Ní hí is measa mar apacailipsis, ach caithfidh tú a bheith ullamh mar sin féin

Tá an iomarca scannán diostóipe feicthe agam faoin am seo i mo shaol agus níl aon neart agam air

Ní hí is measa mar apacailipsis, ach caithfidh tú a bheith ullamh mar sin féin

Níl mé in ann cuimhneamh go beacht céard a thug isteach sa siopa euro mé an lá cheana, ach nuair a tháinig mé amach as, bhí dhá phacáiste mascanna aghaidhe ceannaithe agam, pacáiste ceirtíní frithbhaictéaracha agus trí bhuidéal díghalrán láimhe.

Déanaim anois é gan cuimhneamh orm féin. Níl mé in ann imeacht thar tháirgí sláinteachais má bhíonn airgead i mo phóca agam. B’fhearr dom cur leis an stór sa mbaile, ar fhaitíos, a deirim liom féin. Ar fhaitíos, céard? Deireadh an domhain, ar ndóigh. 

Tá deireadh an tsaoil mar a thuig muid é tagtha cheana féin,  agus is mór is fiú, don té a raibh imní air faoi dheireadh an tsaoil, nach é is measa mar apacailipsis.

Bheadh sé togha dháiríre, murach scamall na himní atá ag bagairt go seasta i gcúl d’intinne agus tú sínte ag breathnú ar Netflix is ag mungailt aráin atá déanta as taos géar. 


Táirge nua ar an liosta a bhí sna mascanna, sa mullach ar na ceirteanna is an díghalrán.

Ní raibh sé beartaithe agam iad a cheannacht ach bhí siad leagtha ag an scipéad ag an siopa euro agus cheap mé go raibh caint éigin cloiste agam gur gearr go mbeadh orainn mascanna a chaitheamh agus muid istigh i siopa nó áiteanna poiblí eile.

D’airigh mé go raibh mo dhroim á tabhairt agam le mothú láidir éigin i mo chroí istigh agus mé á gceannacht, le bheith  ionraic faoi.

Tá a fhios agam go bhfuil sé sin beagáinín thar fóir, ach is dóigh go bhfuil an iomarca scannán diostóipe feicthe agam faoin am seo i mo shaol agus níl aon neart agam air.

Siar sna hochtóidí, ní raibh an deighilt chomh láidir is atá anois idir scannáin a bhí feiliúnach do pháistí agus scannáin a chuirfeadh an croí trasna iontu ar feadh a saoil.

Más scannán beochana a bhí ann is do ghasúir óga a bhí sé. Ceist a ritheann liom anois ná cén fáth a raibh scannán beochana á ndéanamh faoin gcogadh núicléach (When The Wind Blows) nó an diansmacht faisisteach (Watership Down)?

Siúráilte cinnte ní raibh aon bhaint aige le cúrsaí siamsaíochta.

Ar mhaithe le cúrsaí oideachasúla is dóigh.

Bhí na daoine a bhí ina ngasúir sna blianta i ndiaidh an dara cogadh domhanda fásta suas. Is iad a bhí ag déanamh scannáin faoin am sin, is bhí cuimhne acu ar chontúirtí an chogaidh. Bhí an cogadh fuar i mbarr a réime agus faitíos faoin scrios núicléach ina ghné den saol.

Cuimhním ar na scannáin sin nuair a chloisim caint ar mhascanna agus na srianta leanúnacha a bheidh ann ar shaoirse gluaiseachta an duine mar gheall ar an bpaindéim. Bíodh sé ceart nó bíodh sé mícheart, airím gur ionann ceannacht na mascanna agus géilleadh na saoirse, glacadh le hadhastar, is nach bhfuil a fhios ag aon duine againn cén uair a mbainfear an t-adhastar sin dínn arís. 

Cheannaigh mé pacáiste mascanna beaga do na gasúir freisin ó tharla iad ann. Níl aon iachall ó thaobh an dlí ar dhuine ar bith againn mascanna a chaitheamh, ar ndóigh.

Tá sé á mholadh de réir na dtreoirlínte ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i dtaobh na siopadóireachta. Luaitear sna treoirlínte nach bhfuil mascanna feiliúnach do pháistí faoi 13 bliain d’aois, is níl mé cinnte ar ceist sábháilteachta é sin nó an é go bhfuil tuairim ann go gcuirfeadh na mascanna faitíos ar na gasúir. 

Más rud é go mbeidh an víreas seo linn ar feadh tréimhse fhada mar atá á rá, is go gcaithfidh muid ar fad foghlaim cén chaoi leis an saol a chaitheamh ina theannta, sílim go gcaithfidh na gasúir é a fhoghlaim chomh maith linn féin. Ní cheapaim go bhfuil sé ceart go mbeidís scoite amach ón gnáthshaol ar fad, is gan cead isteach in aon áit acu.

Shocraigh mé duine de na gasúir a thabhairt liom ag an siopa uair sa tseachtain chun siopadóireacht bheag a dhéanamh le go dtosódh siad ag foghlaim faoin gcur chuige nua atá sna siopaí agus go mbeadh deis acu dul ina chleachtadh.

Fág freagra ar 'Ní hí is measa mar apacailipsis, ach caithfidh tú a bheith ullamh mar sin féin'

  • Emer Ní Ronáin.

    Cá bhfuil an siopa sin? Níl sé anseo.