Ní ghéillfidh an Ciarraíoch seo go deo go bhféadfadh stánáil cheart bheith i ndán do Chorcaigh

Conas is féidir le Corcaigh dul sa ghleo amárach agus stangadh a bhaint as Ciarraí?

Ní ghéillfidh an Ciarraíoch seo go deo go bhféadfadh stánáil cheart bheith i ndán do Chorcaigh

Tá gléchuimhne agam ar an uair dheireanach a chas Ciarraí agus Corcaigh ar a chéile sa chraobh agus gan cúldoras ná maide croise ag ceachtar den dá dhream chun buille a dtreascartha a mhaolú.  

Cé go bhfuil fiche bliain ann ó bhuaigh Ciarraí ar Chorcaigh sa chluiche deireanach eatarthu faoin seanchóras, tháinig cuimhní an chluiche sin i gCill Airne chugham go slaodach an tseachtain seo. Dá mbeadh aon tseans go mbeadh an lá ligthe i ndíchuimhne, bhí na pictiúir os mo chomhair amach i mórán nuachtán i rith na seachtaine. 

Uaireanta tagann tuiscint níos fearr ar chluiche an lae inniu ós na camruathair seo ar bhóithrín na smaointe ach sa chás seo is dóigh gur fuar ár ngnó ag iarraidh ceangal a dhéanamh idir an lá inné is an lá inniu. 

Ní hionann an tslí atá an cluiche á imirt na laethanta seo. Ní hionann Cill Airne truncálta agus an teirce lucht féachana amárach i gCorcaigh. Ní hionann seasamh an dá chontae fé láthair agus thar aon ní eile, tá difríocht ana-mhór idir aimsir bhog shamhraidh na bliana 2000 agus fuacht is feannadh an lae amáirigh. Fé 4 a chlog amáireach beidh leoithne ón Laoi ag dul go cnámh sna himreoirí, gan an lucht féachana, iriseoirí, grianghrafadóirí agus lucht inste scéil, a bhac chuige.

Tá dóthain cainte déanta le seachtainí anuas faoin aimsir agus faoin rian a fhágfaidh sí ar chraobh na bliana seo ach más dóigh leat nach fiú bheith ag caint uirthi, ní gá ach féachaint ar thuaiplis Eoghain Bán Gallagher an tseachtain seo caite a chuir gaoth i seolta Thír Eoghain nuair ba chosúil go raibh ag teip orthu. 

Dála gach aon chraobh a buadh go nuige seo, buafaidh an painéal is láidre sa tír craobh na hÉireann i mbliana. Ina theannta san, sa tréimhse sé seachtaine amach romhainn beidh an lá leis an mbuíon is mó atá toilteanach a lámha a shailiú agus an dream is lú a bheidh faillíoch i ngnéithe bunúsacha na himeartha ar nós lascáil agus láimhseáil na caide.

Má táthar chun bheith dílis don bhfianaise atá curtha ós ár gcomhair ag an dá fhoireann seo le tamall anuas, chaithfeá bheith den dtuairim go mbeidh an lá le Ciarraí amáireach. Níl buaite ag Corcaigh ar Chiarraí ó 2012 sa chraobh agus go dtí cluiche craoibhe na bliana seo caite eatarthu, bhí Ciarraí ag buachtaint le haon phointe dhéag ar an meán sna coimhlintí idir na foirne. 

Pé támáilteacht, pé seanchríonnacht atá ionainn ní fhéadfaidh an Ciarraíoch (mo dhálta féin ach go háirithe) géilleadh go deo go bhféadfadh stánáil cheart bheith i ndán do Chorcaigh nuair a chastar na foirne ar a chéile. B’fhéidir go mbaineann sé le hiarsma den ré ina mbíodh na Corcaígh i uachtar i ndeireadh na 1980idí agus isteach go lár na 1990idí.

B’fhéidir go bhfuil baint aige leis an bhfo-bhabhta fánach go n-éiríonn le Corcaigh barrthuisle a bhaint as Ciarraí – 1999, 2002, 2006, 2008 agus 2012, mar shampla. Nó b’fhéidir go bhfuil an tuiscint ann nach féidir leis an bhforlámhas seo leanúint ar aghaidh go deo agus go gcaithfidh go bhfuil speach mhallaithe i lucht na ngeansaithe dearga luath nó mall.

