láir agus Theas a bronn an tseacláid orainn. Deoch na n-uasal a bhí inti sa gcultúr sin agus spreac agus fonn macnais le fáil uaithi. Ba iadsan a thosaigh ag meascadh spíosraí le pónairí cacó chun deoch ghéar chocolati a dhéanamh. Thug na coilínigh leo abhaile na pónairí sin chun na hEorpa agus chuir siad siúcra cánach leo lena milsiú agus níor stop muid á placadh ó shin.
In 2018 bhí muintir na hÉireann ar an tríú dream ar domhan is mó a d’ith seacláid, 7.9 cileagram an duine. An Eilvéis a bhí sa gcéad áit, an Ghearmáin sa dara háit agus an Bhreatain sa gceathrú háit.
‘Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá’ a dúirt an file agus codladh na hoíche curtha amú air. De réir an tseanfhocail ní raibh de leigheas ar an ngrá ach pósadh ach is cosúil gur fearr le cuid mhaith againn teagasc na nAstacach agus bolg seacláide a chur orainn féin.
Fág freagra ar 'Ní hiad soiscéalaithe an ghrá amháin a chuireann suim sa lá seo…'