Ní hé David Clifford ach a fhoireann a chaill cluiche ceannais na hÉireann

I gcás na gcluichí móra, bíonn ort na míreanna mearaí ar fad nach mór a chur le chéile sula bhfaightear léargas ar an bpictiúir iomlán

Ní hé David Clifford ach a fhoireann a chaill cluiche ceannais na hÉireann

‘Sin deireadh leis an gCathánach, seans, ach ní mór d’imreoirí Chiarraí an cheist a chur orthu féin cén fáth go dteipeann orthu bailchríoch a chur ar an obair.’

Dhá bhliain ó shin ba é sin ceannteideal a bhí ar alt san Irish Examiner an Luan tar éis do Thír Eoghain an bua a fháil ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann – aon chúilín amháin farasbairr acu i gcluiche ina rabhthas taobh le ham breise.

Is beag fear sa tír atá níos eolaí ar imeachtaí peile na Ríochta ná an té a scríobh an píosa – eagarthóir spóirt an nuachtáin, Tony Leen, imirceach as an gcontae atá ina chónaí cois Laoi anois le fada.

Bhí sé ceart sa réamhaisnéis a rinne sé. B’in deireadh le ré Peter Keane mar bhainisteoir, ach ní móide gur cheap Leen go bhféadfaí scrúdú coinsiasa a éileamh ar na himreoirí céanna chomh luath seo arís.

Ghlacfainn leis gur bheag a bhí idir léamh an eagarthóra ar chluiche ceannais na bliana seo agus an tuairim atá luaite aige, cé nach móide go raibh díbirt Jack O’Connor á tuar aige.

Is cinnte na ceisteanna a bheith le cur, go háirithe ós rud é go mba iad na himreoirí céanna nach mór a chuaigh chun páirce Dé Domhnaigh seo caite agus a chlis in aghaidh Thír Eoghain in 2021 – b’ionann don seisear tosach, bhí Diarmaid O’Connor i lár páirce in áit David Moran agus Tadhg Morley agus Graham O’ Sullivan sna cúlaithe in áit Mike Breen agus Bhriain Uí Bheaglaoich.

Agus mé ag scríobh faoin gcluiche sin dhá bhliain ó shin, is cuimhin liom gur dhúirt mé gur chuir sé iontas an domhain orm gur chosúil nach raibh na Ciarraígh ag súil go mbeadh a gcéilí comhraic chomh hionsaitheach, iomaíoch, díocasach. Ag Tír Eoghain a bhíonn na foirne is teasaí in Éirinn, Áth Cliath ina ndiaidh aniar. Sa dá imirt níor léirigh Ciarraí go raibh siad ullmhaithe dó sin.

Ní hé sin ar ndóigh bun agus barr an scéil, níl ann ach ceann amháin de na míreanna mearaí ar fad nach mór a chur le chéile sula bhfaightear léargas ar an bpictiúr iomlán.

Tosaíodh muid leis an argóint is mó atá cloiste agam le seachtain – sin gur chlis Ciarraí mar ná imir David Clifford chomh maith agus atá ann agus arís choíche nach gcuirfeadh sé amú an méid seansanna scórála a tháinig ina bhealach, go háirid ag teacht le deireadh.

Ní féidir a shéanadh go raibh sé ciotach. Ach botún a bheadh ann a ainm a bheith luaite ar an bpríomhchúis nár éirigh lena fhoireann an dara craobh as a chéile a bhuachan.

Glacaim go fonnmhar freisin leis an tuairim go mbeidh Clifford le n-áireamh ar dhuine de na peileadóirí is fearr dár facthas nuair a éireoidh sé as. Ach ‘beir bog ort féin’, mar a deir an Muimhneach.

Tabhair seans dúinne ar dtús lán na súl a bhaint as agus tabhair seans agus am freisin don fhear óg féin a chruthú go bhfuil an cháilíocht sin tuillte aige. Mura bhfaighidh sé a chead sin beidh sé ciaptha go deo ag laethanta nach mbíonn sé i mbarr a mhaitheasa.

