‘Ní fiú a bheith ag caint ar earcú cainteoirí Gaeilge gan a thuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge’

Deir eagraíochtaí teanga agus oideachais gur gá cur go mór le líon na scoileanna lán-Ghaeilge má táthar le spriocanna earcaíochta nua a bhaint amach 

‘Ní fiú a bheith ag caint ar earcú cainteoirí Gaeilge gan a thuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge’

Deir eagraíochtaí teanga agus oideachais go bhfuil cur chuige i bhfad níos uaillmhianaí ag teastáil i leith an ghaeloideachais má tá an Rialtas lena sprioc earcaíochta i leith na Gaeilge a bhaint amach.

An sprioc atá sa reachtaíocht teanga nua ná gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, ach deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, nach fiú a bheith ag caint ar an sprioc sin a bhaint amach gan “ardú suntasach ar líon na scoileanna Gaeilge ag an dara leibhéal”.

Deir Ó hEaghra go bhfuil sé mar aidhm ag An Foras Pátrúnachta “deis a thabhairt do chuile dhalta oideachas lán-Ghaeilge a fháil” ach go bhfuil “córas ceart” ag teastáil ar dtús chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.

Bhí Ó hEaghra ag caint le Tuairisc faoin éileamh nua sa Bhreatain Bheag go mbeadh oideachas trí Bhreatnais á chur ar fáil i ngach scoil faoi 2050.

“Níl an córas ag soláthar dóthain scoileanna lán-Ghaeilge,” arsa Caoimhín Ó hEaghra. “Faoi láthair tá an córas bunaithe ar fhás sa déimeagrafaic, ach ní córas é sin a fhreastalaíonn ar thuismitheoirí atá ina gcónaí in áit nach bhfuil an déimeagrafaic ag fás.”

Deir Ó hEaghra go bhfuil gá le “cruth agus cosán níos soiléire” a leagan síos do bhunú Gaelscoileanna agus gaelcholáistí.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn gur chóir go mbeadh rialtas na hÉireann chomh “uaillmhianach” le rialtas na Breataine Bige. 

Sa Chlár Rialtais, deirtear go bhfuil sé mar sprioc an líon daltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge a dhúbailt.

“Ní cheapann muid go bhfuil sé seo uaillmhianach go leor,” a deir Julian de Spáinn.

Deir de Spáinn go bhfuil obair ar siúl faoi láthair ag grúpa oibre darb ainm IMEASC (imeasc.ie), chun éileamh ar an rialtas go mbeadh 25% de na scoileanna uilig ag feidhmiú trí Ghaeilge.

“Níl sé seolta mar fheachtas fós,” a deir de Spáinn. “Ach tá an Roinn [Oideachais] ag obair ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. Deis a bheidh ansin chun ár gcuid spriocanna a chur in iúl agus a chur chun cinn.”

Ag tagairt don fheachtasaíocht atá ar bun sa Bhreatain Bheag faoi láthair, deir Julian de Spáinn go bhfuil i bhfad níos mó scoileanna trí Bhreatnais ann ná mar atá scoileanna trí Ghaeilge.

Tá 23% de scoileanna sa Bhreatain Bheag ag feidhmiú trí Bhreatnais, i gcomparáid le 6% de scoileanna trí Ghaeilge.

“Táimid ag 6% faoi láthair sa tír seo,” a deir de Spáinn. “Caithfimid sprioc réalaíoch a bheith againn ar dtús, nó tús-sprioc. Níl an déimeagrafaic ag fás i go leor áiteanna in Éirinn agus mar sin ní ceist é seo a bhaineann le scoileanna nua amháin a. Beidh orainn scoileanna a iompú ina Ghaelscoileanna, rud a bheidh deacair ach uaillmhianach.”

Measann de Spáinn gur cheart don rialtas a bheith ag ullmhú dó seo agus a bheith ag obair i dtreo sprioc níos uaillmhianaí ná mar atá acu cheana.

Deir Caoimhín Ó hEaghra nach bhfuil “aon dabht faoi ach go bhfuil éileamh ann ó 25% den phobal” ar oideachas lán-Ghaeilge.

 “Tá an cath thart mar gheall ar thairbhe an ghaeloideachais. Tuigtear go bhfuil buntáiste breise oideachais ag baint leis. Ach níl an córas ag soláthar dóthain scoileanna lán-Ghaeilge.”

Measann Ó hEaghra go n-iompódh “go leor scoileanna eile” ar an ngaeloideachas dá bhfeicfí líon na ngaelscoileanna ag fás.

“Tá éileamh an-láidir ann ó thuismitheoirí don oideachas lán-Ghaeilge,” ar sé. “Sin é an fáth go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis na gaelscoileanna.”

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go bhfuil oideachas trí Bhreatnais á lorg ag feachtasóirí do gach scoil sa Bhreatain Bheag faoi 2050.  

