‘Ní fhacthas a leithéid riamh cheana’ – os cionn 10,000 freagra faighte ag an Roinn Oideachais faoi dhíolúine na Gaeilge

Is é an suirbhé faoi dhíolúine na Gaeilge an próiseas comhairliúcháin poiblí de chuid na Roinne ba mhó ar léiríodh suim ann riamh, rud a mheastar a chuirfidh tús le díospóireacht eile faoin nGaeilge éigeantach

‘Ní fhacthas a leithéid riamh cheana’ – os cionn 10,000 freagra faighte ag an Roinn Oideachais faoi dhíolúine na Gaeilge

Os cionn 10,000 freagra a fuair an Roinn Oideachais ón bpobal faoi cheist dhíolúine na Gaeilge, an líon is mó freagraí a fuair an Roinn riamh i bpróiseas comhairliúcháin poiblí.

B’údar sásaimh don Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh an tsuim a léirigh an pobal a gcuid tuairimí a nochtadh.

“Tá an-áthas orm leis maidir leis an leibhéal rannpháirtíochta, nach bhfacthas riamh roimhe, a chruthaigh an comhairliúchán sin. Fuarthas os cionn 10,000 freagra ar an suirbhé ar líne féin,” a dúirt an tAire McHugh.

Tá sé ina imní ag eagraíochtaí teanga le tamall go gcuirfeadh próiseas comhairliúcháin poiblí na Roinne tús athuair leis an díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’.

Cé go ndúirt an tAire Oideachais ag tús na bliana nach mbeadh aon athrú ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, d’fhéadfadh mar sin féin go bhfuil an tuar tagtha faoin tairngreacht anois i bhfianaise líon ollmhór na bhfreagraí ar shuirbhé na Roinne.

Meastar gur ar éigean go mbeadh an oiread sin daoine agus tuairimí láidre acu faoi chóras díolúine na Gaeilge amháin agus gur dócha go bhfuil ceist níos leithne na Gaeilge éigeantaí ag déanamh tinnis dóibh bealach amháin nó bealach eile chomh maith.

Seoladh ar an 7 Nollaig an próiseas comhairliúcháin atá mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ag an Roinn ar chóras dhíolúine na Gaeilge, athbhreithniú a gealladh ar dtús 15 bliain ó shin.

Ba é an 11 Eanáir an chéad sprioc a tugadh do dhaoine an suirbhé ar líne a líonadh. Faoin 4 Eanáir bhí 2,100 freagra faighte ag an Roinn ar an suirbhé agus fógraíodh go raibh síneadh ama eile á chur leis an bpróiseas agus gurb é Dé hAoine seo caite, an 18 Eanáir, an sprioc nua.

Agus an síneadh ama á fhógairt, dúradh gurbh ionann an 2,100 freagra sin agus an próiseas comhairliúcháin de chuid na Roinne ba mhó ar léiríodh suim ann riamh. Tá nach mór a ceithre oiread suirbhéanna eile líonta sa choicís ó cuireadh siar an spriocdháta.

Fuair Conradh na Gaeilge locht ar ghnéithe éagsúla de leagan amach an phróisis agus tugadh cead do dhaoine a n-aighneachtaí a chur faoi bhráid na Roinne. Ní fios dúinn go fóill cén líon acu sin a fuarthas.

Dúirt an tAire McHugh go ndéanfaí “anailís chúramach” ar na freagraí a tugadh ar an suirbhé ar líne agus “ar aon fhaisnéis bhreise” a cuireadh faoi bhráid na Roinne le linn na tréimhse comhairliúcháin. Bunaithe ar an anailís sin déanfar cinneadh, a dúirt sé, an gá aon leasú a dhéanamh ar na dréachtchiorcláin nua a d’fhoilsigh an Roinn ag tús an phróisis ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt an tAire go rabhthas ag súil na ciorcláin nua leis na rialacha faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge a fhoilsiú roimh dheireadh na scoilbhliana seo agus a chur i bhfeidhm i Meán Fómhair 2019.

D’admhaigh an Roinn Oideachais ag deireadh na bliana seo caite go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart”. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, le déanaí gur chóir go mbeadh cosc ar dhaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha Eorpacha eile agus go gcaithfí deireadh a chur leis an ‘cleasaíocht’ a bhaineann le córas na díolúine.

De réir figiúirí a fuair Tuairisc.ie, bhí díolúine ón nGaeilge ag 6,416 dalta do scrúduithe na bliana seo caite le hais 5,954 dalta in 2017.

De réir na bhfigiúirí, bhí díolúine ó scrúduithe Gaeilge na hArdteiste ag 3,977 dalta i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu. Rinne 58% acu sin, 2,338 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis.

De réir mholtaí na Roinne i dtaobh na ndréachtchiorclán nua, ní fhéadfadh dalta óg díolúine a fháil ón nGaeilge ach amháin sa chás go mbeadh deacrachtaí “suntasacha” foghlama le tamall maith aige agus é i rang a trí ar a laghad. Chaithfí a chinntiú chomh maith go bhfuair an dalta óg teagasc sa Ghaeilge a bheadh oiriúnach dá riachtanais go dtí sin.

Táthar ag moladh chomh maith go bhfaighfí réidh leis an ngá atá ann faoi láthair tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge. Moltar leis nach n-úsáidfí feasta tástálacha IQ mar bhonn le díolúine.

Tá sé ina imní dá nglacfaí leis an moladh sin go bhféadfadh brú níos mó a bheith feasta ar scoileanna agus ar phríomhoidí díolúintí a cheadú.

Moltar san athbhreithniú freisin go mbeadh an cead díolúine ag daltaí as tíortha eile teoranta dóibh siúd a a fuair a gcuid bunoideachais taobh amuigh den stát ag daltaí go dtí 12 bliain d’aois, seachas 11 bliain mar atá faoi láthair.

Ina theannta sin, moltar go dtabharfaí córas achomhairc isteach do dhaltaí a ndiúltaíonn a scoil díolúine ón nGaeilge dóibh.

Bheadh díolúine ar fáil chomh maith do pháistí atá ina dteifigh agus do chlann taidhleoirí thar tír isteach.

Cé go ndúirt daoine ó eagraíochtaí teanga a labhair le Tuairisc.ie go raibh cuid mhaith a bhí le moladh i bplécháipéis na Roinne, bhí siad buartha gurbh amhlaidh go bhféadfadh moltaí áirithe ann an córas a dhéanamh níos scaoilte fós.

Fág freagra ar '‘Ní fhacthas a leithéid riamh cheana’ – os cionn 10,000 freagra faighte ag an Roinn Oideachais faoi dhíolúine na Gaeilge'

  • Béarla teanga an Stáit

    Tá fhios ag an Aire Kyne go mbíonn 99.5% des na Díospóireachtaí Dála i mBéarla agus go bhfuil diolúine ón Ghaeilge tugtha ag Alt 8 den bhunreacht don Státchóras ar fad.
    Ar a laghad is faoiseamh ón chur i gcéill náisúnta faoin Ghaeilge a thugann an diolúine dóibh siúd a iarann a leithéid.