Idir an dá linn cúpla fíric.

Scóráil David Clifford trí chúilín – cic saor agus péire ón imirt. Ba é sin an seachtú cluiche craoibhe aige an séasúr seo agus cé is moite den bhua aontaobhach in aghaidh Thiobraid Árann cé mhéad cúilín a scóráil sé ar an meán as an imirt oscailte sna 6 ceann eile? Trí chúilín ar an meán.

Is minic gur as a chuid gaiscí aonaracha is mó a chuimhnítear ar na lúthchleasaithe is fearr – beidh sin amhlaidh i gcás David. Ach is imreoir foirne amach agus amach é nach ndéanann rud ar bith ar mhaithe leis féin.

Tugann sin ar fad le fios gurb iad a dtaispeántais siúd a bhí ina thimpeall atá le scrúdú agus an Domhnach seo caite faoi thrácht – na seansanna scórála a fuair imreoirí eile, na feallanna a deineadh, na liathróidí a géilleadh agus a cuireadh amú.

Ní déarfainn go raibh plean Chiarraí gan locht ach an oiread. Go dtáinig am na práinne ag an deireadh, leanadar orthu ag seoladh na liathróide trasna na páirce agus síos na taobhanna, fad agus a bhí an tosach ab fhearr sa tír ina chadhan aonair ar imeall na cearnóige.

Cuimhnigh ar an gcontúirt a bhain leis an gcúpla liathróid chóiriúil a tháinig ina bhealach ansiúd.

Tá mo chéasadh faighte agam le tamall óna podchraoltaí spóirt seo atá sa bhfaisean.

I rith na seachtaine a chuala mé cur síos ar cheann acu faoin mbaint mhór a bhí ag ciceanna-amach Stephen Cluxton le bua a fhoirne Dé Domhnaigh seo caite – ‘Choinnigh a fhoireann seilbh ar chuile cheann den 23 acu,’ a dúradh.

Go tráthúil níor tháinig sé sa gcaint nach raibh Ciarraíoch i bhfoisceacht scread asail de 16 de na ciceanna sin, agus tamall maith ón gcuid eile go dtáinig na nóiméid dheireanacha.

Ní bréag a rá go raibh baint mhór ag Cluxton le bua a fhoirne, ach thabharfainn féin tús áite Dé Domhnaigh seo caite don dá chic saor a sheol sé go stuama thar an trasnán ag fíorthús na himeartha agus a chuid géarchúise – féach mar a thuig sé san 8ú nóiméad go raibh Tom O’Sullivan le smacht a chailleadh ar an liathróid agus é á ghearradh isteach ar imeall na cearnóige. Ar iompú do bhoise bhí an báireoir amuigh agus an pheil goidte aigesean.

Siúráilte rinne Cluxton a chion, mar a rinne siad siúd ar fad a bhí a chúnamh dó.

Foirne a bhuann cluichí agus Dé Domhnaigh seo caite ba í an fhoireann ab ocraí agus ab acmhainní a rinne sin.

Foirne a chliseann i gcluichí freisin.

Fág freagra ar 'Ní hé David Clifford ach a fhoireann a chaill cluiche ceannais na hÉireann'

  • jpmorley0@gmail.com

    Gan trácht ar bith agat ar ról an réiteora? Beirt ó BÁC ar a laghad ar cheart iad bheith díbeartha ón bpáirc más calaois é pléasc de dhorn a bhualadh ar imreoir d’aon ghnó. Agus uair amháin acu nuair nach raibh an pheil in aon ghaobhar dó. ‘Speáineadh ar an scáileán mór iad ar ais ina dhia’ san. Faightear réiteoir ardaigeanta, misniúil a bhfuil seasamh a choda ann fiú nuair is iad lucht na hardchathrach atá sa treis. Duine nach lútálaí amach is amach é.