‘Cuirtear cosc ar dhaltaí le díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha eile’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Tá admhaithe ag an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí ‘mícheart’

‘Cuirtear cosc ar dhaltaí le díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha eile’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Ba chóir go mbeadh cosc ar dhaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha Eorpacha eile, dar le hAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Ag labhairt dó leis an Irish Dail Mail, dúirt an tAire Stáit go gcaithfí deireadh a chur leis an ‘cleasaíocht’ a bhaineann le córas an díolúine agus nár cheart cead a thabhairt do dhaltaí clárú do ranganna Gearmáinise nó Fraincise sa chás go bhfuil díolúine faighte ón nGaeilge acu ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama acu.

Dúirt Kyne gur léir go bhfuil fadhb mhór le córas dhíolúine na Gaeilge, córas a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais faoi láthair air.

“Is soiléir go bhfuil fadhbanna suntasacha leis an gcóras atá faoi láthair ann agus tá sé ag dul deacair orm a thuiscint conas is féidir le dalta a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu dul ar aghaidh agus staidéar a dhéanamh ar theanga nó teangacha eile.

“Níl foghlaim na Gaeilge aon phioc níos deacra ná foghlaim teangacha eile agus dar liomsa, tá sé níos éasca ná mar atá go leor teangacha eile,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne leis an Irish Dail Mail.

Mar a tuairiscíodh anseo cheana, tá admhaithe ag an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilgea thugtar do dhaltaí “mícheart”.

Agus tús á chur ag an Roinn ag deireadh na bliana seo caite le próiseas comhairliúcháin poiblí faoina bhfuil i ndán do chóras díolúine na Gaeilge, thug siad le fios gur léirigh a gcuid taighde go mbíonn an díolúine a thugtar do bheirt as gach cúigear “mícheart” nó nach mbíonn “dóthain fianaise” ag tacú leis.

Léirigh an t-athbhreithniú a rinneadh ar an gcóras gur minic a bhaintear leas as cineálacha riachtanas oideachais speisialta chun díolúine a fháil nuair nach bhfuil na riachtanais sin aitheanta faoi na rialacha atá  faoi láthair ann.

Aithníodh san athbhreithniú chomh maith go ndéanann go leor scoláirí a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu staidéar ar theangacha eile agus go mbíonn deacrachtaí móra ag príomhoidí scoile leis an gcóras atá faoi láthair ann a chur i bhfeidhm.

An toradh a bhíonn air sin, ná go mbíonn “éiginnteacht agus easpa comhsheasmhachta” ag baint le ceadú na ndíolúintí agus “uaireanta” go dtugtar díolúintí do dhaltaí “ar bhonn mícheart”.

De réir na gcás-staidéar a rinne an Roinn mar chuid de thaighde an athbhreithnithe 40% de na díolúintí a bhí “mícheart” i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna. D’fhágfadh sin, de réir anailís na Roinne féin, go raibh díolúine “mícheart” ón nGaeilge anuraidh ag thart ar 2,500 dalta Ardteiste.

De réir na moltaí atá curtha faoi bhráid an phobail ag an Roinn, moltar nach bhféadfadh dalta óg díolúine a fháil ón nGaeilge ach amháin sa chás go mbeadh deacrachtaí “suntasacha” foghlama le tamall maith aige agus é i rang a trí ar a laghad. Chaithfí a chinntiú chomh maith go bhfuair an dalta óg teagasc sa Ghaeilge a bheadh oiriúnach dá riachtanais go dtí sin.

Táthar ag moladh chomh maith go bhfaighfí réidh leis an ngá atá ann faoi láthair tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge. Moltar leis nach n-úsáidfí feasta tástálacha IQ mar bhonn le díolúine.

Tá sé ina imní áfach dá nglacfaí leis an moladh sin go bhféadfadh brú níos mó a bheith feasta ar scoileanna agus ar phríomhoidí díolúintí a cheadú.

Tháinig ardú nach mór 8% ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge anuraidh i gcomparáid le scrúdú na bliana 2017.

De réir figiúirí a fuair Tuairisc.ie, bhí díolúine ón nGaeilge ag 6,416 dalta do scrúduithe na bliana seo caite le hais 5,954 dalta in 2017.

De réir na bhfigiúirí, bhí díolúine ó scrúduithe Gaeilge na hArdteiste ag 3,977 dalta i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu. Rinne 58% acu sin, 2,338 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis.

Deacrachtaí foghlama ba chúis le díolúine ón nGaeilge a bheith ag 62% de na daltaí a raibh a leithéid acu.

 

Fág freagra ar '‘Cuirtear cosc ar dhaltaí le díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha eile’ – Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Colin Ryan

    B’fhéidir nach ndéanfaí leigheas ar an scéal mura múinfí an Ghaeilge mar theanga bheo ar féidir sult a bhaint aisti, go háirithe sna bunranganna. Chabhródh sin le deireadh a chur leis an diúltachas. Ach cá bhfaighfí na múinteoirí fíorlíofa chuige?