Ní grúpa beag gealt nó buachaillí bó iad ISIS…

Maífidh ISIS gur cladhairí na Comhghuaillithe toisc nach rabhadar sásta dul i mbun troda ar talamh agus beidh tuilleadh mairtíreach acu ar son na cúise…

A pair of U.S. Air Force F-15E Strike Eagles fly over northern Iraq early in the morning of Sept. 23, 2014, after conducting airstrikes in Syria. These aircraft were part of a large coalition strike package that was the first to strike ISIL targets in Syria. (U.S. Air Force photo by Senior Airman Matthew Bruch/Released)

Bhí muintir na Breataine idir dhá chomhairle le cúpla seachtain anuas ar ceart dóibh feachtas buamála a thosú sa tSiria nó nach ceart. Bhí David Cameron agus rialtas na dTóraithe ag moladh ionsaithe fíochmhara teoranta ar ISIS sa tSiria agus san Iaráic. An tseachtain seo caite vótáil móramh ar son na n-ionsuithe.

Maítear go gcabhróidh sin chun stop a chur le dul chun cinn ISIS agus leathnú an fhoréigin sa réigiún sin i gcoitinne. Ag éisteacht le cuid mhór de lucht anailíse na laethanta seo, shílfeá gur grúpa beag gealt nó buachaillí bó iad ISIS, áfach, agus gur féidir iad a chur faoi chois go héasca. Ní hamhlaidh atá an scéal ar chor ar bith.

Tá cailifeacht, nó rialtas Ioslamach ar domhan, fógartha go hoifigiúil ag ISIS; tá neart airgid acu de thairbhe toibreacha móra ola a bheith ina seilbh acu agus cáin á gearradh acu ar Mhoslamaigh eile, agus ar Choirdínigh is ar Chríostaithe. Tá formhór oirthear na Siria agus tuaisceart na hIaráice faoina gceannas agus níl siad gann ar lón cogaidh.

Maítear go bhfuil siad ar a ndeargdhícheall ag iarraidh airm cheimiceacha a dhéanamh agus go mbainfidís úsáid astu gan stró ar bith dá mbeadh an deis ann chuige. Déantar dearmad uaireanta go bhfuil cathair Mosul, agus réimsí móra de chathair Baghdad fiú, faoi smacht acu le bliain anuas. Anuas air sin, tá ISIS ag feidhmiú san Iarthar anois agus dílseacht acu ó ghrúpaí ‘jihadi’ san Éigipt, sa Libia, san Algéir, sa Phacastáin, sa Mhalaeisia, sa Nigéir, sa tSomáil, gan ach dornán tíortha a lua.

Maítear go bhfuil óglaigh dheonacha ó 80 éigin tír tar éis dul chun na Siria le cabhrú le ISIS i mbun cogaíochta. Go díreach mar a tharla i gcogaidh fhuilteacha eile, tá tarraingt nach beag ag baint le bráithreachas, sa chás seo Ioslamaigh óga radacacha, idir oirthearaigh is iartharaigh, nach bhfuil ar a suaimhneas níos mó (má bhí riamh) sa tsochaí dar díobh iad.

Toisc go bhfuil cailifeacht fógartha ag ISIS, tá sé de dhualgas ar “Jiohadaigh an Chlaímh” ar fud an domhain mhóir a bheith páirteach i gcosaint agus leathnú an togra chéanna. Sin an chúis a bhfuil Óglaigh tagtha chun an réigiúin sin chun tacú le ISIS ó chuid mhór tíortha.

Díol suime go meastar gurb as tíortha Iartharacha a bhfuil saoirse agus rachmas iontu, más fíor, de bhreis is leath de na saighdiúirí céanna. Maireann baill ISIS i measc an ghnáthphobail, i dtithe agus in árasáin na cosmhuintire agus seilbh acu ar chríocha a bhfuil tailte agus tírdhreach cothrom ann den chuid is mó. Fiú má chinneann an Bhreatain ar fheachtas buamála ón aer, níl ann ach tús na bhfadhbanna i ndáiríre.

