Oideachas trí Bhreatnais á lorg do gach scoil sa Bhreatain Bheag faoi 2050 

Tá an eagraíocht Cwmdeithas yr Iaith ag éileamh ar Rialtas na Breataine Bige 2050 a leagan síos mar sprioc le hoideachas trí mheán na Breatnaise a chur ar fáil i ngach scoil sa tír

Oideachas trí Bhreatnais á lorg do gach scoil sa Bhreatain Bheag faoi 2050 

Tá feachtasóirí Breatnaise ag éileamh ar Rialtas na Breataine Bige 2050 a leagan síos mar sprioc reachtúil le hoideachas trí mheán na Breatnaise a chur ar fáil i ngach scoil sa tír. Is í an bhliain 2050 an sprioc atá ag Rialtas na Breataine Bige faoina mbeadh milliún cainteoir Breatnaise sa tír.

Seolfaidh an grúpa stocaireachta Breatnaise Cymdeithas yr Iaith acht na Breatnaise dá gcuid féin ag an Eisteddfod Náisiúnta in Ceredigion an tseachtain seo chugainn. Mar chuid den seoladh sin iarrfaidh siad ar an Rialtas 2050 a shocrú mar an dáta faoina mbeidh an Bhreatnais ina príomhtheanga theagaisc i gcóras oideachais na Breataine Bige.

Tá Rialtas na Breataine Bige ag ullmhú chun comhairliúchán a fhoilsiú san fhómhar mar chuid dá ghealltanas reachtaíocht don teanga a thabhairt isteach sna ceithre bliana amach romhainn.

Is é Keith Bush, Comhalta le Dlí na Breatnaise in Ionad Rialachais na Breataine Bige, a dhréachtaigh an t-acht do Cymdeithas, agus dúirt an grúpa go bhfuil a ndréachtreachtaíocht bunaithe ar fhís agus ar pholasaithe na gluaiseachta teanga.

Ceann de mhórspriocanna na reachtaíochta ná córas oideachais aonteangach Breatnaise a bhunú do chách faoin mbliain 2050. 

I measc na mbeart eile atá sa reachtaíocht nua sa Bhreatain Bheag, tá deireadh a chur le Plean Straitéiseach na Breatnaise san Oideachas agus Creat Náisiúnta um Oideachas Breatnaise a chur ina ionad. Chomh maith leis sin, tá sé mar chuid den acht Prionsabal Creata amháin um Oideachas Breatnaise a bhunú i reacht, le cur in ionad cáilíochtaí Breatnaise an Dara Teanga.

“Tá deis ar leith ag Rialtas na Breataine Bige agus ag an Aire Oideachais, Jeremy Miles faoi láthair. Tá an seans ann go mbeidh oideachas trí mheán na Breatnaise ar fáil do gach duine den chéad uair riamh,” a dúirt Catrin Dafydd ó Ghrúpa Oideachais Cymdeithas yr Iaith.

“Táimid ag éileamh reachta a dhearbhódh go mbeidh an Bhreatnais mar theanga oideachais sa Bhreatain Bheag, agus go mbeidh gach scoil ar an mbealach chun oideachas trí mheán na Breatnaise a sholáthar do chách faoi 2050.

“Ag an Eisteddfod an tseachtain seo chugainn beimid ag seoladh ár nAcht féin agus ag tosú ar chomhairliúchán ina leith. Ba mhaith linn comhrá forleathan a thosú ag leibhéal an phobail faoi phíosa reachtaíochta ríthábhachtach a rachaidh i bhfeidhm ar dheiseanna eacnamaíocha agus cultúrtha na mílte páiste ar feadh an chuid eile dá saol.”

Mar chuid dá chlár rialtais 2021-2026, dúirt Rialtas na Breataine Bige go rithfí reachtaíocht chun soláthar na Breatnaise a neartú agus a mhéadú. Níl aon amchlár ann go fóill do chomhairliúchán an Pháipéir Bháin faoi sin.

Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na Breataine Bige go gcaithfí athruithe a dhéanamh ionas go mbeadh rath ar Cymraeg 2050 agus go mbeadh soláthar Breatnaise níos fearr ag scoileanna agus oibrithe na tíre ar fad.

“Tá an Bhreatnais i gcroílár ár gcuraclaim nua, a leagann amach céimeanna soiléire maidir le dul chun cinn forbartha na Breatnaise d’fhoghlaimeoirí, lena n-áirítear scoileanna Béarla.

“Tá gá againn freisin le lucht oibre leis na scileanna cearta, rud a chiallaíonn níos mó cainteoirí Breatnaise a mhealladh chun na gairme [teagasc] agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna Breatnaise an lucht saothair atá againn faoi láthair. Chun dul i ngleic leis seo, tá ár bplean 10 mbliana foilsithe againn le déanaí chun líon na múinteoirí Breatnaise a mhéadú, agus £9 milliún ar fáil chun tacú leis an bplean agus é a chur i bhfeidhm i mbliana.” 

Beidh ceachtanna Breatnaise ar fáil saor in aisce do lucht teagaisc ó Mheán Fómhair faoin bplean deich mbliana.

Fág freagra ar 'Oideachas trí Bhreatnais á lorg do gach scoil sa Bhreatain Bheag faoi 2050 '