Ní fios don Roinn Pobal an bhfuil Ultais ag painéal saineolaithe a d’ullmhaigh straitéis don Ultais

Léiríonn cáipéisí a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise nach féidir leis an Roinn Pobal ó thuaidh a rá cé acu an raibh nó nach raibh labhairt na hUltaise ag comhairleoirí a cheap siad chun straitéis don Ultais a fhorbairt

Ní fios don Roinn Pobal an bhfuil Ultais ag painéal saineolaithe a d’ullmhaigh straitéis don Ultais

Ní fios don Roinn Pobal ó thuaidh an raibh cainteoir Ultaise ar bith i measc na ndaoine a ceapadh ar a bpainéal comhairleoirí chun straitéis don Ultais a fhorbairt.

Léiríonn cáipéisí a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise nach raibh an Roinn Pobal in ann a dheimhniú go raibh labhairt na hUltaise ag aon duine de na comhairleoirí a ceapadh chun moltaí a dhéanamh faoin straitéis Ultaise.

An Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt (CAJ), eagraíocht cearta daonna ó thuaidh, a d’fhiafraigh den Roinn cé mhéad de na daoine a d’ullmhaigh an tuarascáil faoin straitéis don Ultais a raibh labhairt na hUltaise acu.

Lorg CAJ an t-eolas mar go bhfuil imní orthu go bhfuil nasc á dhéanamh idir an Ultais agus traidisiún an aontachtais pholaitiúil seachas a bheith ag díriú ar chaomhnú na hUltaise féin.

In 2020 a cuireadh tús leis an obair ar an straitéis don Ultais agus ar an straitéis don Ghaeilge a gealladh faoin socrú New Decade, New Approach.

Deirdre Hargey, iar-aire Pobal de chuid Shinn Féin, a cheap an cúigear ar an phainéal ‘sainchomhairleach’ ar cuireadh mar dhualgas orthu moltaí a chur le chéile faoin straitéis don Ultais. Rinneadh a leithéid de shocrú ag an am céanna don straitéis atá le hullmhú don Ghaeilge.

Tá na moltaí ar fáil in dhá thuarascáil a foilsíodh ar shuíomh na Roinne Pobal; Moltaí maidir leis an Straitéis don Ghaeilge – Tuarascáil an Phainéil Chomhairligh Shaineolaigh agus Ettlins fur the Ulster-Scotch plon fur oor leid, heirskip an cultur – Report o the Expert Adwisory Fivesome.

Ní raibh aon fhreagra ag an Roinn Pobal ar cheist an CAJ faoi líon na gcomhairleoirí a raibh Ultais nó Albainis acu, agus mhol an roinn an cheist a chur arís mar iarratas faoin reachtaíocht saoráil faisnéise.

Dúirt stiúrthóir CAJ, Daniel Holder, go raibh sé “soiléir” gur cainteoirí Gaeilge iad na daoine a thug faoin tuarascáil maidir leis an straitéis don Ghaeilge ach nárbh amhlaidh an scéal i gcás na ndaoine a ceapadh d’ullmhú na straitéise Ultaise.

Nuair a lorg Holder an t-eolas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, dúirt an Roinn Pobal nach raibh aon eolas acu faoin scéal.

“I ndiaidh cuardach a dhéanamh ar thaifid pháipéir agus ríomhaire, tuigtear dom nach bhfuil an t-eolas atá á lorg agat ag an Roinn seo,” a dúradh.

Is iad Ian Crozier, Príomhfheidhmeannach Ghníomhaireacht na hUltaise, an Dr Frank Ferguson, Institiúid na hUltaise in Ollscoil Uladh, an Dr David Hume, staraí agus scríbhneoir, Helen Mark, craoltóir de chuid an BBC agus Lee Reynolds, iarchomhairleoir de chuid Arlene Foster, iarcheannaire an DUP, a bhí ar an phainéal comhairleach a bhí ag obair ar an straitéis Ultaise.

Mhol an painéal comhairleoirí gurb é an réimse a bheadh ag an Choimisinéir Ultaise ná “an teanga, an oidhreacht agus an cultúr” seachas “an teanga, na healaíona agus an litríocht”.

Deir CAJ gur cosúil go raibh an t-athrú cur chuige a mhol an painéal bunaithe ar an tuiscint go n-aithneodh Rialtas na Breataine lucht na hUltaise mar ghrúpa eitneach seachas mar mhionlach teanga, rud a tharla nuair a tugadh reachtaíocht féiniúlachta agus teanga nua isteach in Westminster anuraidh.

Deir CAJ gur údar imní an cur chuige a thugann tús áite do chultúr grúpa eitneach ar leith seachas do chaomhnú agus cur chun cinn na hUltaise féin.

Tá an baol ann go ndéanfar “rud seicteach” den Ultais, dar le Holder.

“Téann sin in aghaidh an méid a bhíonn á rá ag lucht na Gaeilge agus lucht na hUltaise – sin gur le gach duine an Ghaeilge agus an Ultais. A mhalairt atá ag tarlú i gcás na hUltaise.

“D’éirigh leis an DUP margadh a dhéanamh ar leataobh ó na cainteanna faoi New Decade, New Approach, a d’fhág go n-aithneofaí mar ghrúpa eitneach lucht na hUltaise.

