‘Ní hamháin nach mbeidh 250,000 cainteoir laethúil againn, ach ag dul sa treo mícheart atáimid’

‘Údar díomá’ atá i dtorthaí na hanailíse atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí nua daonáirimh ach léiríonn siad an gá le straitéis úr a phleanáil

‘Ní hamháin nach mbeidh 250,000 cainteoir laethúil againn, ach ag dul sa treo mícheart atáimid’

Fág freagra ar '‘Ní hamháin nach mbeidh 250,000 cainteoir laethúil againn, ach ag dul sa treo mícheart atáimid’'

  • An Sléibhteoir

    Ní mór dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar choincheap na Gaeltachta. An smaoineamh a bhí ann (ag roinnt daoine) ná go mbeadh áiteanna in ann an Ghaelainn a choinneáil mar theanga phobail go neamhspleách ar a raibh ar siúl sa chuid eile den tír. Seans go n-oibreodh a leithéid de smaoineamh san am atá thart nuair a bhí na háiteanna seo níos iarghúlta agus scoite amach. Níl sé praiticiúil san fhadtéarma go mbeadh cúinsí sochtheangeolaíochta ar leith ag ceantair áirithe dall ar a bhfuil ar siúl sa chuid eile den tír – go háirithe sa ré nua-aimseartha nuair is i mBéarla atá na hollscoileanna ag feidhmiú, mar aon leis na comhlachtaí móra agus an státseirbhís. Tá ardsheans ann má phósann cainteoir Gaelainne duine eile ná beidh Gaelainn ag an duine sin agus dá bhrí sin ná beidh an Ghaelainn mar phríomhtheanga an tí sin.

    Ní mhairfidh na Gaeltachtaí gan athbheochan náisiúnta dá dtacú.

  • Brian Ó Broin

    An ceart ag an duine anaithnid thuas. Ní mór breathnú ar an tír i gcoitinne mar Ghaeltacht anois, go háirithe i bhfianaise infrastruchtúr na tíre, a cheadaíonn anois do dhuine ar bith cónaí in aon áit faoin tuath agus obair sa chathair.
    Is mór an trua a laghad cabhrach a thug an rialtas do theaghlaigh Ghaelacha agus pobail Ghaelacha lasmuigh den Ghaeltacht. Feictear dom nach raibh sa Ghaeltacht do lucht an rialtais ariamh ach sórt Indian Reservation.