Fuaireamar éachtaint ar an mianach sin i gcluiche ceannais na Mumhan anuraidh ach n’fheadar an leor é chun misneach agus muinín a chothú bliain go leith ina dhiaidh?

Ainneoin na léasacha beaga dóchais atá fachta acu ó bhliain iontach le foirne mionúir agus faoi-20 anuraidh agus ón dteacht aniar atá déanta ag an bhfoireann shinsir, is deacair fianaise, fírinne agus fíricí a sheachaint i gcónaí. Bhuaigh Ciarraí Roinn 1 na sraithe coicíos ó shin agus cé go bhfuil Corcaigh tar éis éalú go neafaiseach as Roinn 3, níor ghá dóibh aon chruacheist a fhreagairt ná géariniúchadh anama a dhéanamh sa bheart sin.

Conas, mar sin, is féidir le Corcaigh dul sa ghleo amáireach agus stangadh a bhaint as Ciarraí?  

Ón méid atá feicthe de Chiarraí an Gheimhridh agam, taibhsítear dom go bhfuil feabhas tagtha ar mhórán gnéithe den imirt acu. Ní fhágann san gan cháim iad. Gheobhaidh David Moran agus pé duine a bheidh ina theannta a ndóthain ó Ian Maguire, Killian O’Hanlon agus Ruairí Deane. Má tá Corcaigh aibidh ar an dtaobhlíne, agus is dóigh liom go bhfuilid, cuirfidh siad duine nó beirt eile isteach sa tranglam i lár an ghoirt chun Ciarraí a chur dá mbuille anseo.

An chuige sin atá Mark Keane, fear ná beidh bliain is fiche go Márta meallta thar n-ais ón Astráil don lá amáireach? Cad fé Paul Walsh, fear a raibh ana-bhiaiste aige i ndeireadh an tsamhraidh lena chumann Ceann Toirc? Níl aon teora le misneach na hóige agus bheadh Corcaigh ag súil go bhféadfadh leithéidí Walsh agus Keane dul go neamheaglach i gcoim na spéirlinge i lár an ghoirt. 

Beart de réir briathair atá ag teastáil ach conas na coinníollacha sin a chruthú? Déanfaidh an aimsir an áirithe sin ach caithfidh an fuinneamh agus an fuadar breise teacht ós na himreoirí féin.  Déanfaidh Seán Powter agus Mattie Taylor a gcion féin chun Ciarraí a thástáil ar an bhfrithionsaí ach an féidir leo dóthain seilbhe a fháil chun an robach is gá a dhéanamh? 

An uair dheireanach a casadh ar a chéile i bPáirc Uí Chaoimh iad, níor éirigh le Corcaigh ach le beagán fé bhun leath a n-iarrachtaí ar scóranna i gcomparáid le Ciarraí ná raibh oiread is iarracht amháin amú sa chéad leath acu. Ghéill Corcaigh seacht gcic saor is fiche i gcomparáid le aon cheann déag ag Ciarraí sa chluiche céanna. 

Tá lagú ag baint leis na mionshonraí san do Chorcaigh agus bhí drochnós anuraidh acu agus iad ag áiteamh na haon chinneadh leis an réiteoir Anthony Nolan. Táim siúráilte go bhfuil na ceachtanna san foghlamtha agus go dtiocfaidh feabhas as cuimse orthu sa réimse seo. Mura ndéanfaidh, is é an toradh céanna a bheidh arís eile againn. 

   

Fág freagra ar 'Ní ghéillfidh an Ciarraíoch seo go deo go bhféadfadh stánáil cheart bheith i ndán do Chorcaigh'

  • Mícheál Ó Ruairc

    An phraiseach ar fud mias Chiarraí faoin tráth so pé ar bith, Dara is an ghaoth taobh thiar de Chorcaigh anois!

  • Breathnóir1

    Mar bhreathnóir neodrach caithfidh mé a rá gur chluiche corraitheach a bhí ann, le casadh gan choinne ag an deireadh. Beidh lá eile ag an gCiarraíoch…