‘Ní gá Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath’ – Norma Foley

Deir an tAire Oideachais go bhfuil dóthain gaelcholáistí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath cheana féin

‘Ní gá Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath’ – Norma Foley

Deir an tAire Oideachais go bhfuil a roinn den tuairim nach gá Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath in ainneoin go bhfuil feachtas ar siúl ag iarraidh go dtógfaí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nua sa cheantar.

Tá tuismitheoirí, múinteoirí agus eagraíochtaí teanga ag iarraidh ar an Aire Norma Foley scoil lán-Ghaeilge nua a cheadú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun freastal ar dhaltaí ó ghaelscoileanna sa cheantair ach deir an tAire gur leor na scoileanna atá ann i láthair na huaire le freastal ar an éileamh.

Beidh lucht an fheachtais i láthair ag Teach Laighean tráthnóna d’agóid atá beartaithe ag Conradh na Gaeilge faoi chás na Gaeilge sa chóras oideachais. Léirsiú#Gaeilge4All atá á thabhairt ar an agóid sin agus lucht a heagraithe ag éileamh cur chuige nua dtaobh ceisteanna éagsúla a bhaineann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge.

Níl iarbhunscoil lán-Ghaeilge ar bith i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 ach tá breis agus dhá scór iarbhunscoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla sna ceantair chéanna.

Tá fógartha ag an Roinn Oideachais go bhfuil iarbhunscoil nua le tógáil chun freastal ar cheantair Bhaile Átha Cliath 2 agus 4 ach deir an tAire Foley nach bhfuil aon chinneadh maidir le múnla pátrúnachta ná teanga teagaisc na scoile nua déanta go fóill.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, faoi phleananna a roinne do Ghaelcholáiste nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, dúirt an tAire gur measadh go mbeadh dóthain spáis sna gaelcholáistí atá ansin cheana féin chun freastal ar an éileamh faoi láthair.

“Cé go bhfuiltear ag súil go mbeidh dóthain áiteanna scoile ag na gaelcholáistí atá ann cheana féin i gceantar ginearálta Bhaile Átha Cliath Theas chun freastal ar an éileamh sa ghearrthéarma, i bhfianaise líon na ngaelscoileanna nua atá oscailte le blianta beaga anuas nó atá beartaithe a oscailt sa cheantar seo, tá mo Roinn ag coinneáil an scéil faoi athbhreithniú gníomhach de réir mar a fhásann na scoileanna seo agus de réir mar a thagann méadú ar líon na ndaltaí i rang a sé sna Gaelscoileanna,” a dúirt an tAire.

Dúirt sí go raibh deiseanna ann tuilleadh spásanna a chur ar fáil sna Gaelcholáistí atá ann, amhail Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin agus go raibh a Roinn tar éis scríobh chuig pátrúin na scoileanna áirithe sin sa chomhthéacs seo.

Deir an dream atá ag tacú leis an bhfeachtas Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart na cathrach nach féidir leis an dá scoil sin freastal ar an éileamh atá ann.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív le Tuairisc cheana nach bhféadfadh Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin freastal ar dheisceart chathair Bhaile Átha Cliath uile agus dúirt gur chóir scoileanna lán-Bhéarla a dhúnadh agus a chónascadh más gá sin a dhéanamh chun scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú.

Tá iarbhunscoil nua eile le tógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun freastal ar an Naigín agus na ceantair máguaird ach, arís, dúirt an tAire Norma Foley nach raibh aon chinneadh déanta cé acu an scoil lán-Ghaeilge nó lán-Bhéarla a bheadh i gceist.

Fág freagra ar '‘Ní gá Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath’ – Norma Foley'

  • Seán

    Táim ag ceapadh go bhfuair sí díolúine ó mhata nuair a bhí sí ar scoil.

    Ní chiallaíonn na huimhreacha tada di.

  • Dalta Coláiste Eoin

    Mar dhalta séú bhliain i gColáiste Eoin, is féidir liom a rá go raibh deacrachtaí ollmhóra agam chun an áit a fháil sa Choláiste sé bliana ó shin! Ní bhfuair mé m’áit ach sa tseachtain dheireanach sa samhradh 2017.
    Ní fadhb nua í seo, ach tá an córas scolaíochta ag teacht go dtí cnámh na huillinne i leith an éilimh atá ann d’áiteanna meánscoile lán-Ghaeilge, ach go háirithe i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá go leor tógála agus leathnú ar siúl ar áitreamh Coláiste Eoin faoi láthair, b’fhéidir go bhfuil an rialtas ag déanamh iarracht ceansú a dhéanamh ar an bhfadhb, mura fearr nára mheasa, ach tá gá le níos mó!
    ‘Nuair a chuirtear tine le cloch pléascann sí!’

  • Rossa Ó Snodaigh

    Ba cheart gur ceart bureachtúil í oideachas trí mheáin an Ghaeilge a bheith ag scoiláirí na tíre seo.