“An rud atá ag tarlú go soiléir ná go bhfuil uirlis pholaitiúil á déanamh den Ultais agus go bhfuil sí á ceangal chomh mór sin leis an aontachtas agus an dílseachas.”

Dúirt Holder go bhfuil “obair chaomhnaithe” agus “pleanáil teanga” de dhíth chun an Ultais a chur chun cinn.

“Tá traidisiún teangeolaíoch ann, traidisiún béil den chuid is mó –  canúint de chuid na hAlbainise a bhíonn á labhairt ag Caitlicigh agus Protastúnaigh, ag daoine amach san aois den chuid is mó,  i gceantar beag tíreolaíochta ar chósta Aontroma.

“An rud atá de dhíth ná obair chaomhnaithe agus pleanáil teanga, ach ina áit sin tá athrú mór déanta go dtí cur chuige eile a dhéanann rud seicteach den teanga,” ar sé.

Deir an CAJ nach bhfuil aon ní sa reachtaíocht teanga agus féiniúlachta a thabharfadh le fios go gcaithfeadh labhairt na hUltaise a bheith ag Coimisinéir na hUltaise agus a fhoireann rud a chiallaíonn go bhféadfaí a bheith “sa chás áiféiseach” nach mbeadh Ultais ag Coimisinéir na hUltaise.

Deir CAJ go bhfuil dualgais ar leith faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh maidir lena chinntiú go mbíonn polasaí na hUltaise ag teacht le riachtanais agus mianta cainteoirí Ultaise.

In ainneoin sin, a deir CAJ, deir an Roinn Pobail nach eol dóibh cé mhéad den chúigear ar a bpainéal comhairleoirí ar cainteoirí Ultaise iad.

30,449 duine a mhaígh sa daonáireamh deireanach go labhraíonn siad Ultais gach lá – 1.66% de dhaonra Thuaisceart Éireann.

10,409 duine a mhaígh gur labhair siad Ultais go seachtainiúil agus 17,811 a dúirt gur labhair siad níos lú ná sin í.Den 61,032 duine os cionn trí bliana a dúirt go bhfuil Ultais acu dúirt 2,363 nár labhair siad in aon chor í. I dtoghcheantar Chósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte a bhí an líon agus an céatadán is mó daoine a dúirt gur labhair siad Ultais gach lá. 6,390 duine sa cheantar sin, nó 4.66%, a dúirt gur cainteoirí laethúla Ultaise iad.

I gCathair Dhoire agus An Srath Bán a bhí an céatadán is lú cainteoirí laethúla Ultaise –0.77%, nó 1,143 duine.

Gaeilgeoirí iad ar fad na daoine a ceapadh leis an straitéis don Ghaeilge a fhorbairt; Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Jake Mac Siacais, gníomhaí pobail agus teanga, Dr Janet Muller, Stiúrthóir Pobail, Dr Gabrielle Nig Uidhir, Léachtóir in Ollscoil Naomh Muire, agus an tOllamh Malachy Ó Néill, Ollscoil Uladh.

Fág freagra ar 'Ní fios don Roinn Pobal an bhfuil Ultais ag painéal saineolaithe a d’ullmhaigh straitéis don Ultais'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Nach maith an feisteas gaelach agus an ceol gaelach sa phictiúr.
    Ní mór tógaint ar an tuiscint gur fearann comhroinnte gaelach atá i gceist le hÉirinn, Albain agus Oileán Mhanann.

  • Aonghus

    Ní hiontas nach bhfuil cainteoirí Ultaise ar an bpainéal comhairleoirí mar nach teanga bheo í an Ultais. Is cuma sa tsioc le haondachtaithe fuithi, níl inti ach patois atá á húsáid acu mar dhris sa chosán ar stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge.

    Tá tírdhreach Ulaidh breac le logainmneacha Gaelacha, ceantair dhílseacha san áireamh, ach ní maith le haontachtaithe an bunús Gaelach atá ag a n-áitainmneacha; a leithéidí Ballymena, Ballymoney agus Belfast, a aithint mar go mbeadh seo ag teacht salach ar an mana ‘Ulster is British’.

    Mar an gcéanna le Arlene Foster nuair a bronnadh an gradam Baroness Foster of Aghadrumsee uirthi. Ní raibh a fhios aicise ach oiread an bhrí le hainm a háit dhúchais mar go gcaithfeadh sí aitheantas a thabhairt do chúlra Gaelach Ulaidh chun sin a mhíniú.

    Frith-Ghaelachas atá anseo agus dílseoirí diongbháilte, má bhíonn comharthaí Gaeilge ar crochadh ar fud an tuaiscirt ag cur ar a súile bunús Gaelach a n-áitainmneacha go mbeidh comharthaí Ultaise thuas freisin cuma mura bhfuil iontu ach aistriúchan ar an mBéarla agus gan ansin ach foghraíocht ar an nGaeilge.

  • Seán Mag Leannáin

    Ó ghaois go baois, an iarracht seo an Ultais a ionannú leis an nGaeilge. An cor is déanaí sa scéal taispeánann sé cé chomh háiféiseach is atá an iarracht seo. Ní gá go mbeadh Ultais ag Coimisinéir na hUltaise!

  • Seán Mag Leannáin

    An iarracht seo an Ultais a ionannú leis an nGaeilge ní iarracht é cothroime ómóis a thabhairt don dá thraidisiún – is iarracht é cothroime dímheasa a spreagadh don bheirt acu araon.