‘Ní féidir glacadh leis seo’ – ceisteanna móra le freagairt faoi dhualgas reachtúil RTÉ i leith TG4

Deir Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge ‘nach féidir glacadh leis’ go mbeadh an dlí á shárú ag RTÉ i dtaobh a ndualgas i leith TG4 agus deir an saineolaí reachtaíochta an Dr John Walsh gur chóir don BAI an scéal a iniúchadh

‘Ní féidir glacadh leis seo’ – ceisteanna móra le freagairt faoi dhualgas reachtúil RTÉ i leith TG4

Tá ceisteanna móra le freagairt ag RTÉ i bhfianaise eolas nua a léiríonn go bhfuil ag teip orthu a ndualgas reachtúil maidir le cláir a sholáthar do TG4 a chomhlíonadh.

Dar le Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an Teachta Dála Catherine Connolly “nach féidir glacadh leis” go mbeadh an dlí á shárú ag RTÉ i dtaobh a ndualgas i leith TG4 agus na Gaeilge.

Dúirt an sochtheangeolaí agus saineolaí ar chás na Gaeilge i gcúrsaí craoltóireachta, an Dr John Walsh gur cheart d’Údarás Craolacháin na hÉireann iniúchadh a dhéanamh ar cheist sholáthar RTÉ do TG4.

De réir an Achta Chraolacháin 2009, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a sholáthar saor in aisce do TG4 in aghaidh na bliana, ach de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise níl ag éirí leo an líon sin clár a chur ar fáil don chraoltóir Gaeilge.

De réir eolas a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, 278 uair an chloig de chláir a chuir RTÉ ar fáil do TG4 in 2016.

Maidir le 2017, thug RTÉ le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon fhaisnéis acu i dtaobh líon na gclár a cuireadh ar fáil do TG4 an bhliain áirithe sin, ach bunaithe ar chaiteachas RTÉ ar chláir do TG4, dealraíonn sé gur lú an soláthar a rinneadh in 2017 ná in 2016.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go raibh ceisteanna móra le freagairt ag RTÉ maidir lena ndualgas reachtúil i leith TG4 agus maidir leis an dualgas de réir dlí atá orthu féin ‘réimse cuimsitheach clár’ i nGaeilge a chraoladh.

 

“Ní féidir glacadh leis nach bhfuil an craoltóir náisiúnta ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith an tsólathair clár atá á chur ar fáil acu do TG4. Ar bhealach, ní chuireann sé iontas orm mar nuair a bhí ionadaithe de chuid RTÉ os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí i mbliana, d’admhaigh

stiúrthóir de chuid RTÉ nach raibh a ndualgais féin á chomhlíonadh ach an oiread maidir le cláir Ghaeilge.

“Tá sé sin ráite aige agus d’admhaigh sé go poiblí é os ár gcomhair.”

Tagairt ab ea é sin do ráiteas a rinne Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings mí na Bealtaine maidir le líon na gclár Gaeilge an chraolann RTÉ féin.

Dúirt Jennings an uair sin nach bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a dhualgais maidir le craoladh clár Gaeilge.

Ba é sin an chéad uair le fada ag bainisteoir sinsearach de chuid an chraoltóra géilleadh go bhfuil easnaimh ina sholáthar ó thaobh na Gaeilge.

I bhfianaise admháil Bhainisteoir Ábhar an chraoltóra nach bhfuil an sainchúram atá orthu ó thaobh na Gaeilge á dhéanamh mar ba chóir acu, dúirt an Dr John Walsh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gur soiléire ná riamh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ.

Maidir leis an tuairisc a foilsíodh ar an suíomh seo ar maidin i dtaobh sholáthar reachtúil RTÉ do TG4, dúirt Walsh gur léir gurb amhlaidh an scéal sa chás sin.

“Faoin Acht Craolacháin 2009, tá sé de dhualgas ar RTÉ uair an chloig in aghaidh an lae de chláracha a sholáthar do TG4. Is léir ón eolas a thug RTÉ do Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nach bhfuil an dualgas reachtúil seo á chomhlíonadh acu,” a dúirt an Dr John Walsh, saineolaí ar chás na teanga sa reachtaíocht.

Dúirt an Dr Walsh le Tuairisc.ie go raibh “feidhm” ag Údarás Craolácháin na hÉireann “faoina bhféadfadh sé cur i bhfeidhm na forála faoi RTÉ agus TG4 a thástáil”.

“Faoi ailt 101 agus 102 [den Acht Craolacháin 2009] caithfidh RTÉ ‘ráiteas seirbhíse poiblí’ agus ‘gealltanais feidhmíochta’ a dhéanamh go bliantúil. Tá seirbhísí Gaeilge luaite go soiléir sna gealltanais is déanaí a d’fhoilsigh RTÉ in 2017.

“Faoi alt 124 (5), is gá don Údarás athbhreithiú bliantúil a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas sin agus mar sin, chítear domsa go bhféadfadh an tÚdarás aird a tharraingt ar alt 120 maidir le soláthar cláracha do TG4. Dar ndóigh, d’fhéadfaí an fheidhm sin a úsáid chun gnéithe eile de sheirbhísí Gaeilge RTÉ a iniúchadh chomh maith,” a dúirt an Dr John Walsh.   

Deirtear in alt 120 den Acht Craolacháin 2009:  “Déanfaidh RTÉ bunábhar clár Gaeilge a chur ar fáil do TG4, de réir cibé méideanna agus cíbe tráthanna a chomhaontóidh siad, ar méideanna agus tráthanna iad a mbeidh de thoradh orthu ina dtuairim, méid is comhionann le huair an chloig de bhunábhar clár den sórt sin a bheith á chur ar fáil go laethúil ag RTÉ do TG4”.

Fág freagra ar '‘Ní féidir glacadh leis seo’ – ceisteanna móra le freagairt faoi dhualgas reachtúil RTÉ i leith TG4'