Ní féidir le ruathar aeir trodaithe mar ISIS a ruaigeadh, ná baol air. Ina theannta sin, bogann ISIS ó áit go háit fan na talún i jípeanna agus leoraithe atá díreach mar an gcéanna leis na feithiclí a mbíonn cosmhuintir an réigiúin sin iontu, rud a chiallaíonn go mbeadh sé an-deacair a dhéanamh amach cé hiad na jiohadaigh agus cé hiad na sibhialtaigh nach bhfuil páirteach sa streachailt.

Toisc lucht ISIS a bheith ag cur fúthu i measc na cosmhuintire, is cinnte go marófaí go leor daoine neamhurchóideacha san fheachtas buamála aeir seo. Mura scriosann na Comhghuaillithe na toibreacha ola móra atá i seilbh ISIS, is beag dochar a dhéanfaidh siad d’infrastruchtúr ná d’fhoinsí maoinithe ISIS. Ní hamháin sin, chiallódh go leor sibhialtach marbh go dtiocfadh méadú ar thacaíocht ISIS seachas a mhalairt.

Maífidh ISIS gur cladhairí agus bithiúnaigh iad na Comhghuaillithe agus drogall orthu dul i mbun troda ar talamh agus beidh tuilleadh mairtíreach acu ar son na cúise.

Is cuma cén cinneadh a dhéanann rialtas Shasana. Ní chuirfidh aer-ruathar deireadh le ISIS agus seans maith go ndéanfaí tuilleadh dochair san fhadtéarma. Cogadh fada fuilteach eile atá ar na bacáin, is léir. Is andúiligh chogaidh sinn.

Fág freagra ar 'Ní grúpa beag gealt nó buachaillí bó iad ISIS…'

  • Bourgie

    Tá an ceart agat a Mhichíl. Ní bheidh airm na Breataine in ann mórán dochár a dhéanamh ar ISIS fé láthair ón aeir. Tá sé soiléir anois go bhfuilidear ag fáil a nairm ‘s tacaíocht óna tíortha Moslamacha eile sa reigíun, na Saudis, agus an Qatar ach go háirthíthe. Tá fianaise ag teacht amach faoi láthair freisin go bhfuil rialtais na Tuirice ag cabhrú leo.

  • Feardorcha

    Níor thug ach airm amháin le dealramh – na Coirdínigh – a ndúshlán go dtí seo, agus, gan fiacail a chur ann, dhein na Coirdínigh cacamas dóibh nuair a thugadar aghaidh ar a chéile. Faraor ní fiú faic arm na hIaráice agus tá a ndóthain le déanamh ag dream Assad ag déileáil lena sráideanna féin (nuair nach dtagann Hezbollah i gcabhair orthu corruair).
    An deacracht mór atá ag Cameron agus Obama ná nach féidir leo aon dream áitiúil, buataisí ar an talamh, a roghnú as an bpraiseach go léir chun obair i dtaca leo. Tá “na Measarthaigh” a labhartar orthu slogtha faoin tráth seo agus ní chífear arís go deo iad. Tá an ghráin ag na Poncánaigh ar Assad agus é fógartha ina dheamhan acu ach i ndáiríre is é an t-aon Mheasarthach atá fágtha, fiú mura maith leis na Giúdaigh.
    Formhór na n-amadán a thagann anall ón Iarthar chuig ISIS níl iontu ach bulaithe leathfhásta nach bhfuil ábalta olc ná maith do shaol crua an réigiúin. Má tá bean le héigniú nó ceann le teascadh táid iontach ach taobh amuigh de sin ní fiú faic iad. Ar an taobh eile de tá riar mór Seisniach ina measc agus ní haon joke na bocanna sin. Ach tuigeann Putin go bhfuilid ann agus mise a rá go bhfuilid ar a liosta!