Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh Phil Hogan ag filleadh ar an Eoraip

Níl againn ach breathnú ar idirbheartaíocht na seachtaine seo caite faoi na postanna sinsearacha eile san Aontas lena thuiscint go bhfuil cúrsaí athraithe ag leibhéal na hEorpa

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh Phil Hogan ag filleadh ar an Eoraip

Phil Hogan. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá feirmeoirí mairteola na tíre feargach le Phil Hogan. Ní maith leo an socrú atá déanta ag an Aontas Eorpach le tíortha i Meiriceá Theas ar a dtugtar Mercosur. Cuirfidh an margadh as d’ioncam fheirmeoirí sa tír seo agus dar le hionadaithe an tionscail sin tá go leor den mhilleán ar Choimisinéir na hÉireann Phil Hogan, toisc nár throid sé níos fíochmhaire in aghaidh an tsocraithe.

Scéal thairis acu go bhfuil dualgas ar Choimisinéirí feidhmiú ar bhonn Eorpach agus a gcúlra náisiúnta a fhágáil ina ndiaidh mar chuid dá gcuid cúraimí. Ní mar sin a bhíonn ar ndóigh!

Bíodh sin mar atá, tá Coimisinéir nua Eorpach le hainmniú mar chuid den phróiseas atá ar siúl in institiúidí an Aontais ar fad faoi láthair. Tar éis an chruinnithe rialtais an tseachtain seo dheimhnigh an Taoiseach Leo Varadkar go raibh sé i gceist Phil Hogan a ainmniú mar Choimisinéir ar feadh tréimhse cúig bliana eile. Tuigtear go ndearna an Taoiseach teagmháil le Teachtaí chomhaontas na neamhspleách ar an Luan agus nár chuir siad in aghaidh a mholadh go n-ainmneofaí Hogan an athuair. ’Sé Pádraig Flynn an t-aon Choimisinéir de chuid na tíre seo a ainmníodh don dara téarma riamh roimhe seo.

Ceapadh an tráth sin nach mbeadh le déanamh ach dul sa tóir ar cheann de na cúraimí sinsearacha taobh istigh den Choimisiún. Dúirt an Taoiseach go dteastaíonn plúr na hÉireann san Eoraip sna blianta seo romhainn agus gurb í sin an aidhm a bheadh ag an rialtas. Chuirfí béim ar leith ar a chinntiú go mbeadh tionchar ag an gcoimisinéir s’againne ar chúrsaí buiséid nó airgeadais ar bhealach éigin. Beidh an Coimisinéir nua ag feidhmiú le linn tréimhse éiginnteachta an Bhreatimeachta agus cé gurb é leas na hEorpa a  bhíonn mar chúram ar na daoine thall, ní dhéanann siad dearmad ar cé dár díobh iad. Céard a chiallaíonn sé sin? Go mbeidh Phil Hogan in ann cás na hÉireann a choinneáil i lár an aonaigh má theastaíonn sin?

Chuir caint na mná atá ainmnithe mar Uachtarán ar an gCoimisiún Ursula von der Leyen cor sa scéal an tseachtain seo. Dúirt sí agus í ag caint i bParlaimint na hEorpa go mbeadh an Coimisiún nua roinnte go cothrom idir fir agus mná. Chuige sin teastaíonn uaithi go gcuirfeadh na ballstáit ar fad dhá ainm chun cinn don Choimisiún. An gcuirfidh sin brú ar Varadkar bean a ainmniú?

Níl againn ach breathnú ar idirbheartaíocht na seachtaine seo caite faoi na postanna sinsearacha eile san Aontas lena thuiscint go bhfuil cúrsaí athraithe ag leibhéal na hEorpa.

Ainneoin meas a bheith ar Phil Hogan ag an rialtas anseo sa mbaile agus san Aontas Eorpach is críonna an té a chuirfeadh airgead ar cé a ainmneofar nuair a bheidh an chaint ar fad déanta.

Fág freagra ar 'Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh Phil Hogan ag filleadh ar an Eoraip'