Deir Caoimhín Ó hEaghra gur “sprioc uaillmhianach” atá acu sa Bhreatain Bheag ach gur maith an rud é dá mbeadh an rialtas in ann “freastal ar ár saoránaigh” sa chaoi chéanna.

Tá sé i gceist ag an ngrúpa stocaireachta Breatnaise Cymdeithas yr Iaith Acht Breatnaise dá gcuid féin a sheoladh ag an Eisteddfod Náisiúnta in Ceredigion an tseachtain seo chugainn. 

Mar chuid den seoladh sin iarrfaidh siad ar an Rialtas 2050 a shocrú mar an dáta faoina mbeidh an Bhreatnais ina príomhtheanga theagaisc i gcóras oideachais na Breataine Bige.

Tá sé mar sprioc ag rialtas na Breataine Bige féin go mbeadh 30% de scoileanna ag feidhmiú trí Bhreatnais faoi 2040, agus 40% faoi 2050.

D’fhoilsigh rialtas na Breataine Bige plean 10 mbliana le déanaí chun líon na múinteoirí Breatnaise a mhéadú. Cuireadh £9 milliún ar fáil faoin bplean agus tá sé i gceist é a chur i bhfeidhm i mbliana. 

Beidh ceachtanna Breatnaise ar fáil saor in aisce do lucht teagaisc ó Mheán Fómhair faoin bplean deich mbliana.

Fág freagra ar '‘Ní fiú a bheith ag caint ar earcú cainteoirí Gaeilge gan a thuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge’'

  • Muireann Ní Mhóráin

    An ceart ag an bhForas Patrúnachta agus Conradh na Gaeilge faoi líon na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí a mhéadú, ach ní leor sin.
    Aitheanta ag an Roinn Oideachais nach bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge ag líon ard bunmhúinteoirí agus céimithe Gaeilge sna hiar-bhunscoileanna.
    Práinneach cúrsaí athnuachana/uasghráduithe a chur ar fáil, saor in aisce, mar a rinneadh do mhúinteoirí Mata roinnt blianta ó shin.

  • Caitríona

    An seanphort céanna thuas…tá léitheoirí tuirseach de. Go dtí go mbeidh caighdeán ard labhartha agus scríofa sa Ghaeilge ag léachtóirí/teagascóirí 3adh leibhéal, níl seans ag céimithe greim a fháil ar an teanga. Tá an caighdeán titithe go mór i roinnt institiúidí 3adh leibhéal le roinnt blianta anuas agus níltear fiú á aithint sin. Gaeilge bhriste, Béarla in úsáid in amanta ar chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí Gaeltachta….. gan trácht ar an droch-chaighdeán Gaeilge atá ag líon ard múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus iad ag teagasc trí Bhéarla le cead bhainistíocht na scoileanna sin. Níl cúrsaí go maith agus tá teipthe ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta a dhul i ngleic leis na nithe thuas. Leantar leis an gcur i gcéill.

  • Seán

    Nach raibh COGG ceapaithe na tacaíochtaí agus acmhainní a sholáthar chun a dhul i ngleic leis na folúis atá sa chóras i leith na Gaeilge?!

  • Muireann Ní Mhóráin

    An ceart ag Seán maidir le dualgais reachtúla COGG ach, mar a dúirt mé go minic, ní Lourdes ná Cnoc Mhuire riamh a bhí i COGG le heaspa foirne ná tacaíochtaí cuí.
    Ní raibh aon mhiorúilt i ndán!
    Feabhas ar chúinsí fostaíochta le cúpla mí anuas.

  • Colm deB

    Má tá dóthain múinteoirí cáilithe le bheith ann chun an Ghaeilge a mhúineadh, ní mór coláiste oiliúna a bhunú a fheidhmeos go hiomlán trí mheán na Gaeilge – ón nóiméad a dhéanfaidh na mic léinn agus na hiníní léinn teagmháil leis an gcoláiste an chéad uair go dtí go siúlfaidh siad amach an doras agus céim san oideachas ina nglaic acu.
    Le fada an lá, is é polasaí an Stáit “córas Béarla le maisiúchán Gaeilge” a bheith ann; agus é seo ar an lá is fearr. Tá sé seo chomh fíor céanna faoi dhaoine ar nós Éamon Ó Cuív – nach bhfuil aon amhras ar éinne faoina thiomantas i leith na Gaeilge – is atá sé faoi Varadkar, Martin agus Ryan. Agus é seo gan trácht ar na daoine a chuireann dris cosáin sa mbealach ar an nGaeilge gach coschéim den bhóthar.
    Teastaíonn córas iomlán nua, ar leith ón gcóras Béarla, má tá an Ghaeilge le dul chun cinn a dhéanamh.